Wild_Atlantic_Way_LogoChuala mé trácht ar an Wild Atlantic Way don chéad uair i mbrú óige sa Leacht, Contae an Chláir. Bhí scata Méiriceánach ag stopadh ann, agus greim docht daingean ag bean amháin dóibh ar liosta de radharcanna turasóireachta. Ní rabhadar ann dón ólachán, don cheol, don craic ná don thonnmharcaíocht. Bhíodar ann chun Stop #9 arSlí an Atlantaigh Fhiáin a fheiscint – Aillte an Mhothair. Ba bhealach de radharcanna riachtanacha le feiscint í Slí an Atlantaigh Fhiáin dóibhsean. An lá dár gcionn, chuala mé fé don dhara uair, ó lánúin a bhí ag rothaíocht adheas, le cois an chósta, lena mbeirt páistí óga. Ba bhealach rothaíochta í Slí an Atlantaigh Fhiáin dóibh.

 

Cad í Slí an Atlantaigh Fhiáin dúinne? Conas ar tharla sé nach raibh eolas ar bith agam fúithi? Ní mise amháin a bhí aineolach fé, ach bhí mearbhall ar dhúchasaigh an Leachta fiú, agus iad ag breathú ar na comharthaí nua lonracha seo – ‘You are now on the Wild Atlantic Way’. Ba an feachtas turasóireachta is nua de chuid an Roinn Turasóireachta é ag an am, ach de réir dealraimh ní raibh i gceist ach ag cur comhainm ar áiteanna a bhí ann cheana – buaicphointí de chósta iarthar na hÉireann. Ach an t-ainm curtha i leataobh, ní raibh ach ceann nó dhó dosna ‘Stop’ uilig seo ar Slí an Atlantaigh Fhiáin feicthe agamsa, in ainneoin go bhfuilim i mo chónaí anseo, agus ag gabhaíl thart cósta na hÉireann, leis na blianta fada anuas.

 

Seans go bhfuil neamhaird déanta againn ar na radharcanna dochreidte – ó Dhún na nGall go Corcaigh – seo toisc go bhfuil siad ar leac ár ndorais de shíor: Ceann Málainn, Sliabh Liag, Ceann an Mhullaigh Mhóir, Trá na Coime, Aillte an Mhothair, Na Blascaodaí, An Bhoirinn agus an Seancheann chun roinnt dóibh a aithniú. Ní hamháin aillte loma, torann na dtonnta, an aimsir is fearr agus is measa sa tír agus siúlóidí fada rómánsúil atá le fáil sna suíomhana thuasluaite, ach mion-chultúir Éireannach ar sheol na braiche. Tá na háiteanna seo sáite i spóirt uisce (ar nós cadháil, tonnmharcaíocht, snámh nocht is léimt as aillte), raimil óil (le huimhir níos mó tig tabhairne ná tig cónaithe sna baillte), ceol is damhsa gaelach, ceardaíocht traidisiúnta agus bia mamaí.

 

An t-aon buairt atá agamsa, ná go ndéanfaimid feachtas Slí an Atlantaigh Fhiáin a iniúchadh níos grinne. Is iontach an rud é solas a chaitheamh ar na háilleachtaí suntasacha seo trí fhógraíocht a chur chun tosaigh agus ainm cliste a ghlaoch uirthi, ach a luaith is a thosnóidh an lucht gnó, lóistín, is treoraithe ag cur fúthú ar an gcósta aduaidh go deisceart le sprioc brabús a thuilleamh as, loitfimid na hiontaisí nádúrtha seo atá againn. Glaotar slí fiáin uirthi. Tá súil agam nach dtiocfadh athrú ar an gcur síos sin ar maitheas an bhrábúis sna blianta atá romhainn.