Is tasc fíordheacar é cur síos a dhéanamh ar mo thaithí le UCD Saorálaithe thar sáile. Anuraidh thaisteal mé chuig an Ind theas le VO agus d’oibrigh mé leis na mic léinn eile i ndílleachtlann agus scoil ann. Mhúineamar sa scoil i rith an lae, d’imríomar spóirt i ndiaidh scoile agus rinneamar ceardlanna leis na páistí san iarnóin. Ní dhéanfaidh mé dearmad ar na ceithre sheachtain sin nó ar na páistí agus na daoine ar oibrigh mé leo.

I mbliana bhíos mar ‘Student Leader’ ar an tionscnamh san Ind Thuaidh. Bhí grúpa iontach againn. Réitíomar ar fad an-mhaith lena chéie, bhí an méid sin pearsantachtaí éagsúla agus tuairimí éagsúla sa ghrúpa. D’fhoghlaim mé an-chuid ó na daoine a bhíos ag obair leo. Bhí an obair é féin deacar agus dúshlánach. Bhíomar ag obair in éineacht le grúpa de mhic léinn eolaíocht shóisialta a fhreastlaíonn ar an ollscoile Assam Don Bosco, an áit a bhíomar ag fanacht. Bhí an grúpa ar fad roinnte idir ceithre shráidbhaile. Gach lá chuamar isteach sna sráidbhailte agus rinneamar obair ar an ‘Anganwadi’ sa shráidbhaile. S’éard atá i gceist le ‘Anganwadi’ ná ionad aire do mháithreacha agus páistí san Ind.

Thosaigh an rialtas á dtógáil sa bhliain 1975. Ní raibh na hAngawadis sna sráidbhailte i gcaoi mhaith ar chor ar bith. Leis an t-airgead a bhailigh gach éinne sa ghrúpa d’íocamar as daoine áitiúla chun na díonta agus úrlár ar na Anganwadis a dheisiú. Ansin rinneamar an phéinteáil ar fad. Bhí an obair deacair, go háirithe sa theas agus bhreathnaigh na Anganwadis ar fad go hálainn nuair a bhíomar críochnaithe. Chomh maith leis an bpéinteáil agus dearadh de na Anganwadis, gach lá rinneamar ceardlanna leis na paístí agus daoine fásta sna sráidbhailte. Rinneamar ceardlanna ar thopaicí ar nós, sláinteachas agus glantachas, luach oideachais, achtanna agus cearta, bulaíocht agus béasaí. Rinneamar ranganna Béarla fasta.

Bhí sé go hiontach aithne a chur ar na daoine áitiúla sa shráidbhaile, bhí siad chomh fáiltiúil agus cinéalta. Mhúineamar an-chuid do na daoine seo ach d’fhoghlaimíomar an-chuid uathu freisin. Rud amháin a sheas amach domsa ná go gcuireann na rudaí is simplí áthas orthu. Go minic ceapann daoine go bhfuil airgead nó rudaí luachmhara ag teastáil chun áthas a bheith ort, ach do na daoine seo, cupán tae agus cairde maithe an méid atá ag teastáil agus tá sé sin inspioráideach i mo shúile. Bhí sé go hiontach a bheith tumtha isteach i gcultúr chomh difriúil ó chultúr na hÉireann. Is deis iontach a bhí ann oibriú le mic léinn ón Ind freisin. Tá a lán difríochtaí cultúrtha idir Éirinn agus an Ind. Bhí sé fíorshuimiúil foghlaim faoi shaol an mhic léinn san Ind.

Bhain mé an-taitneamh as mo chuid ama thar sáile le VO. Beidh na cuimhní agus na ceachtanna a d’fhoghlaim mé liom go deo. Táim fíorbhuíoch as an deis iontach a tugadh dom agus níl aon amhras go seasfaidh sé liom go brách.


Lorna Ní Shúilleabhán – Schríbneoir Gaeilge