here serif;”>Is iomaí gearán atá cloiste le deireanas faoi fhoireann Thír Chonaill agus an stíl imeartha thachtach shriantach a chuir siad i bhfeidhm i gCraobhchomórtas na bliana seo. Níl aon dul as ach gurb é Jim McGuinness atá taobh thiar de, sovaldi sale ach an ceart dúinn bheith ag gearán faoi? Nó ar cheart dúinn an stíl sin a mholadh? Stíl í a chabhraigh go mór le Dún na nGall Corn Uladh a bhaint amach den chéad uair ó 1992. Ceist níos mó, b’fhéidir: an é seo a bhfuil i ndán don Pheil Ghaelach amach anseo??

Tá McGuinness ar dhuine den ghlúin úr de bhainisteoirí óga atá tagtha isteach ar an CLG le déanaí. Is cinnte go bhfuil tréithe agus scileanna nua á dtabhairt isteach ag na bainisteoirí seo. Tá leithéidí Kieran McGeeney agus McGuinness ag baint i bhfad níos mó úsáide as an teicneolaíocht, cuirim i gcás, ná mar a bheadh leitheidí Mick O’Dwyer nó John Brennan. Ina theannta sin tá na bainisteoirí óga seo ag baint úsáide as stíleanna imeartha difriúla ná a bhfuil á n-úsáid ag a gcomhghleacaithe níos sine.

 

Bíonn McGuinness agus McGeeney ag braith go mór ar “laghdú botún”. ‘Sé sin go mbíonn sé de mheon ag an bhfoireann an méid is lú botún a dhéanamh ar an bpáirc agus is féidir. Stíl imeartha í atá níos coimeádaí ná mar a fheictear de ghnáth, le níos mó pasála láimhe agus le tosaithe nach dtugann faoin scór a thógáil go dtí go bhfuil sé cinntithe acu.?Caithfear a admháil nach rud iomlán nua an stíl shriantach seo, ach chonaiceamar an samhradh seo gur thug McGuinness ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile é. Go bunúsach, d’imir Dún na nGall i mbliana le cúlbáire agus 13 chosainteoir. Bhíodh uimhreacha móra acu taobh thiar den liathróid i gcónaí agus iad ag iarraidh an soláthar go tosaithe an fhreasúra a ghearradh amach in iomlán. Fiú nuair a d’éiríodh leis an bhfeasúra liathróid éigin a fháil tríd (nó thar) an mballa Connallach seo, dhéanadh cúlaithe Thír Chonaill na lán-tosaithe a thachtadh agus na deiseanna scórála agus pasála a laghdú go náid.

Thug siad chun páirce ag iarraidh stop a chur leis an bhfoireann eile ag imirt in ionad an ghnáth-chuir chuige de níos mó scóranna a fháil ná an fhoireann eile. D’oibrigh sé go pointe ach dúradh gur stíl dhiúltach a bhí ann, agus is deacair é sin a shéanadh.

Cuireadh brú ar an CLG rialacha a chur i bhfeidhm chun cosc a chur leis an stíl seo, agus seo í an mhórcheist. An bhfuil sé de cheart againn insint d’fhoirne agus do bhainisteoirí cén chaoi ar ceart dóibh tabhairt faoin bpeil? Ní dóigh liom go bhfuil. D’aimsigh Jim McGuinness stíl imeartha atá an-éifeachtach, cé nach deas an stíl í le féachaint air.

Bhain Dún na nGall Corn Uladh amach, agus shroich siad cluiche leath-ceannais Éireann. Is léir go n-oibríonn an stíl seo. Cheisteodh daoine an rath a bheadh orthu le gnáth-stíl dhearfach shaor-ionsaitheach ach caithfear cuimhniú nach painéal róchumasach é i gcomparáid le leithéidí Chiarraí nó Chorcaí. Cé mhéid imreoir ó Thír Chonaill a mbeadh áit aige ar fhoireann Chiarraí? Duine amháin, nó beirt ar a mhéid. Agus seo is suntasaí faoi stíl McGuinness. D’éirigh leis 20 fear a thabhairt le chéile agus meon muiníneach oibritheach a chur ina luí orthu.?

Caithfidh mé a admháil, áfach nach deas liom an stíl seo. B’fhearr liom i bhfad go mbeadh rath ar na saoithíní agus go mbeidh saoirse ag leithéidí Colm Cooper agus Bernard Brogan a gcuid scileanna a chur i láthair go fial. Is iad scileanna na bhfear seo, agus mórán imreoirí eile nach iad a tharraingíonn na sluaite gach Domhnach. Bíonn na mílte Colm Cooper agus Bernard Brogan ag imirt peile ag am lóin ar scoil gach Luan, ag baint trialach as na scileanna a chonaiceadar an lá roimhe. Ní fheadar cé mhéid imreóir óg a bhaineann triail as cosaint fhiáin Dhún na nGall ar scoil ar an Luan? Tá de cheart ag Dún na nGall a rogha stile a úsáid, agus go n-éirigh leo, ach tá súil agam féin go mbeidh an bua ag an bpeil íon i gcónaí.