Ó thús na bliana, tá feachtas á rith ag an Aontas ar son aisghair a dhéanamh ar an ochtú leasú. Thug an leasú cosc bunreachta isteach ar ghinmhilleadh trí aitheantas a thabhairt ar cheart beatha an linbh sa bhroinn. Tá grúpa mac léinn bailithe faoin ainm “Grúpa Mac Léinn COBÁC ar son Ionadaíochta Cothroime” ag iarraidh go nglacfaidh an Aontas seasamh neodrach i leith cheist an ghinmhillte.

D’éirigh le Grúpa Mac Léinn COBÁC ar son Ionadaíochta Cothroime líon na sínithe   chun achainí a dhéanamh chuig Aontas na Mac Léinn reifreann a reáchtáil ar a sheasamh i leith ginmhillte. Tá dáta socraithe ar an reifreann i ndiaidh cur isteach na hachainí. Tá an reifreann le rith le linn Seachtain 8 an seimeastar seo.

Is ballóid dhá bhealach atá ann a iarrann ar bhallraíocht vóta a chaitheamh ar son nó i gcoinne na foclaíochta: “ “Ba cheart d’Aontas na Mac Léinn, An Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath seasamh neodrach a ghlacadh i leith cheist an ghinmhillte”.

Is é an fasach atá ag Aontas na Mac Léinn faoi láthair ná toradh ballóid ceithre bhealach ó 2013. Sa reifreann sin, vótáil an tromlach ar son seasamh ar son rogha a ghlacadh.

______________________________________________________________

Seamus Ó Braonáin  |  Eagathóir Gaeilge