Tá seachtain an-ghnóthach ar fad ag druidim linn go luath, agus is í Seachtain na Gaeilge í. Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath an 28 Feabhra go dtí an 4 Márta (is é sin Seachtain 7, dóibh siúd sa ChOBÁC a bhfuil scrúduithe lár téarma le déanamh acu an tseachtain sin). Tá an-chuid ar siúl i rith na seachtaine agus beidh fáilte roimh chách, más cainteoir dúchais thú nó más fhoghlaimeoir thú, is cuma. Léigí ar aghaidh más maith libh a thuilleadh sonraí faoi na himeachtaí ar fad!

Dé Luain, An 28ú de Mhí Feabhra

Maidin Caifé, 12-1 i.n., sa Tolglann Domhanda, Ionad Gerard Manley Hopkins: Cuirfimid tús réchúiseach le céiliúradh Sheachtain na Gaeilge le giota beag caiféine! Bígí linn le haghaidh comhrá agus cuimhnigí go bhfuil fáilte roimh gach uile leibhéal Gaeilge labhartha.

Seoladh na Bunreachta Nua, 6-7 i.n., sa Seomra Caidrimh, B214, Áras Newman: B’fhéidir go bhfuil a fhios agaibh go bhfuil bunreacht ag Aontas na Mac Léinn, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCDSU) agus go ndéanann an tAontas gach iarracht cloí le forálacha na Bunreachta. Luaitear sa Bhunreacht, cuir i gcás: ‘The President shall seek to make available an Irish language translation of this Constitution’. Go dtí seo, faraor, níor baineadh é seo amach. Táim sásta le fógairt anois, áfach go mbeidh leagan Gaeilge na Bunreachta ar fáil ón tseachtain seo chugainn. Beimid ag céiliúradh an éachta seo an tseachtain seo chugainn agus beidh an Bhunreacht nua á seoladh againn. Beidh cúpla cainteoir a bhfuil baint acu leis an nGaeilge sa dlí agus le dátheangachas ag an imeacht agus cuirfear bia ar fáil ag an imeacht chomh maith. Bí réidh leis an gcéim bheag seo i dtreo an dátheangachais ar champas a chéiliúradh sa Seomra Caidrimh ar an Luan!

Tráth na gCeist, Tolglann Uí Néill (taobh thuas den Chlubtheach) Ionad na Mac Léinn, 8 i.n. ar aghaidh: Seo clasaic de chuid imeachtaí Sheachtain na Gaeilge thar na blianta! Beidh mic léinn ó Theach na Gaeilge i gceannas ar an imeacht seo. Beidh duaiseanna le buachaint agus piontaí le hól; céard eile a bheadh uait? Bígí linn i dTolglann Uí Néill, thuas staighre sa Chlubtheach agus déanaigí sibh féin a thástáil wúp! 

Dé Máirt, An 1ú lá de Mhí Márta

Oíche Idircholáistí, Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair sa Chathair, 8 i.n. ar aghaidh: Is é seo ár gcéad imeacht don tseachtain nach bhfuil ar champas, mar sin bígí réidh le bhur leapcards chun dul isteach sa chathair! Táimid chun buaileadh leis na hollscoileanna eile, Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Magh Nuad san áireamh sa Chonradh don oíche. Ollscoileanna Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath abú!! Is é seo an t-aon imeacht Sheachtain na Gaeilge atá á reachtáil againn, mar sin bígí cinnte tacú leis!

Dé Céadaoin, An 2ú lá de Mhí Márta

Díospóireacht in éineacht le L&H, Seomra Mhic Gearailt, 6:30 i.n.: Beimid leathbhealach trí Sheachtain na Gaeilge faoin bpointe seo agus céard atá níos fearr ná píosa díospóireachta? Táimid fíorshásta comhoibriú lenár gcomhghleacaí sa chumann L&H ar an imeacht seo. Is é rún na díospóireachta ná: ‘The Future of Irish Lies in the Cities’. An bhfuil todhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht nó an rachaidh an teanga ó neart go neart sna cathracha?? Tagaigí chuig an imeacht seo chun fáil amach! Cé go reachtálfar an óráid trí mheán an Bhéarla ionas gur féidir le gach uile mac léinn na hargóintí a thuiscint, beidh tuairimí an-phaiseanta ar son na Gaeilge le chloisteáil. Bígí linn le haghaidh ábhar machnaimh agus giota beag bia ina dhiaidh! 

