D

’fhoilsigh an Cumann Lúthchleas Gael plépháipéar le déanaí darbh ainm “Stádas Amaitéarach agus Íocaíochtaí do Bhainisteoirí Foirne, ” chun ról an bhainisteora sa CLG a phlé agus na híocaíochtaí “mídhleathacha” atá á bhfáil ag roinnt acu a thabhairt chun solais.

De réir bhunreacht an CLG “Ní ghlacfaidh aon imreoir, fhoireann, oifigeach nó bhall le híocaíocht i bhfoirm airgid thirim, nó in aon fhoirm eile i gcomhar le himirt na gcluichí Gaelacha.’’ Tá a fhios ag gach mac máthar áfach go bhfuil bainisteoirí (idirchontae agus clubanna) ar fud fad na tíre ag fáil airgid dá gcuid oibre. Tagann seo salach ar an mbunreacht agus ar cheann de na príomh-bhunphrionsabail ar a bunaíodh an CLG. Is ábhar náire é mar sin agus tá géar-ghá plé a dhéanamh ar an bhfadhb go luath.

Admhaítear sa phlépháipéar go bhfuil airgead á thuilleamh ag bainisteoirí an chumainn go rúnda, agus admhaítear go dtagann seo salach ar an amaitéarachas agus saorálaíochas ar a mbraitheann an CLG. Feidhmíonn an CLG ó lá go lá ar bhonn deonach. I gclubanna i ngach cearn den tír roinneann daoine a gcuid ama go fial flaithiúil ag cur ár gcluichí chun cinn san iliomad slite. Gan an spiorad seo, is boichte a bheadh ár gcluichí, leoga, is boichte a bheadh cultúr na tíre seo. In ainneoin sin, tá ré an amaitéarachais i mbaol. Cheana féin tá foireann fostaithe i bPáirc an Chrócaigh a bhfuil cúramaí riaracháin orthu.

Tá rúnaithe fostaithe ar roinnt bord contae fós, agus ar bharr sin ar fad fostaítear dochtúirí, fisiteiripeoirí, saineolaithe cothúcháin, agus síceolaithe.

Mar aon le gach díospóireacht tá dhá thaobh ann. Táthar ann ag rá go bhfuil an saineolas ceanann céanna ag bainisteoirí faoi leith is atá ag síceolaithe agus traenálaithe gairmiúla; go gcaitheann bainisteoirí an t-uafás ama ar a gcuid cúramaí (ag cailliúint laethanta oibre, ag taisteal, ag déanamh teagmhála le páirtithe éagsúla); is go bhfuil íocaíocht de shaghas éigin tuilte acu. Is cinnte chomh maith go bhfuil an argóint ann, dá gceadófaí na híocaíochtaí, go mbeadh trédhearcacht níos fearr ag baint leo. Tacaíonn John O’Mahoney agus Tommy Carr le híocaíochtaí do bhainisteoirí. Arsa O’Mahoney “Cén fáth nach dtabharfaimís isteach íocaíochtaí dlisteanacha agus an córas a dhéanamh níos trédhearcaí?” Tá ciall ag baint leis an bpointe sin.

Is suimiúil a thabhairt san áireamh chomh maith go dtacaíonn an GPA (aontas oifigiúil na n-imreoirí idirchontae) go hoifigiúil le fíorú na n-íocaíochtaí. Tacaíonn siad leis an dul chun cinn atá déanta ag Páirc an Chrócaigh an fhadhb seo a thabhairt chun solais, agus creideann siad gur cóir na híocaíochtaí a dhlisteanú agus a dhéanamh foirmeálta.

Ar an taobh eile deirtear gurb é seo a chuirfidh tús le híocaíochtaí do na himreoirí agus deireadh iomlán leis an amaitéarachas. Táthar imníoch, má cheadaítear íocaíochtaí do na bainisteoirí nach fada go mbeidh ceist na n-imreoirí á plé. Gurb fada uainn an lá úd. Chomh maith, má chuirtear tús le scéim íocaíochtaí conas a reachtálfar é? An mbeidh íocaíocht ag braith ar an méid airgid atá ag Bord an Chontae? Nó an mbeidh sé ag braith ar an rath a bhíonn ar an bhfoireann sa chraobhchomórtas? Tá bainisteoir Liatroime Barney Breen ag obair chomh dian le Pat Gilroy i mBaile Átha Cliath, ach tá i bhfad níos mó airgid ar fáil do Bhaile Átha Cliath. An bhfuil níos mó airgid tuilte ag Gilroy mar sin?

Tá argóint eile ann áfach go bhfuil níos mó brú ar Gilroy ó thaobh na meán de. Ar chóir dúinn toscaí mar sin a thabhairt san áireamh? I dteannta sin caithfear smaoineamh ar cheart dúinn na roghnóirí a íoc? Duine amháin atá go mór i gcoinne na n-íocaíochtaí ná Brian Cody. Deir Cody gur rogha atá ann bheith i do bhainisteoir, gur onóir atá ann, nach íobairt é in aon chor. Síleann Cody gur ‘tubaiste’ a bheadh ann, airgead a thabhairt do bhainisteoirí.

Caithfear a bheith ag smaoineamh ar na himreoirí chomh maith. Cé nach bhfuilim féin i bhfábhar íocaíochta d’imreoir ar bith, tá an-chuid imreoirí ann ar mhaith leo airgead a thuilleamh ón bpeil nó ón iomáint. Cuir i gcás imreoir idirchontae a chaill a phost anuraidh de bharr iomarcaíochta ach atá ag leanúint air ag imirt leis an gcontae, ag traenáil ar a laghad uair amháin in aghaidh an lae, uaireanta dhá uair. Ní fhaigheann sé ach a chuid costas taistil. Feiceann sé a bhainisteoir a bhíonn leis an bhfoireann trí uaire in aghaidh na seachtaine ag gnóthú €750 gach seachtain. An bhfuil seo cothrom? Is iomaí imreoir nach féidir leis post a fháil ar na saolta seo agus is seo mar a bheidh sé i ngach contae in Éirinn má cheadaítear íocaíochtaí do bhainisteoirí.

Ag filleadh ar an bplépháipéar, tá trí mholadh ag an gCLG i leith na n-íocaíochtaí; 1 – cloí go daingean le rialacha na heagraíochta agus deireadh a chur leis na híocaíochtaí ar fad; 2 – scéim fhoirmeálta a thabhairt isteach a cheadaíonn íocaíochtaí do bhainisteoirí; nó 3 – leanúint ar aghaidh mar atá. Is léir go bhfuil gá le tuilleadh pléite agus tuilleadh díospóireachta ar an ábhar seo, agus is cinnte nach mbeidh gach éinne sásta leis an toradh. Tá súil agam féin, pé scéal, go seachnófar Rogha 3. Dar liom tá sé náireach go bhfuileadar ag breathnú air mar rogha in aon chor. Tá an fhadhb nochtaite anois, caithfear dul i ngleic léi.

CORMAC BREATHNACH

One thought on “Ré an Amaitéarachais Istigh?

Comments are closed.