Caithfidh mé a adhmháil: is breá liom pop. Ba bhreá liom Busted nuair a bhíodh siad i mbarr a réime; ba bhreá liom One Direction nuair a bhíodh siadsan i mbéal an phobail, agus anois is breá liom Charlie Puth agus a chuid ceoil a mbím ag éisteacht leis agus mé i mbun oibre. Mar sin féin, áfach, bíonn sé ait nuair a bhím ag obair ar aiste nó ar scéal as Gaeilge agus bíonn glór leamh Béarla an Phúthaigh ag canadh leis i mo chluasáin. Cuireann sin ag machnamh mé: Cén fáth nach bhfuil pop forleathan sa nGaeilge?

Tá éileamh ann i gcomhair popcheoil as Gaeilge

Ar ndóigh, tá a fhios agam go bhfuil a leithéid de Choláiste Lurgan ann atá ag déanamh a ndíchill beocht a chur sa nGaeilge agus daoine óga a spreagadh chun tabhairt faoin bpopcheol. Tá an chuma ar an scéal go mbaineann na daltaí fíorthaitneamh as a bheith ag casadh amhrán. Den chuid is mó, áfach, aistrúcháin is ea iad agus níl an Coláiste ach théis díriú isteach ar amhráin nua-chumtha le blianta beaga anuas. Lena chois sin, tá Ciara Ní É, Kneecap agus Deoraí ag cur cor nua sa teanga agus ag spreagadh daoine chun tabhairt fúithí, gan ach beagán a lua . Ach ag an am céanna, dá gcasfá ar ghnáthstáisiún pop, ba bheag an seans go gcloisfeá leithéidí siúd. Níl aithne ag an bpobal i gcoitinne orthu.

Nuair a éiríonn le togra Gaelach breith ar aird an phobail, áfach, bíonn an-rath air. Féach ar Choláiste Lurgan mar shampla. Níl le déanamh ach breathnú ar na tráchtanna a fhágtar ag bun a gcuid físeán le feiceáil go bhfuil tacaíocht acu, cuid mhaith de sin ó dhaoine nach as Éirinn dóibh, ag impí ar na Gaeil gan ligint dá dteanga dhúchais dul in éag. Tugadh cuireadh don Choláiste dul ar The Late Late Show agus rinne clár nuachta de chuid na hAstráile tuairisc faoi. Léiríonn sin go mbíonn meas ag an bpobal ar an nGaeilge. Tá sin ag teacht le torthaí stáidéir ó Fhoras na Gaeilge in 2015 ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge- cheap bunáite na ndaoine gur sheoid luachmhar dár gcúltúr í an Ghaeilge agus gur chóir dúinn í a choiméad. Mar sin, cén fáth nach bhfuil muid ag spreagadh popcheoil sa nGaeilge?

Cá bhfuil na gnáthrudaí gaelacha nach bhfuil dlúthbhaint acu leis an gcultúr Gaelach?

Dar liom, is ceist í a bhaineann leis an íomhá atá ar an nGaeilge. Braithim go bhfuil saghas ‘geatóireacht’ i gceist leis an nGaeilge, uaireanta. Is cuimhin liom nuair a bhí mé i mo mhac léinn bunchéime gur dúradh linn a bheith ag éisteacht le cainteoirí maithe agus leabhair mhaithe a léamh, gan bacadh le haon rud a bhí lasmuigh den Ghaeltach, ná le Gaeilge nár ‘Ghaeilge mhaith’ í. Agus go deimhin, bhí roinnt conspóide ann cúpla mí ó shin nuair a d’fhógair Oireachtas na Samhna go rabathas chun gradam a thabhairt don duine ina raibh ‘rithim na Gaeilge nádúrtha’ ina chuid cainte, rud ar ghlac Raidió na Life col leis. Mar sin, tá an dearcadh ann gurb ionann an Ghaeilge agus an Ghaeltacht agus an cultúr Gaelach- an ceol, an amhránaíocht, an agallamh beirte srl. Dhéanfadh leithéidí mhuintir Bhaile Átha Cliath agus Bhéal Feriste é seo a bhréagnú ar ndóigh, ach cá bhfuil na gnáthrudaí nach bhfuil dlúthbhaint acu leis an gcultúr Gaelach? Cá bhfuil na leabhair chócaireachta as Gaeilge? Cá bhfuil na cluichí ríomhaire as Gaeilge? Cá bhfuil na leabhair shláinte? Níl mé ag rá go gcaithfidh muid an Ghaeilge a scaradh ón gcúltúr arb as di ach caithfidh muid iarracht a dhéanamh saol na Gaeilge a leathnú amach chuig an ngnáthphobal.

