Sé cuimhneachán 125 bliana gluaiseacht athbheochán na Gaeilge i mbliana, agus tá idir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Conradh na Gaeilge, agus Foras na Gaeilge tar éis teacht le chéile chun clár náisiúnta d’imeachtaí a eagrú chun an Ghaeilge a chéiliúradh is a chur chun cinn! Beidh na himeachtaí bunaithe ar théamaí ar nós ‘cruthaíocht na Gaeilge’; ‘beocht na teanga’; agus ‘rannpháirtíocht an phobail’.

Anseo i gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath, tá an Ghaeilge chomh bheo i mbliana is atá sí i gcónaí. Beidh An Cumann Gaelach, i gcomhar le Bord na Gaeilge agus Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh & an Bhéaloidis, ag seoladh Bliain na Gaeilge go hoifigiúil i rith ‘Seachtain na gCumann’ ar an Máirt, 30 Eanáir ag 3pm sa Seomra Dearg. Tá fáilte roimh gach éinne a bhfuil suim acu eolas a fháil ar na himeachtaí trí Ghaeilge atá ag druidim linn sa choláiste.

Má tá tú ag leanúint Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh & an Bhéaloidis ar Facebook, seans go bhfuil físeáin nó dhó feicthe agat le blúirín beag eolais faoin nGaeilge. Beidh siad ag cur físeán in airde gach uile lá chun Bliain na Gaeilge a chéiliúradh agus chun fíricí suimiúla a roinnt faoinár dteanga dhúchais. Ní mhaireann gach físeán ach cúpla soicind, ach bíonn rud spéisiúil le foghlaim iontu i gcónaí!

Rud eile taobh amuigh d’UCD atá go mór i mbéal an phobail ag an staid seo de Bhliain na Gaeilge ná an haischlib ‘nílsécgl’ (níl sé ceart go leor) a thosaigh múinteoir Gaeilge Ciara Ní É. Úsáidtear an haischlib chun aird a tharraingt ar iompar diúltach, aineolach agus drochbhéasach i leith na Gaeilge, agus chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo. Léiríonn an feachtas na míthuiscintí choitianta agus na gearáin gan bhunús atá ag daoine áirithe i slí greannmhar agus cliste. Is í an aidhm atá leis an haischlib ná chun an chaint dhiúltach timpeall an Ghaeilge a athrú agus chun dearcadh nua a thabhairt do dhaoine uirthi.

Is é an spriocphobail atá ag Bliain na Gaeilge ná daoine líofa, pobal na Gaeltachta, agus daoine gan ach cúpla focal – mar sin, má tá suim ar bith agat sa teanga, níl aon dabht ach go mbeidh imeacht ar siúl uair éigin i rith na bliana a n-oirfeadh duit! Coimeád súil ar www.peig.ie/2018 le haghaidh níos mó eolas, agus ná bíodh faitíos ort freastal ar ceann de na himeachtaí Gaeilge anseo in UCD – tá fáilte roimh chách i gcónaí.


Erin Nic an Bhaird – Eagarthóir Gaeilge