Cuireann Robbie Murray síos ar an am atá caite aige le foireann shacar na hollscoile…

purchase serif;”>Tá an t-ádh liom imirt le forieann Choláiste na hOllscoile, store Baile Átha Cliath, nó “UCD AFC” mar is fearr aithne uirthi, le blianta anuas. Nuair a tháinig mé isteach sa chumann sacair seo trí bhlian ó shin, bhí a fhios agam láithreach gurbh fhoireann a bhuann rudaí bliain i ndiaidh bliana é. Gan amhras ar bith bhí an caighdeán níos airde anseo in Belfield ná mar a bhí sé le m’fhoireann áitiúil atá páirteach san Airtricty League freisin, Baile Átha Luain. Tá an traeináil i bhfad níos tapúla gach oíche, agus molann na bainisteoirí anseo dúinn imirt ar an mbealach ceart an t-am ar fad. Ceapaim gurb iad na bainisteoirí is fearr dá bhfaca mé riamh sa seomra feistis, agus tá an-mheas ag na himreoirí go léir orthu. Tá go leor meas agamsa ar na peileadóirí, beidh slí bheatha den scoth acu uilig i gceann cúpla bliain, gan amhras. Mar shampla, tá Paul Corry ag imirt thar lear le Sheffield Wednesday tar éis céim thráchtála a bhaint amach in UCD bliain ó shin. 

 

Tá clú agus cáil ar fhoireann sacair na hOllscoile ar fud na tíre. Agus mé sa choláiste seo, bhuaigh mé tri chorn, agus bhain mé dhá chluiche ceannais náisiúnta amach. Bhí séasúr iontach againn i mbliana. Bhuamar comórtas náisiúnta an seimeastar seo (An ‘CUFL’ – Colleges & Universities Football League) . Ghlac na coláistí agus na hinstitiúdí go léir páirt ann agus d’imiríomar in aghaidh foirne a tháinig ó cheann ceann na tíre mar shampla Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge (WIT), Ollscoil Uladh , agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Bhí a fhios againn go raibh foireann iontach againn ag tús na bliana agus go raibh seans againn rud éigean a bhuachaint. Agus leithéidí Robbie Benson, Cillian Morrison, Tristan Dent agus Tómas Boyle de pheileadóirí san fhoireann, (ní raibh aon scanradh orainn). Bhí bealach an-dheacair againn chun na craoibhe agus ní raibh nóiméad éasca againn i rith an comórtais ar fad.

Tá cumann shacar an choláiste dírithe ar an bhfoireann atá páirteach sa sraith Airtricity agus ar an bhfoireann atá páirteach i Sraith Shinsearach Laighin maraon . Mar sin imríonn na peileadóirí go léir sna roinne is fearr sa tír. Is cosúilgo gceapann coláistí eile go ndéantar fabhar dúinn, agus mar sin bíonn siad an-spreagtha ar fad roimh na cluichí inár gcoinne. D’fhág sé sin go raibh an uile cluiche ina dhúshlán mór. Dom féin go pearsanta, áfach, bhí dúshlán ní ba mhó i gceist le cluiche amháin go speisialta – sa leath-chraobh, d’imir mé in aghaidh Choláiste Baile Átha Luain. S’é Átha Luain mo bhaile dúchais, agus bhí go leor cairde agam ar an bhfoireann sin. Bhí siad tar éis Roinn a hAon a chrocadh leo, agus bhí siad siúráilte roimh ré go n-éireodh leo. Buíochas le Dia bhí bua 3-1 againne. Ba ar Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach a thángamar sa chluiche ceannais, an fhoireann dheireanach idir sinn agus an Corn. Chuireamar ard-chluiche dínn – scóráileamar dhá chúl, agus níor scaoileamar tada, rud a d’fhág go raibheamar inár seaimpíní i ndeireadh na dála. Éacht.

Ba mhór liom an t-éacht , ach ní raibh mórán ama agam le gaisce a dhéanamh as 0 tá na cluichí ag teacht go tiubh faoi láthair, agus tá an tsraith gan staonadh i gcónaí – idir Shraith Shinsearach Laighin agus an tSraith Airtricity. É sin ráite, tugadh suntas mór don chlub de thairbhe an éachta seo sa CUFL, agus bhí cúigear againn ar fhoireann idirnáisiúnta na n-Ollscoilleanna Éireannaigh a bhí ag imirt cúpla seachtain ó shin. Go dtéimid ó neart go neart as seo amach!