buy viagra serif;”>Tá measúnú ceart cothrom de dhíth anois ar ról an IRA sna Trioblóidí.

 

 

 

store serif;”>Ó thosach a fheachtais i leith, is iomaí uair a d’áitigh Martin McGuinness nár mharaigh sé éinne i rith a thréimhse leis an IRA agus gur tháinig an tréimhse chéanna chun deiridh sa bhliain 1974. Cé acu an gcreidtear é sin nó ní chreidtear, is éard is suntasaí faoi ná go mbraitheann an t-iarrthóir gur mó a sheans an Uachtaránacht a bhaint amach má dhéantar beag is fiú den ról a bhí aige i bhforéigean na dTrioblóidí.

 

Tá cúis nach beag leis sin. Creidtear go forleathan gur ghrúpa seicteach marfach é an IRA nach raibh cúis dá laghad aige don fhulaingt arbh é is bun léi. Creidtear nach ach sceimhlitheoirí a bhí iontu agus gurbh iadsan ba chúis leis an gcoimhlint inar maraíodh na mílte duine thar bhreis is 30 bliain.

 

Ach ní miste coimeád i gcuimhne go bhfuil daoine ar an oileán seo a chreideann gur chóir agus gur cheart an ról a bhí ag an IRA le linn na dTrioblóidí. Creideann siad go raibh gá le grúpa míleata le troid i gcoinne na brúidiúlachta córasaí a chuir fórsaí na Breataine i bhfeidhm sna sé chontae. Tá an tuairim ann nach raibh aon dul as ach foréigean a úsáid chun mionlach na Náisiúnaithe o thuaidh a chosaint ón Arm agus ón RUC agus chun cur ina luí ar rialtas na Breataine nach nglacfaí a thuilleadh leis an gcos ar bholg.

 

Tá síocháin in Éirinn le breis is deich mbliana anois. Cé gur tábhachtach bogadh ar aghaidh agus an gunna a choimeád slán ó chúrsaí polaitíochta, níor cheart dearmad a dhéanamh ar ar tharla ach oiread. Bá chóir go mbeidh díospóireacht éirimiúil oscailte i mbéal an phobail mhóir le ról an IRA a phlé agus comhaontú náisiúnta a fháil ar an ábhar.

 

Tá dhá chúis go bhfuil sé seo tábhachtach.

 

Ní cóir go ndamnaítear imeachtaí an IRA mar sceimhlitheoireacht fhuarchroíoch dhúnmharfach gan an comhthéacs stairiúil agus polaitiúil a thuiscint. Ní leor a thuilleadh an argóint “Ach b’shin an Sean-IRA, bhí sé difriúil ansin” mar idirdhealú idir gluaiseacht armtha na bPoblachtánach ar chúis í le hÉirí Amach na Cásca agus le Cogadh na Saoirse, agus an foréigean polaitiúil a feiceadh ó thuaidh agus sa Bhreatain ag deireadh an fichiú haois.

 

Ní ceart ach oiread nach gcuirtear in aghaidh na tuairime meabhlaí finscéalaí ar an IRA gur shlánaitheoirí iad ar féidir a bheith mórtasach as achan rud a rinne siad. Cosúil le gach cogadh dár troideadh riamh, tharla oilbhearta uafásacha le linn na dTrioblóidí nach féidir iad a chosaint. Faoi mar a iarrann Poblachtánaigh ar rialtas na Breataine, ní mór don IRA a chulpa a thabhairt i leith na n-ainghníomhartha a raibh lámh aige iontu agus leithscéal a ghabháil astu.

 

Tá na gunnaí ina dtost ach ba dhíchéillí neamhaird a thabhairt do mhacallaí an fhoréigin. Foghlaimíonn muid mar shochaí ó cheachtanna na staire agus, chun a chinntiú nach rachfar i muinín an ghunna riamh arís, ní folair dul i ngleic lenar tharla agus gan dearmad a dhéanamh air riamh.

 

Breandán Mac Ardghail

 

One thought on “Tá ár Lá Tagtha

Comments are closed.