Níl ach fiche bliain slánaithe ag Miley Cyrus agus tá an saol ag caint uirthi ar na mallaibh. Rugadh agus tógadh í leis an gclú; b’aisteoir agus amhránaí do Disney í Miley agus í níb óige, pills bhain sí cáil idirnáisiúnta amach sa ról Hannah Montanna agus deirtear gur ghnóthaigh sí níos mó ná $15, malady 000 do gach eipeasóid de. Bhí sí níos saibhre ná a hathair cáiliúil, Billy Ray, agus í cúig bliana déag d’aois.

Feictear fadhbanna ag teacht chun solais go mion is go minic leis na réaltaí óga ón Oileán Úr, áfach. Chaill siad aois a leanbhaoise de bharr gur chaith siad aois na hóige mar shiamsóirí agus chothaigh sé sin fadhbanna dóibh féin. Cuir i gcás Macaulay Culkin agus an cúpla Olsen, bhí orthu teacht i méadaíocht le gach mac agus iníon máthar beo ag faire orthu agus feictear ciallachais mhóra ag eascairt as an míshásacht seo níos moille ina saol.

Le fíordhéanaí is léir go bhfuil Miley i lár géarchéime féinaithne. Nochtadh é seo dúinn sna VMAs i rith an tsamhraidh nuair a chaith sí culaith áiféiseach ar an stáitse mór ann; bhí fo-éadaí lonracha uirthi agus í ag critheadh a tóna lena ceol, nó ag twerkáil, mar a thugtar air. Cheapfeá go raibh sí i gclub damhsa théisiúil agus is follasach go bhfuil sí ag aithris ar Madonna, Rihanna, Lady Gaga agus a macasamhail. Níor bhronnadh aon ghradam uirthi an oíche sin ach tá sí i mbéal an phobail ó shin i leith. An í Miley an fíorbhuaiteoir?

Ní háibhéil é a rá go bhfuil an domhan gafa léi ó shin agus tá sí tar éis níos mó poiblíochta a bhaint amach ná riamh. Dar le Nuacht NBS bhí 306,100 tvuít fúithi ar Twitter in aghaidh an nóiméid ar oíche na VMAs agus d’éirigh léi 100,000 leantóir sa bhreis a fháil ar Instagram an lá dar gcionn fiú. Léiríonn na staitisticí go raibh níos mó Meirceánaigh ag caint uirthi ná ag trácht ar bhuamaí na Siria ag an am. Is féidir aip a fháil anois ar Google Chrome darb ainm “No Miley” a chuireann cosc iomlán uirthi i d’Fhotha Nuachta ar Facebook agus ar a leithéidí.

Is é an t-amhrán Wrecking Ball a heisiúint is úire ar Youtube óna halbam nua Bangerz, albam a bhí suite ag barr na gcairteanna i seachtó tír ar iTunes. Tá an t-amhránaí lomnocht ina físeán is déanaí agus tá an mhír mhullaigh aici anois, toisc 100 milliún lucht féachana a bheith bailithe aige níos tapúla ná aon fhíseán eile ar domhan, agus ní dheachaigh aon duine ina marc go fóill.

Déanann an dream sna luathdhéaga uillín óir de Mhiley agus is cúis imní é sin. Adhmhaíonn sí go mbíonn sí ag glacadh drugaí. Dúirt sí gurbh aoibhinn léi bheith ag caitheamh raithní agus ag baint leasa as an druga Molly. Anuas air sin mhaslaigh sí an amhránaí Éireannach Sinéad Ó Connor ar Twitter le gairid, ag cur i gcéill gurb ionann Amanda Bines agus Sinéad mar tá an bheirt acu ar mire. Ach ba cheist chigilteach í cás  Bines mar bhí sí san ospidéal le meabhairghalar uirthi ar an lá céanna gur maslaíodh í. Bhí tinneas intinne ar Shinéad chomh maith san am atá caite agus tá sí tar éis cúpla litir oscailte a scríobh chuig Miley ag rá nár cheart di a bheith ag spocadh astu agus go bhfuil sí aineolach ar na cúrsaí seo. Is gá a bheith cúramach faoina ndeirtear mar tá modhanna áirithe saoil nach dtuigeann sí, is léir. Is cirte a rá gur cheart do Mhiley fanacht glan ó ábhair conspóideacha nach dtuigeann sí agus nach dtagann aon mhaitheas as an gcibirbhulaíocht.

Tá an t-uafás gustail ag Miley, tá sí faoi luach thart ar $150 milliún. Ba cheart comhairle a chur uirthi ionas go mbeadh nósanna ciallmhara á gcothú aici agus í ag fás aníos amach anseo. Mar bharr ar an donas tá a máthair ina bainisteoir uirthi faraor, agus aontaíonn sí le gníomhartha déanacha a hiníne. Ní heiseamláir mhaith í dá lucht leanúna óg agus is ag dul in olcas atá sí gan smacht.

Tá sé soiléir do chách nach dtuigeann Miley gur féidir léi a hamhráin a dhíol gan dul thar fóir leis na seifteanna seo. Tá bua an cheoil aici agus níl a shéanadh air gur duine ildánach í. Níl an locht iomlán uirthi féin ach ar a comhairleoirí, ar a teaghlach agus ar a cairde. Is gá cabhrú léi bheith níos stuama agus níos saoithiúla. Is féidir léi íomhá tharraingteach agus ghnéasach a chruthú di féin gan féachaint le haird phoiblí a dhéanamh gan snáth uirthi. Tá sí tar éis ciall uirthi féin a chailiúint ach tiocfaidh sí le haois…nó le rehab!