‘Cé go bhfuil sé deacair le creidiúint, bhíodh am ann tráth ina raibh ar dhaoine labhairt aghaidh ar aghaidh chun fiú an chumarsáid is bunúsaí a dhéanamh le chéile. Ní hamháin nach raibh na meáin shóisialta acu, ach ní raibh fón póca ag an gcuid is mó dóibh. Samhlaigh ar feadh nóiméid é,  gan bheith in ann fáil amach cén cuma a bhí ar dhinnéar Katie aréir, nó conas a mothaíonn máthair Hannah faoi na Kardashians 2.0……cuireann sé mearbhall orm chun na fírinne a insint.’

Seo mar a bheidh sliocht de chuid scríobhneoir ré na meáin shoisialta má leanaimid orainn mar atá faoi láthair. Sa lá atá inniu ann, tá an duine óg ag caitheamh, ar an méan, níos mó ama i ndomhan na meáin ná mar atá siad á gcaitheamh sa fíorshaol. Marachtálann siad sa chibeardhomhan ar nós carachtar ó cluiche Sims. Tá siad in ann a gcuma, a bpearsantacht agus beagnach gach uile cuid dá saol a ionramháil i gcibé bhealach gur mhiste leo. Níorbh aon dochar iad na nósanna seo nuair a thosaigh na meáin amach i dtosach, ach de réir mar a druideann am ar aghaidh, is léir go bhfuil tionchar diúltach á n-imirt ag na nósanna seo ar fhorbairt scileanna shóisialta díobh siúd *a cleachtaíonn iad.

Is minic a feictear i mbialann mar shampla; máthair, athair, déagaóir, páiste, iad go léir amuigh ar son dinnéir clainne a roinnt le chéile. Sé an rud iarónta faoin suíomh seo ná go gcaitheann siad níos mó ama i gcomhludar daoine eile le linn an bhéile ná mar a gcaitheann siad i dteannta a chéile. Mar ‘aoieanna’ eile ag an mbord bíonn; buachaill cara Megan, ceannaire an athair, John a oibríonn sa bheár, Betty ó thíos an bhóthair, Cáit a dhéanann an máthair íoga léi agus cibé Youtuber is déanaí atá an páiste gafa leo. Ba í aidhm na meáin shóisialta chun daoine a tharraingt níos cóngraí le chéile, ach tá an cuma ar an scéal go bhfuil ag éirí leo a mhallairt ar fad a bhaint amach. Le linn an béile hipitéiseach seo, bheadh sé réasúnta glacadh leis go mbeadh thart ar deich abairt mallartaithe idir an ceathrar acu (agus sin má ghlactar le ‘Salann le do thoil’ mar abairt cheart!)

Cloisimid go minic faoi na forbairtí atá á dhéanamh le róbait, agus go mbeidh siad ag glacadh páirte sa ghnáth saol sula mbíonn 2030 buailte linn. Faoin am sin áfach, tá an seans ann go mbeimid féin níos cosúil le róbait ná mar a bheimid cosúil lenár muintir a bhí ann romhainn. Is iad cinn de na príomh rudaí nach bhfuil róbait in ann déanamh ná caidrimh a chuthú le chéile, agus mothúcháin a léiriú i suíomhanna sóisialta. De réir mar a chailleann daoine na cumais seo, is giorra a éirímid i gcosúlacht le róbat cliste. Is sinn ag caitheamh níos mó ama sa chibearshaol chuile lá,  cé chomh fhada is a bheidh go dtí go mbímid a maireachtáil sa domahin sin amháin, sáite chomh deimhin sin ann nach mbeidh an deis againn filleadh i gceart ar an bhfíorshaol arís? Tá sé go mór i mbéal an phobal go bhfuil ár domhain nádúrtha á scroiseadh againn trí faille, ach caithfimid tabhairt faoi ndeara go bhfuil seasmhacht ár sochaí i mbaol de bharr ár bhfaille freisin.


Lorraine De Staic – Eagarthóir Gaeilge