Mór is fiú cluas éisteachta a thabhairt dóibh

I rith aimsir na dianghlasála, bhí cumha orm i ndiaidh mo chairde, na Pop-Up Gaeltachtaí, agus na Gaeltachta í féin, go ndeachaigh mé i muinín an phodchraolta Gaeilge. Cheal bheith i gcomhluadar lucht labhartha na Gaeilge, bhí mé ag iarraidh rabhartaí deasa na teanga a chluinstin gach lá mar ba ghnách liom, agus thógfadh clár nó dhó an cian díom go ceann tamaill ar a laghad, cheap mé.

Tá an chuma ar an scéal nach mise an t-aon duine amháin a cheap amhlaidh: dar le roinnt podchraoltaí Gaeilge, tá méadú suntasach i ndiaidh teacht ar an lucht éisteachta s’acu ó cuireadh srianta na dianghlasála i bhfeidhm. Ní nach ionadh i ndáiríre, nó mar atá a fhios ag Dia, bhí ár ndóthain ama le meilt againn le cúpla mí anuas.

Bhíodh suim agam riamh cluas éisteachta a thabhairt don phodchraoladh, ach chuirinn an gníomh ar an mhéar fhada. Bhíodh drogall orm uair an chloig nó cibé fad cláir a bhí ann a chur i leataobh chun suí síos agus éisteacht leis. Fá dheireadh, áfach, tháinig mé ar uair a d’fhóir dom chun m’aird a thabhairt ar chlár dá leithéid agus mé amuigh ag siúl le mo chluasáin tarraingthe anuas orm. Ó shin i leith, tá mé tógtha go deo leis!

Samhlaím an podchraoladh a bheith lonnaithe leath bealaigh idir an leabhar agus an clár teilifíse ar réimse na meán cumarsáide, mar dhea. Is éard is mó a thaitníonns liom fá dtaobh de ná an dóigh a bhfuil sé níos scaoilte, níos réchúisí ná cláracha raidió gur furasta bheith ag éisteacht leis ar mo shuaimhneas – go deimhin, ní i gcónaí a bhíms sa tóir ar fhaisnéis úr. Is mó de chomhrá a thuganns léargas fá ábhar ar leith atá ann ná agallamh. Tá a bhlas agus a bhealach féin ag gach podchraoladh mar gheall i gcuid nach beag ar an láithreoir s’aige, a bhfuil ról lárnach aige nó aici leis an chomhrá a stiúradh agus cruth a chur ar an phlé. Agus muna bhfuil an t-am agat le héisteacht le clár iomlán d’aon iarraidh amháin, is féidir é a chur ar sos agus teacht ar ais chuige níos déanaí.

Seo thíos trí cinn de na podchraoltaí Gaeilge is mó a bhfuil mé ag baint sult astu le linn aimsir na dianglasála seo.

Ar Leac Mo Dhorais

Podchraoladh machnamhach atá anseo agus é ag freagairt go dearfach don chíor thuthail ina bhfuil an saol anois mar gheall ar ráig Covid-19. Tugann sé ar chamchuairt ó cheann ceann na tíre thú, ag roinnt scéalta ó Ghaeil atá ag caitheamh súil níos géire ar an cheantar mórthimpeall orthu. Is mór an t-ardú croí a thuganns sé, nó taispeánann sé go mbíonns neart le fáil taobh istigh de dhá chiliméadar ach go dtabharfaí suntas dó. Cuireadh ag smaointiú mé ar a bhfuil ar leac mo dhorais féin ar éisteacht leis dom, agus tá mé ar bís m’aghaidh a thabhairt ar cuid de na háiteanna atá luaite ann tráth a thabharfar cead mo chinn dom dul ag taiscéalaíocht arís.

Bí ag súil le scéalta fá stair shainchomharthaí Bhaile Átha Cliath, cur síos ar an tírdhreach álainn atá le fáil i gceantair thuaithe i gCiarraí agus i nDún na nGall, agus béaloideas de bhunús Ard Mhacha, gan ach beagán a lua.

Tá seacht gclár sa tsraith phodchraolta seo agus maireann gach ceann acu thart fá thríocha bomaite nó fána bhun.

Beo Ár Éigean

Gach seans gur tháinig tú trasna ar an phodchraoladh seo cheana féin toisc clú agus cáil a bheith bainte amach aige le cúpla bliain anuas, agus tá sé i ndiaidh dul chomh fada le haerthonnta RTÉ Raidió 1 ar na mallaibh fosta. Ar an phodchraoladh seo, bíonn an triúr ban Siún, Sinéad agus Áine i mbun cainte ar chuile shórt sa tsaol, idir rámhaillí, béadán, machnaimh agus gach aon ní sa lár! Is breá liom chomh béalscoilte is atá na mná, gan srian ar a gcuid tuairimí, rud a thuganns gnáthcomhrá chun cuimhne duit gur geall le bheith ag cúléisteacht atá tú. Is deas na trí chanúintí Gaeilge a chluinstin le hais a chéile chomh maith agus Gaeilge Uladh ag Áine, Gaeilge na Mumhan ag Sinéad agus Gaeilge Chonnacht ag Siún. Tá an Béarla fite fuaite sa chaint i rith ama, ach ba shaoithíneach an té a bhfaighfeadh locht air sin – maise, nach amhlaidh a bhíonns i gcónaí nuair atáthar i gcomhluadar lasmuigh den áit oibre nó den tseomra ranga?

Is measc na clabaireachta, bí ag súil le leithéidí comhráite fá Father Ted, an grá, agus oícheanta fiáine amuigh.

Bíonn clár úr crochta in airde gach seachtain nó mar sin, agus is idir uair agus leathuair an chloig a mhaireanns gach ceann acu.

Fada is Fairsing

Má tá suim agat an Ghaeilge a thabhairt leat thar lear, gach seans go dtabharfaidh an podchraoladh seo leid nó dhó duit. Cúrsaí reatha is mó a bhíonns fáf thrácht aige, ach faoi mar a thugannas a theideal le fios, tá dearcadh idirnáisiúnta ag baint leo. Tiomsaítear scéalta na nGael fud fad na cruinne, scéalta a chaitheanns solas ar phobail na Gaeilge i dtíortha i gcéin, feiceálacht na Gaeilge i measc dioscúrsaí domhanda, agus scéimeanna agus deiseanna fostaíochta thar sáile do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu. Is éard atá le sonrú go soiléir sa phodchraoladh seo ná gur beo beathach don Ghaeilge ar fud an Domhain.

Bí ag súil le scéalta lena n-áirítear eolas fán Choimisiún Fulbright, léargas ar an dlí trí Ghaeilge i Nua Eabharc, agus plé ar lá idirnáisiúnta i gcoinne na homafóibe, mar shamplaí.

Fad leathuair an chloig nó mar sin atá i ngach clár, agus crochtar ceann úr in airde gach seachtain.

Sin iad na trí phodchraoltaí Gaeilge a mholfainn triail a bhaint astu, agus ar ndóigh, tá tuilleadh nach iad atá le fáil – bíodh do rogha agat! Tá na cinn thuasluaite ar fáil ar na closardáin is coitianta, ach is ar Spotify a n-éistim féin leo.

Anna-Clare McGarvey – Eagarthóir Éireannach