Tá iliomad roghanna ann anois conas do Ghaeilge a choimeád suas lasmuigh den ollscoil idir do shaol gairmiúil agus do shaol pearsanta.
In ainneoin an steiréitíopa, ní gá a bheith do mhúinteoir chun a bheith ag obair leis an nGaeilge.
De bharr gur tháinig Acht na dTeangacha i bhfeidhm in 2021, caithfidh Gaeilge a bheith ag 20% d’earcaithe nua sa tSeirbhís Phoiblí agus sa Státseirbhís. Mar sin tá a lán post nua ar fáil as Gaeilge anois sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí (m.sh. An Garda Síochána, RTÉ, Bord Bia, Ollscoileanna srl. – tá níos mó ná 200 Seirbhís Phoiblí ann).
Tá fuílleach deiseanna le Gaeilge sna Meáin: Teilifís (TG4, Cine4, Cúla 4, BBC Gaeilge); Raidió (Raidió Rí-Rá, Raidió na Life, RnG); Léiriúchán (Macalla srl.); Foilsitheoireacht & Scríbhneoireacht (Tuairisc.ie, Nós, Comhair, Irish Independent, The Irish Times, An Gúm, Futa Fata, srl.).
Tá post sna ceanneagraíochtaí Gaeilge chomh maith – Conradh na Gaeilge, Cumann na bhFiann, Gael Linn, Glór na nGael srl. xTá deiseanna san aistriúchán in Éirinn – Tithe an Oireachtais, Europus, Context srl.
Ansin tá deiseanna ann thar lear. Tá na Fulbright FLTA Awards ann. Is deis é Fulbright dul go Meiriceá agus múineadh nó taighde a dhéanamh ar feadh tréimhse 10 mí. Tá an deis ann a bheith ag Teagasc na Gaeilge in Ollscoileanna Cheanada le ICUF ar feadh tréimhse 9 mí.
Tá neart deiseanna ann san Aontas Eorpach – mar shampla aistritheoirí, ateangairí, cúntóirí teanga, profléitheoirí, dlítheangeolaithe, téarmeolaithe srl. Ó 2022 tá an Ghaeilge ar chomhchéim leis na teangacha eile agus mar sin tá an-tóir ar Ghaeilgeoirí sna hinstitiúidí go léir san Aontas.
Is féidir Tréimhse oiliúna de 5 mhí a dhéanamh sna hinstitiúidí agus caithfidh 2 theanga a bheith agat. Tá agus beidh na folúntais ag oscailt go luath de Thréimhsí oiliúna a bheidh ag tosú i mí Dheireadh Fómhair. Chomh maith leis sin, cuireann an rialtas Tréimhse oiliúna 10 mí ar fáil d’Éireannaigh le Gaeilge chun obair mar aistritheoir, profléitheoir nó ateangaire san Aontas.
Chun conradh sealadach nó buan a fháil caithfidh 3 theanga a bheith agat (m.sh. Gaeilge, Béarla & teanga eile), mar sin is fiú iarracht a dhéanamh an teanga eile a d’fhoghlaim tú ar scoil a choimeád suas. Bíonn nach mór gach post as Gaeilge fógartha ar Peig.ie faoin táb Folúntais.
Tá iliomad slite ann conas do chuid Gaeilge a úsáid lasmuigh den saol gairmiúil chomh maith. Tá clubanna spóirt as Gaeilge, cosúil leis na Gaeil Óga agus Dornaclaíocht; Tá Club Chonradh na Gaeilge ann i lár na cathrach. Is teach tábhairne Gaeilge é agus cuireann sé a lán imeachtaí ar siúl trí Ghaeilge, ina measc Ciorcal Comhrá gach Aoine ag 8pm, Amhránaithe an Chlub an chéad Déardaoin den mhí, gach mí ag 9pm, srl.
Tá an aip GaelGoer ann chomh maith. Tríd an aip is féidir leat imeachtaí as Gaeilge a aimsiú, chomh maith le gnólachtaí agus daoine eile le Gaeilge. Is slí iontach iad féilte Gaeilge chun an-chraic a bheith agat as Gaeilge – m.sh. An tOireachtas, Féile na Gealaí, Liú Lúnasa srl. Bíonn Nuachtlitir mhíosúil ag Conradh na Gaeilge chomh maith leis an uasdátú Gaeilge is déanaí.
Má tá suim agat níos mó a fháil amach faoi na deiseanna le Gaeilge beidh deis agat labhairt leis na daoine ó na gnólachtaí agus eagraíochtaí Gaeilge a luaitear thuas (& i bhfad níos mó grúpaí chomh maith) ag aonach Gaeilge ‘Gaeilge sa Ghnáthshaol’ a bheidh ar siúl i halla Astra an 20 Feabhra ó 1-3pm. Beidh aíonna ann ar an lá chomh maith le duaiseanna le buachan. Bí cinnte go gcuireann tú an dáta san fhéilire agus ná caill amach ar an deis iontach seo.
Orla Coffey – Eagarthóir Gaeilge