Fáilte chuig COBÁC, see bíodh sibh ag teacht thar n-ais chugainn nó ag teacht den chéad uair. Is mise Shane agus tá mé i mo Reachtaire ar an gCumann Gaelach i gCOBÁC. An sprioc atá againn sa Chumann ná teanga na Gaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn i measc phobal na hOllscoile ins an chaoi is taitneamhaí, cialis is spraoiúla agus is spleodraí agus ar féidir linn!

Go dtí seo i mbliana d’eagraíomar céilí in Ionad Cónaithe Merville, Caifé agus Comhrá (a bheidh ar siúl gach Céadaoin ag a haon sa Seomra Caidrimh – Newman B207), agus neart imeachtaí i rith Sheachtain na bhFreisear. Bhí an draíodóir RUA linn Dé Máirt ag taifead a chlár nua ar TG4, bhí na seisiúin Trad for Trócaire ar siúl thart an champais, bhí fáiltiú in Ionad na Mac Léinn dos na baill nua, agus Oíche Chraiceáilte (agus fíor-dhéanach) i gClub Chonradh na Gaeilge (d’fhág muid ar a 6am!!). Seans maith go bhfaca sibh mic léinn ag caitheamh t-léinte Mr Men & Little Miss an tseachtain seo le Gaeilge orthu – b’shin iad t-léinte an Chumainn! Chas muid le Ryan Tubridy chomh maith in RTÉ agus tá an grianghraf leis ag caitheamh t-léinte an chumainn le feiceáil ar ár suíomh facebook: facebook.com/CumannGaelachUCD. Bí cinnte bheith i dteagmháil linn i rith na bliana seo ar an leathanach, nó ar twitter.com/cumanng_ucd, nó ar an suíomh idirlíne cumanngaelach.ie!

Mura bhfuair tú do bhallraíocht go dtí seo, ná bíodh imní ort, is féidir clárú linn ag aon cheann dár n-imeachtaí i mbliana!

Tá neart imeachtaí iontacha fós le teacht, an Turas Mistéireach ar an 4 Deireadh Fómhair agus an turas chuig Oireachtas na Gaeilge ach go háirithe. Is é an t-Oireachtas an deireadh seachtaine is fearr a bheidh agat ar an gcoláiste, agus is i Leitir Ceannainn a thárlóidh sé i mbliana. Is féilé é a chéiliúrann an cultúr Gaelach, agus má fhiafraíonn tú ar éinne a d’fhreastail air, deirfidh siad a rud céanna leat – níl aon rud cosúil leis.

An tseachtain seo beidh Dioscó á chur ar siúl againn i gClub Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair. Tá an t-eolas uilig ar an leathanach Facebook agus beidh saorchead isteach roimh a 10 do bhaill an Chumainn.

Coinnigh i dteagmháil linn maidir le himeachtaí a bhéas á gcur ar siúl againn, ina measc siúd Díospóireachtaí, Rós UCD, Tóg Amach Mé, Bál na Gaeilge, Peilfield, Seó Talún, Cóisir Cásca, Bronnadh Ghradam de hÍde, agus tuilleadh imeachtaí eile.

Má tá tú ag iarraidh a bheith páirteach i gCoiste na Chéad Bliana nó le Criú an Chumainn, seol ríomhphost chuig runai@cumanngaelach.ie le do chuid sonraí agus beidh tú i gcroílár an Chumainn.

Bainigí sult as an mbliain seo romhaibh agus bígí chomh páirteach sa Chumann agus is féidir libh!