Seachtain mhór poiblíochta ab ea an tseachtain seo don mheánscoil Coláiste Eoin, rx i mBaile an Bhóthair, Baile Átha Cliath, ar na cúiseanna míchearta áfach. Bhí ceardlann le bheith acu ón ngrúpa ShoutOut, dream a thugann cainteanna faoi LADT (LGBT) i meánscoileanna ar fud na tíre. Reáchtáileadh ceardlann dá chuid le dhá bhliain anuas agus ní raibh aon fhadhb lena reáchtáil. Níos suntasaí ná sin fiú, ba é Coláiste Eoin an chéad scoil riamh inar reáchtáil ShoutOut ceardlann.

An tuairisc atá á fhógairt sna meáin i gcoitinne ná gur cuireadh an cheardlann ar ceal chun cead a thabhairt d’argóintí ón “taobh eile”. Is míchiall amach is amach atá anseo. An rud a bhí i gceist ag an scoil agus iad ag rá seo ná go raibh gearáin faighte acu ó thuismitheoirí faoin gceardlann de bharr an easpa foláirimh agus nádúr na ceardlainne. Níorbh ionann é agus go raibh an scoil ag maíomh go raibh argóint ann ar son bulaíochta hómafóbaí, an rud atá á fhógairt ag na meáin i gcoitinne. Ar ndóigh níl a leithéid d’argóint ann, agus fiú amháin dá mba é sin an cás, cén fáth a n-eagródh an scoil an cheardlann ar an gcéad dul síos, agus cén fáth a gcuirfí ar ceal é ag lua na cúise sin agus an drochphoiblíocht seo ar fad a tharraingt orthu féin.

Léiríonn an eachtra seo taobh uafásach de na meáin, ach go háirithe na meáin shóisialta. Cloiseann agus creideann daoine an rud ar mhaith leo a chloisteáil. Tá an liobrálachas ag teacht chun cinn i gcónaí, agus tá fuath mór ag go leor daoine le haghaidh na hEaglaise Caitlicí freisin. Is scéal iontach atá sa scéal a tuairiscíodh ar na fáthanna sin, ní bheadh an fhírinne leath chomh spéisiúil céanna. Is nimhneach an ní an t-aineolas, agus anois da bharr, tá drochcháil amuigh ar an scoil. Is iardhalta mé, agus ní fhéadfainn bheith níos bródúile ná níos sásta leis an tréimhse ar chaith mé inti. Is daoine uaisle iad muintir Choláiste Eoin, tuigeann éinne a raibh ná a bhfuil baint acu leis an scoil an méid sin. Beart de réir ár mbriathar.