Tugann ár dtuairisceoir Diarmuid Ó hIcí cur síos ar ar tharla sa chluiche sraithe Airtricity i mBabhla Belfield ar an 26ú Meán Fómhair

D’éirigh le Dún Dealgan an ceann is fearr a fháil ar fhoireann UCD ar oíche bhinn sa Bhabhla Belfield ar Aoine an 26ú Meán Fómhair, treat le cúl amháin i ngach leath ó Richie Towell agus Patrick Hoban chun a n-áit ar bharr an tábla a choimeád.

Tháinig UCD isteach sa chluiche ar 17 pointe as 27 cluiche sa séasúr, agus iad sáite cóngarach le bun na sraithe, gan ach bheith dhá phointe ós comhair Áth Luain ar bhun na sraithe, agus gan bua acu sa tsraith le breis is dhá mhí.

Thosaigh Dún Dealgan i bhfad Éireann níos fearr, agus fuair said toradh an bhrú luath sa 9ú nóiméad. Chuaigh an chéad chúinne don chluiche isteach i dtreo Gartland, ach chuaigh a cheannbhuille ar strae. Ní raibh UCD in ann an liathróid a chur as an gcontúirt áfach, agus tháinig an liathróid go  Richie Towell ar imeall an bhosca, agus ba le cúnamh ó chosantóir UCD Hugh Douglas ar éirigh lena bhuille dul isteach sa chúl.

Sa tréimhse a lean sin, bhí Dún Dealgan fós i gceannas, ach tháinig UCD isteach sa chluiche go mall. Bhí dhá dheis iontacha ag an dá fhoireann sa 22ú nóiméad. Ar dtús, bhí deis ag Daryl Horgan as Dún Dealgan tar éis botún Conor Cannon, ach bhí O’Donnell sa chúl breá ábalta é a shábháil. Bhí ionsaí tapaidh ag UCD díreach tar éis, ach bhí Peter Cherrie i gcúl Dhún Dealgan in ann dhá láimh a chur ar iarracht Richie Creevy. A fhad is a chuaigh an chéad leath ar aghaidh, d’éirigh UCD i bhfad níos compórdaí sa cluiche. Bhí lár-chúlaí Hugh Douglas agus Ian Ryan lán-chumasach, agus ní raibh mórán deiseanna glana ag aon fhoireann sa tréimhse díreach roimh an mbriseadh.

Tháinig Dún Dealgan amach le fuinneamh sa dara leath, agus bhí an lámh in uachtar acu díreach tar éis an bhrisidh. Rinne Coyne agus Tobin sár-jab sa chosaint agus líon na n-ionsaithe ó Dhún Dealgan ag méadú, le hiarrachtaí ó Crowe, Towell, agus Daryl Horgan ar chúl O’Donnell. Bhí an t-ádh ar UCD nár ghéill siad cúl sa 51ú nóiméad, tar éis cic trasna ó Daryl Horgan a thóg buille as Crowe agus a chuaigh ar fóraoil, gan bheith ach roinnt orlach ón gcúl.

Rinne UCD athrú sa 61ú nóiméád, Samir Belhout ag teacht isteach sna tosaithe in áit Conor Cannon. Thug an tathrú i bhfad níós mó fuinnimh do thosaíocht UCD, ach níor cruthaíodh mórán deiseanna breise as faraor. Bhí Dún Dealgan fós ag cur brú ar chosaint UCD, agus tháinig an dara cúl, a bhí ag bagairt ar feadh i bhfad, sa 69ú noíméad. Tar éis cosainte maithe ó Tobin, tháinig Patrick Hoban ar ais síos díreach an taobh clé do Dhún Dealgan, agus chruthaigh sé cúl iontach dó féin ón spás taobh thiar de Tobin chun a 17ú cúl don séasúr a ghnóthú dó féin. Cosúil leis an gcéad chúl, thóg an liathróid buille as cosantóir UCD agus é ag dul isteach sa chúl; roinnt mí-áidh arís dóibh i gcluiche gan mórán deiseanna scórála.

Tar éis sin, bhí tréimhse chumhachtach ag Dún Dealgan ar feadh deich nóiméad. Díreach tar éís an chúil, bhí obair mhaith de dhíth ó Tobin agus Ian Ryan chun deis eile ó Hoban a dhúnadh síos, tar éis sár-sheilbhe ag Horgan. Arís, bhí trí nó ceithre dheis eile ag Dún Dealgan agus iad i gceannas ar an liathróid, ach bhí UCD in ann iad a choimeád as cúl Conor O’Donnell.

Sna deich nóiméad deireanacha, ní raibh mórán deiseanna ag an dá fhoireann. Bhain bainisteoir Dhún Dealgan, Stephen Kenny, Patrick Hoban den pháirc, agus tár éis sin, ní bhfuair siad a thuilleadh deiseanna glana. Rinne Ben-Mohamed, Belhout, agus Higgins, a tháinig chun páirce sa 76ú nóiméad, sár-iarracht, ach ní bhfuair siad aon spás chun deis cheart a cruthú, agus críochnaigh an cluiche go ciúin, le lucht leanúna Dhún Dealgan ar bís ag an gcríoch.

Gan ach cúig chluiche fágtha sa séasúr, beidh dúshlán ollmhór ag foireann bainistíochta UCD an fhoireann a choinneáil sa phríomhshraith. Níl Áth Luain ach pointe taobh thiar díobh tar éis an bhabhta cluichí seo, agus iad ag gnóthú níos mó pointí ná UCD na laethanta seo. Tá cúpla bua de dhíth ó Aaron Callaghan (Bainisteoir UCD) chun an club a shábhail ó Roinn 1. Tá an saol níos dóchasaí do Dhún Dealgan, atá fós trí phointe chun cinn le ceithre chluiche fágtha, ach cúpla cluiche níos deacra le teacht dóibh, ceann i gcoinne Chathair Chorcaí, atá sa dara háit, le teacht sa chluiche deireanach i bPáirc Oriel ar an 24ú Deireadh Fómhair.

 

UCD: Conor O’Donnell; Daniel Tobin (Adam Harney, 93’), Hugh Douglas, Ian Ryan, Sean Coyne; Colm Crowe, Robbie Benson, Robbie Creevy; Chris Mulhall (Kaleem Simon, 80’), Conor Cannon (Samir Belhout, 61’), Ayman Ben Mohamed.

Dún Dealgan: Peter Cherrie; Sean Gannon, Brian Gartland, Andy Boyle, Dane Massey; Darren Meenan, Chris Shields, Richie Towell, Kurtis Byrne (Ruaidhri Higgins, 76’), Darren Meenan; Pat Hoban (David McMillan, 81’, Donal McDermott, 86’).

 

Diarmuid Ó hIcí, Babhla Belfield.