Samhlaigh bheith ag éisteacht leis an Ghaeilge ar ghnáthstáisiúin pop

Molaim gur cheart don rialtas infhestíocht a dhéanamh i bPopbhanna buachaillí Gaelach. Bíonn ag éisteacht leis an gceol an t-am ar fad, ní chun machnamh a dhéanamh ar a bhfuil ann, ach chun sos a fháil óna bhfuil ag tarlú sa ngnáthshaol. Tá a lán tóra ar a leithéid de bhanna sa gCóire i láthair na huaire. Smaoinigh ar mhéid an lucht leanúna atá ag an bPopbhanna buachaillí BTS. Tá an oiread sin tóra orthu go bhfuil ceachtanna Cóiréise bunaithe ar a gcuid amhrán agus de réir ailt a d’foilsigh an BBC in 2018, tháinig méadú suntasach ar líon na ndaoine a bhí ag tabhairt faoi ranganna Córéise mar gheall orthu.

Lena chois sin, bhíodh a lán tóra ar bhannaí buachaillí Éireannacha roimhe seo. Níl le déanamh ach breathnú ar fhiseán ceoil de chuid Westlife- I Lay My Love On You- chun an méid daoine as tíortha i bhfad i gcéin a bhíodh ag tabhairt tacaíocht daoibh a fheiceáil. San fhíseán sin, léirítear slua mór ag screadáil ina ndiaidh, tugtar gradaim dóibh agus léirítear fear amháin ag rith i ndiaidh a mbus, fiú. Sa gcaoi sin, d’fhéadfaí a shamhlú go mbeadh tóir ag daoine thar lear ar an nGaelphop. Mar a léiríonn cás BTS, ní gá gur bhac í teanga an cheoil.

Seachas an cháil idirnáisiúnta, seans go bhféadfadh an Ghaeilge a bheith i mbéal an phobail. D’fhéadfadh sí a bheith ar na gnáthstáisiúin pop. Samhlaigh déagóirí a bheith ag argóint faoi cé hé an buachaill is dathúla sa mbanna agus faoi cén acu ar mhaith leo a bheith ag siúil amach leis. Thar aon rud eile d’fhéadfadh sé a léiriú do dhaoine, ar leasc leo tabhairt faoin nGaeilge de bharr a dtaithí uirthi ar scoil, go bhfuil gnátháit ag an nGaeilge sa saol farais an Béarla.

Mheallfadh Gaelphop níos mó daoine chuig saol na Gaeilge

Mar fhocal scoir, is mian liom a rá nach bhfuil mé ag iarraidh ruaig a chur ar an gcultúr breá atá againn sa nGaeilge. Is saol iontach é saol na Gaeilge agus ceapaim dá mba ann do ‘Ghaelphop’ go bhféadfaí níos mó daoine a mhealladh isteach chuig an saol sin. Lena chois sin, d’fhéadfadh sé cabhrú le hiarrachtaí Gaeilgeoirí saol go hiomlán trí Ghaeilge a bheith acu. Cá bhfios, is féidir go mbeidh na hiriseoirí thar lear ag scríobh faoin nGaelphop amach anseo…

Ross Coleman – Gaeilge scríbhneoir

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *