Le linn an bhriseadh Nollag, chuaigh mé thall chuig Londain chun freastail ar an gceoldráma nua, “Hamilton” le mo chlann. Is gaeilgeoirí uile iad mo chlann, ach is iad mé féin, mo mham, agus m’aintín na t-aon daoine a bhaineann úsáid rialta asti. Thaispeáin an turas seo dúinn, áfach, go bhféadfaí leis an dteanga bheith chomh úsaideach, fiú is muid thar lear.  Labhair mé Gaeilge le mo chol-ceathracha go minic is muid amuigh ar sráideanna Londain, bhí an-bhród orainn ár dteanga a úsáid i suíomh iasachta. Bhíomar saor chun ár rogha ruda a rá gan aon bhaol go dtuigfí éínne muid. De réir go ndeirtear gurb í Londain “melting pot” cultúr éagsúla, b’iontach an rud é go raibheamar in ann ár gcultúr féin a chuir ina measc, go háirithe ós rud é go bhfuil stair suimiúil, dathannach idir Éirinn agus Sasana.

De réir a chéile, thosaigh mé ag smaoineamh faoin dtopaic de theanga í féin. Ní hamháin an Ghaeilge, ach an tábhacht a bhaineann le teanga sa domhain go ginearálta. Is rud iontach, compléascach agus tar a bheith suimiúil í chun féachaint ar an tslí gur tháinig teangacha chun cinn. Is deacair an rud é le tuiscint conas ar fhorbair teanga thar na mílte bliana chun bheith mar atá sé inniu. Ina theannta sin, is muidne an t-aon ainmhí ar domhain a n-usáideann teanga sa slí ina dhéanaimid. Tá go leor taighde agus staidéir déanta ar an dtopaic seo agus is mór an spéis dom iad a léamh. Dar liom gur rud dochreidte é go raibheamar in ann foghlaim conas labhairt ar an gcéad dul síos, ach níos dochreidte fós go bhfuil na mílte teangacha ar domhain agus modhanna chun cumarsáid béil a dhéanamh.

Tá teanga chomh tábhactach dúinn, ach de gnáth déanaimid an talamh slán de.  I mo thuairim féin, osclaíonn teanga dorais chuig an t-am atá imithe thart, agus chuig an todhchaí, agus de bharr sin, leithníonn sé ár gcuid tuiscint orthu. Is í buaicphointe teanga, áfach, nuair a bhaineann sí an dá fheidhm sin amach le chéile. Is é sin cad a dhéanann an seó gur mheall chuig Londain mé i dtosach báire. Úsáideann “Hamilton”, le Lin Manuel Miranda, teanga nua-aimseartha chun scéal faoi am fadó a insint. Níl aon amhras faoi ach gur fear an-chliste é údar an cheoldráma seo. Is féidir leis focail éagsúla a phiocadh agus iad a chuir le rithim i mbealach a chruthaíonn rím bhinn, éadrom agus chliste. File é, le cumas amhránaí i ndáríre. Ní léirmheas é a t-alt seo ar an seó é féin (cé go dtugaim ard-mholadh daoibh éisteacht leis nó, más féidir, í a fheiceáil), ach is staidéar é ar an úsáid iontach a bhaintear as teanga tríd an gceoldráma ar fad. Is í an chumas agus ordú teanga a léiríonn Hamilton a spreag an t-alt seo ar dtús báire.

Is léir dom féin, gur rud fíor-thábhachtach í an teanga inár saolta. Is rud nach mbíonn an gnáthduine ag smaoineamh faoi go ró-deimhin go laethúil, ach is léir nach mbeimid in ann feidhmiú gan í. Is litir oscailte í an t-alt seo ag gabhadh mo chuid buíochais d’ár sinsear don bhronntanas iontach a thug siad dúinn, agus ag gabhadh buíochais dóibh siúd a bhíonn ag cuir béime ar an gcumhacht atá ag an dteanga, ag taispeáint dúinn ar fad gur eochair í a osclaíonn doras chuig domhain nua, iontacha.


Oisin Magfhogartaigh – Scríbhneoir Gaeilge