Seisiún Ceoil in éineacht le TradSoc, Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair sa Chathair, 8 i.n. ar aghaidh: Fillfimid ar ár mbaile ón mbaile, an Conradh. Beidh an-oíche i gceist leis seo; ceol traidisiúnta ónár gcairde sa Chumann Cheol Traidisiúnta, piontaí agus comhrá faoi pé rud. Bígí ann! Arís, bíonn fáilte chuig gach leibhéal Gaeilge labhartha, mar sin níl leithscéal ar bith ag éinne!

Déardaoin, An 3ú lá de Mhí Márta

Seisiún Ióga, Stiúideo Harmony, Ionad na Mac Léinn, 11 r.n. – 12 i.n.: Gach seans go mbeidh tinneas cinn orthu siúd a bhí sa Chonradh mall an oíche roimhe, ach cén dochar páirt a ghlacadh i seisiún réchúiseach ióga? Tagaigí chuig an imeacht seo chun strus Sheachtain a 7 a laghdú. 

Malartú Teanga, Deardaoin an 3ú de Márta, An Seomra Caidrimh, B214, Áras Newman, 6-7 i.n.: Tá ár gcairde i dTeach na Gaeilge ag teacht le chéile le German Soc, Spanish Soc agus French Soc chun imeacht iontach a reachtáil! Ag an imeacht seo, beidh deis ag daoine buaileadh le daoine úra agus cúpla frásaí I dteangacha eagsúla a fhoghlaim, ach go háirithe sa Ghaeilge. Beidh píotsa agus sólaistí ann chomh maith. Bígí linn!

Turas Mistéire, An Bus ag Fágáil an Charrchlóis 39A ag 10.in.: Imeacht ollmhór atá i gceist leis an gceann seo. Beimid ag dul ar Party Bus (beidh na Venga Boys ar siúl ar an mbus, tá a fhios agat cheana) chuig áit éigin, ach ní féidir liom é sin a nochtadh daoibh go fóill toisc gur rún é! Fágfaimid UCD ag a 10 i.n., rachaimid chuig club oíche sa cheann scríbe rúnda agus fillfimid ar UCD ag a 2 r.n. ar maidin! Níl slí níos fearr ann le deireadh a chur le Seachtain na Gaeilge sa ChOBÁC! Bígí linn!!

Dé hAoine, An 4ú lá de Mhí Márta

Tae is Taoschnónna, An Seomra Caidrimh, B214, Áras Newman: is é leigheas na póite ná tae, taoschnónna (doughnuts) agus comhrá maith. Cuirfimid clabhsúr le céiliúradh Sheachtain na Gaeilge le giota beag tae agus stuif milis! Bígí linn, má tá cúpla focal agat nó fiú mura bhfuil, tá fáilte roimh chách mar is gnáth!

Sin ár n-imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge; tá súil agam go dtiocfaidh cuid agaibh chucu! Ná bíodh drogall ort mura labhair tú as Gaeilge ón Ardteist, tá fáilte roimh chách! Déanaigí cinnte iarracht a dhéanamh an cúpla focal a úsáid fiú taobh amuigh de na himeachtaí. 

Má tá eolas breise ag teastáil ó éinne, téigh i dteagmháil le: 

Louise Mahon, Oifigeach na Gaeilge le hAontas na Mac Léinn sa ChOBÁC 21/22 – louise.mahon@ucdsu.ie

Séan Mac Amhlaoibh, Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh sa ChOBÁC 21/22 – cumann.gaelach@ucd.ie 

Doireann O’Sullivan – Eagarthóir Gaeilge