Ghlac Caoimhe Seoige páirt i Snámh Phádraig, prostate agus scríobh sí alt dúinn chun eolas a scaipeadh i dtaobh na heachtra seo …

Níl a fhios agam ar thuig chuile dhuine céard a bhí i gceist leis an snámh. Mí Aibreáin atá ann. Bíonn an fharraige feanntach fuar i MÍ LÚNASA, seek ní áirím an tráth seo den bhliain. Ach mar a deir athair Phádraig (is féidir leat blag leis a fheiceáil ag www.caringforpadraig.org ), cialis tá chuile dhuine a rinne an snámh timpeall na tíre ‘stone mad’. Tharla Snámh Phádraig an deireadh seachtaine seo caite. Ba é Baile an Bhrigín an chéad stop. Leag muid cois ar an dtrá timpeall leath uair tar éis a sé ar maidin – formhór againn fós leath inár gcodladh. D’éirigh muid ón mbus go mall – chaith muid níos mó ama ag an gcéad trá ná aon trá eile – ach ní raibh muid in ann é a chur ar an méar fhada ar feadh móráin ama eile. Sheas muid ansin ar feadh cúpla nóiméad, ag breathnú ar a chéile. Ní raibh aon duine ag iarraidh an chinneadh a dhéanamh, nó brú a chur ar aon duine eile sa ngrúpa. Tháinig Aodhán Ó Deá (eagrathóir ‘Snámh’) inár láthair; RITH a bhéic sé, agus ní fhaca mé aon ghrúpa daoine riamh, a léim chomh sciobtha sin, ag baint díobh a gcuid éadaí agus ag tabhairt aghaidh ar an bhfarraige, i mo shaol.

Bhí sé ar nós bheith i warzone de shaghas éigean. Shroich muid an uisce. An screadaíl. Bhí muid inár ndúiseacht anois! D’fhan muid san uisce ar feadh cúpla nóiméad sula raibh orainn bogadh ar aghaidh chuig an gcéad trá eile, thuig muid anois a raibh in ann dúinn. Bhí cúig thrá déag eile fós amach romhainn. Ní bheadh sé éasca – ach b’fhiú go mór é. Ag barr an bhus bhí pictiúr de Phádraig Schaler ag snámh agus é ar an gCeathrú Rua. Faoi láthair tá Pádraig faoi chúram dochtúra in Hamburg na Gearmáine. Gortaíodh go dona i dtimpiste cairr é agus é ar J1 in Cape Cod an Samhradh seo caite. Tá sé i gcóma ó shin. Feileann Hamburg dó agus is cosúil go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh aige.

De réir a chéile thosaigh an snámh ag éirí níos deacra, go háithrithe nuair a bhain muid trá uimhir a sé, Bun Dobhráin Co. Dhún na Gall, amach. Bhí muid fuar, agus bhí na tonnta fiáin. Bíodh mar atá, ar aghaidh linn i ndiaidh sin go gCo. Liatroma. Trá gan ghainneamh. Bhí muid in ísle brí. Ach bhí sé i gcúl ár n-intinn i gcónaí go raibh muid páirteach in éacht iontach. Níor éirigh linn Gaillimh a bhaint amach san oíche Dé hAoine, chríochnaigh muid an oíche i gCo. Mhaigh Eo. Agus muid uilig ag rith síos chuig an dtrá, shamhlaigh mé céard a cheapfadh duine áitiúil a bhí ann. 50 duine, ag rith síos chun na farraige, san fhuacht agus sa dhorchadas, ag bualadh bos. GEALTANNA!

D’fhan muid ag ól go dtí na huaireanta beaga i nGaillimh an oíche úd – rud a chuir aiféal orainn an mhaidin dár gcion! Bhí an mhaidin fhuar ach tháinig feabhas ar an aimsir níos déanaí tráthnóna agus bhain an-áilleacht leis na tránna i nDeisceart na tíre. Tháinig críoch álainn leis an oíche i mBré Chúlainn, áit ar chuir an Harbour Bar and Grill, Bray beatha ar fáil dúinn. Faoi láthair agus mé ag scríobh an phíosa seo tá os cionn €33,000 bailithe ag an snámh. Cuirfear an tsuim airgid seo ar aghaidh chuig theaghlach Phádraig. Is féidir leat urraíocht a dhéanamh orainn tríd leis an nasc seo thíos http://www.idonate.ie/ 766/snamh-phadraig?