Thug Peadar Mac Fhlannchadha rud suntasach faoi deara nuair a bhí air leigheas a cheannach dá mhadra ‘Samhain’ timpeall cúig bliana ó shin. D’fhág sé an t-oideas isteach i gcógaslann i gContae na Gaillimhe, ach nuair a d’fhéach sé ar na treoirlínte a bhí clóite ar an mbuidéal piollaí, ní raibh rian den Ghaeilge le feiscint in aon áit.

De réir cosúlachta, mhúscail an eachtra mothúcháin láidire ann. Rith ceisteanna leis faoi stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil sa tír agus faoin ardán a thugtar di sa ghnáthshaol. Bhí fadhb áirithe amháin ag cur as dó, arbh iad sin na cearta teanga a bhíonn ag saoránaigh Éireannacha ó thaobh pacáistiú earraí de. An raibh an smaoineamh ceart aige gur cheart na treorachaí sin a bheith clóite ina theanga dhúchais? Nach leor iad a bheith clóite i mBéarla amháin, chun a chinntiú go mbeadh ar a chumas iad a leanúint go sásúil?

Shocraigh sé chun cás cúirte a thabhairt in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit chun freagra a fháil ar na ceisteanna sin. Cé gur ceist réasúnta simplí a bhí ann, bhí ar an Ard-Chúirt in Éirinn an cás a chuir faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil chun freagra cuimsitheach a fháil uirthi. Ar deireadh thiar thall, d’eisigh Abhcóide Ginearálta na Cúirte Michal Bobek an ráiteas go raibh ar an gCúirt in Éirinn an cinneadh deireanach a dhéanamh sa chás áirithe seo toisc go bhfuil treoir nua maidir le lipéadú leigheas d’ainmhithe le teacht isteach an bhliain seo chugainn. Cé nach bhfuil an ráiteas sin ina cheangal leis féin, is dócha gur féidir a rá le cinnteacht éigin go leanfaidh an chúirt sa Bhruiséil den nós a bhíonn acu glacadh leis an réamhthuairim ón Abhcóide Ginerálta ina mbreithiúnas deireanach.

Tugadh an chluas bhodhar don scéal seo sna meáin phríomhshrutha le linn na seachtaine seo caite. B’fhéidir go raibh amhras ar dhaoine áirithe maidir leis an mbaint atá ag leigheas d’ainmhithe ar chearta teanga sa tír seo. Bhíothas ann a bhí ag gearán gur cur amú airgid is acmhainní an stáit é gur tugadh an deis don fhear sin a chás a chruthú, go hárithe nuair a d’fhógair an dream sa Bhruiséil cinneadh diúltach sa deireadh. Ach, den chéad uair riamh, chuala an chúirt sa Bhruiséil cás as Gaeilge. Is éacht sonrach é sin ar mhórán bealaí, go mór mór ós rud é go mbunaíonn sé fasach tábhachtach.

Comhthéacs Dlíthiúil

Tá Éire ina ball den Aontas Eorpach ó 1972 i leith, ach níor tugadh stádas oifigiúil don Ghaeilge go dtí an bhliain 2005. Níor chiallaigh an stádas sin go mbeadh cúrsaí dlíthiúla ina n-iomláine ar fáíl trí mheán na Gaeilge san AE ach oiread, áfach. Bhíodh maolú ar an teanga san AE, rud a d’fhág nach mbíodh oibleagáidí ar dhréachtóirí reachtaíochta leagan Gaeilge a iarraidh de gach téacs reachtaíochta agus níorbh éigean seirbhísí aistriúcháin Gaeilge a sholáthar go forleathan ach oiread.

Ach cén fáth a bhfuil an méid sin tábhachtach don ghnáthshaoránach Éireannach? Bheifí in ann an cheist sin a fhreagairt dá scrúdófaí struchtúr dlí na hÉirinn agus an caidreamh atá léi le dlíthe an Aontais Eorpaigh. Is stát déachúil í Éire, agus mar sin ní mór toghchán a reáchtáil chun na dlíthe sna conarthaí de chuid an AE a chur i bhfeidhm. Ach nuair a dhéantar é sin, bíonn ardcheannas ag na dlíthe sin ar na cinn Éireannacha a bhíodh i bhfeidhm cheana. Nuair nach bhfuil leagan Gaeilge ar chuid de na píosaí reachtaíochta sin, ní feidir leis an saoranach a chearta agus a oibleagáidí a léamh ina theanga dhúchais gan a bheith ag brath ar an mbunleagan Béarla. Cruthaíonn sé sin deacrachtaí do shaoránaigh Éireannacha cásanna cosúil le cás Pheadair Mhic Fhlannchadha a thabhairt chun cúirte, fiú nuair a bhíonn cúinsí dlíthiúla difriúla i gceist. Is bunphrionsabail  é “ardcheannas an dlí” sna tíortha Eorpacha uillig, ach ní féidir leas a bhaint as an gceart sin muna bhfuil an deis ag daoine a dteanga dhúchais a úsáid nuair a bhíonn conspóidí dlí á bplé acu.

Athruithe le teacht

Lena gceart a thabhairt do lucht ceannais an Aontais Eorpaigh, ní féidir a rá go bhfuil neamhaird déanta acu ar cheist na Gaeilge thar na blianta, in aineoinn an mhaolaithe atá uirthi le fada. Ach tá athruithe móra romhainn, mar bronnfar lánstádas feidhmiúil ar an Ghaeilge sa Aontas Eorpach in 2022. Is dul chun cinn thar a bheith tábhachtach an méid sin, gan amhras, mar beidh an oiread reachaíochta agus is féidir á soláthar as Gaeilge. Beidh rogha ag daoine a gcásanna a thabhairt chun cúirte ar shlite a bheas níos oiriúnaí dóibh agus féadfaidh siad a bheith cinnte go mbeidh aitheantas cuí tugtha dá riachtanais teanga ag an léibhéal Eorpach. 

Doireann Ní Shúilleabháin – Gailege Scríbhneoir