Níl ach cúpla seachtain fágtha agam mar bhunchéimí i UCD, rud atá deacair le creidiúnt. Táim fiche is a haon bliain d’aois agus sa cheathrú bliain ach ní mhothaíonn sé rófhada ó shin go mbeinn sa Phalás ar Shráid Camden ar an Déardaoin sa chéad bhliain agus mé ocht mbliana déag d’aois. Bheadh an ceol is úire ann leis na remixes is fearr ó ‘Hello’ le hAdele agus ‘Sorry’ le Justin Bieber á seinm. Le costas €10 ar cheithre Jägerbhuama, ní fhéadfá dul mícheart.

 
Dhúiseoinn an mhaidin ina dhiaidh gan fhadhb, b’fhéidir go mbeinn píosa beag tuirseach ach seachas sin bheinn go breá. Ní féidir liom an rud céanna a rá trí bliana níos déanaí,má bhím amuigh in aon chor, is cinnte go mothaím é sin i mo chorp an lá ina dhiaidh.

 
Nuair a théim amach anois, is minic a mhothaím sean mar bíonn an slua níos óige i comparáid liom féin ar an meán. Éiríonn na háiteanna a bhíonn daoine sásta freastail orthu níos lú mar bíonn a fhios ag gach duine go mbíonn roinnt áiteanna plódaithe le lucht na céad bliana, nó níos measa. Difríocht eile atá ann ná go dtéim amach níos minice ag an deireadh seachtaine cosúil le… daoine fásta (gasp). Tá dhá chúis leis seo,chun oícheanta na mac léinn a bhíonn lán le daoine níos óige a sheachaint agus toisc go mbíonn sé níos deacra a bheith táirgiúil an lá ina dhiaidh san ollscoil.

 
Tá sé tarlaithe agam cúpla uair anois nach gcuirtear ceist orm do mo chárta aitheantais in aon chor. Tá seo an-áisiúil cinnte ach freisin bím ag smaoineamh go bhfuil na doirseoirí slándála lánchinnte go bhfuilim thar ocht mbliana déag d’aois. Cuireann sé amhras orm ag an am céanna freisin, is fíor go bhfuil mé thar ocht mbliana déag d’aois cinnte ach cuireann a gcinnteacht mé ag smaoineamh go bhfuilim ag éirí sean!

 
Ní faoin saol sóisialta amháin a mhothaím go bhfuil m’óige ag sleamhnú uaim agus nach bhfuil aon neart agam air. Agus mé ag druidim leis na scrudaithe deirneacha, tá dhá smaoineamh ag teacht chugam. I dtús báire, ceistím mé féin, an bhfuil mo laethanta san ollscoil thart? Tá sé i gceist agam máistreacht a dhéanamh an bhliain seo chugainn mar sin beidh mé fós san ollscoil ach tá eagla orm go bhfuil mo laethanta mar ‘mhac léinn’ críochnaithe. Is iomaí deis a thapaigh mé i rith na céime le díospóireachtaí,turais thar lear agus imeachtaí sóisialta agus le bheith fíreannach, tá eagla orm nach mbeidh na deiseanna céanna ar fáil agus mé críochnaithe an bhunchéim. Is athrú é gan amhras, agus táim ag súil leis ach tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil ‘student life’ thart go pointe.

 
Chomh maith leis sin, táim ag druidim níos giorra agus níos giorra don fhíorshaol, an domhan mór scanrúil amach ansin. Is é seo an domhan nach mbíonn i d’intinn in aon chor agus tú ag roghnú do chúrsa ach i bpreabadh na súl, bíonn ort aghaidh éigin a thabhairt air.

 
Nílim róbhuartha fúm féin faoi láthair (tá súil agam gur féidir liom an rud céanna a rá an uair seo an bhliain seo chugainn!) ach an rud is aistí ná go mbíonn mo chairde, daoine a bhí mé ar scoil leo agus daoine ón ollscoil ag tosú fíorphostanna. Go tobann, is múinteoirí, daoine gnó agus dlíodóirí iad. Oibríonn siad leis an bpobal agus i gcomhlachtaí móra idirnáisiunta. Tá seo an-sceitimíneach gan amhras ach is athrú é freisin. Ní bhíonn an saol chomh réchúiseach agus bíonn sé deacair a bheith i dteagmháil rialta le daoine nuair a oibríonn siad óna naoi go dtí a cúig ó Luan go hAoine.
Táim ag stáitse an-aisteach i mo shaol faoi láthair ceapaim. D’fhéadfá a rá gur géarchéim meán-aoiseach luath é fiú. Is dócha go bhfuil mé róshean le bheith i m’fhíor mac léinn ach ag an am céanna, níl mé san fhíorshaol ach an oiread. Beidh mé dhá bhliain is fiche d’aois i rith an tsamhraidh ach tá cuid de mo chairde beagnach trí bliana is fiche. Ar fáth amháin nó ar fáth eile tá seo dochreidte dom. Dhá shoicind ó shin, bhíomar ar fad ocht nó naoi mbliana d’aois. Anois táimid sna ficheadí? Go sabhála Dia sinn.

 
Ag cúl m’intinn, tuigim nach bhfuil mé sean in aon chor i ndáirire. Tá go leor leor rudaí amach romham, daoine nua le buaileadh leo, tiortha suimiúla a fheiceáil agus rudaí go hiomlán nua a thriall. B’aisteach an rud é an mheánscoil a fhágail agus neamhspleáchas a bheith agat agus mar sin is rud nadúrtha é go bhfuil sé aisteach a bheith ag fágáil na hollscoile chomh maith agus deiseanna eile agus nua os do chomhair.

 
Is féidir mothú sean nuair a bhíonn daoine a bhí cúpla bliain níos óige ná tú sa scoil anois san ollscoil agus do chairde ag déanamh postanna cearta le dualgaisí agus freagrachtaí. Ag deireadh an lae,níl tú chomh sean is a mhothaíonn tú.

 
Agus nílim agus níl mo chairde sean in aon chor, sa chomhthéacs agus ceapaim gur gá cuimhiú ar seo! Is gnáthmhothúchán é a bheith beagainín imníoch faoi chúrsaí ag athrú, ach deirim é d’éinne a mhothaíonn ‘sean’ nó atá ag teacht chuig deireadh na céime go bhfuil rudaí iontacha le teacht agus nuair a chuireann tú gach rud sa chomhthéacs, tá ár n-aois agus ár stáitse den saol beagainín scanrúil ach an-sceitimíneach.

 

Cecily Nic Cionnaith – Eagarthóir Gaeilge