Madonna; Graham Norton; Stephen Fry; Dara O’Brian- is liosta le háireamh é an méid daoine cáiliúla atá tar éis tacaíocht phoiblí a thabhairt do Rory O’Neill (nó Pandora Panti Bliss, doctor mar a thugtar air), prostate mar gheall ar an óráid a thug sé in Amharclann na Mainistreach le déanaí.

Thug Panti óráid den chéad scoth san amharclann mar gheall ar an leatrom a bhaineann le daoine aeracha sa tír seo, cialis na cearta is ceart a bheith acu, agus an cnámh spairne is mó a shamlaítear leis an scéal seo ná homafóibe. Caithfidh mé a rá gur mhúscail an óráid an oiread feirge ionam agus gur chuir sí i mbun pinn mé. Ní chóir go mbeadh reifreann bunreachta in Éirinn chun cearta a thabhairt do dhream éigin, ba chóir go mbeadh na cearta acu cheana féin agus iad ina gcónaí sa tír seo agus iad ina gcáiníocóirí sa tír. Ní féidir a shéanadh go bhfuil fadhbanna ollmhóra ag daoine aeracha in Éirinn, cosúil le Rory O’Neill, ó thaobh cearta de mar aon leis an gclaontacht agus an fhimínteacht lena gcaitear leo. Feictear homafóibe in aon áit nach bhfuil cearta ag duine aerach. Mothaítear homafóibe cibé áit a luaitear iad mar ghrúpa ar leith. Cloistear homafóibe cibé áit a ainmnítear pósadh aerach mar aoir.

Níor ghlac Panti leis an gcomhcheilig thosta a raibh in ann dó. Scaipeadh an óráid ar fud an domhain agus is geall le  ceathrú milliún duine atá tar éis í a fheiceáil.  ‘Panti’s Noble Call at the Abbey Theatre’ an t-ainm atá uirthi agus athrófar an todhchaí in Éirinn mar gheall uirthi.