Cuireann Dónal Ó Gallachóir síos ar an nós marfach uileláithreach arbh é caitheamh tobac é.

 

1964. An bhliain ba mheasa don chaiteoir tobac. An bhliain inar foilsíodh tuairisc ag rá go raibh nasc díreach idir ailse agus tobac. Tuairisc a bhí tubaisteach do cheann de na tionscail is mó agus is cumachtaí ar fud an domhain, nurse an tionscal tobac. D’fhulaing na comhlachtaí tobac go dona, agus tá siad fós ag fulaingt sa lá atá inniu ann. Gach lá, éiríonn daoine as an tobac. Caitheann siad an paicéad agus an lastóir sa bhosca bruscair agus deir siad leo féin “Sin é.” Sin é. Ní chaithfidh mé feasta. Dá bhrí sin, cén fáth a bhfuil caiteoirí againn fós? Cén fáth a bhfuil bunanna toitíní i ngach áit? Mar téann siad ar ais arís. Tar éis uaire, tar éis lae, tar éis míosa. Téann siad ar ais, ag rá go mbeidh ceann amháin acu. Leathcheann fiú. Mar gheall ar an toitín amháin sin, tá said caite isteach arís san fháinne fí. Is andúiligh iad. Is andúiligh muid. Táimid gafa ag substaint uafásach mhíshláintiúil.  Agus nílimid in ann éirí as.

 

Is caiteoir tobac mé. Táim ag caitheamh le trí bliana anuas. Ar an drochuair, chuaigh mé tríd an bpróiséas thuas faoi cheithre ar a laghad. Próisis fhíordheacara a bhí iontu, agus mar is léir daoibh, theip orm éirí as an tobac chuile huair. I ndeireadh na dála, ghlac mé leis nach bhfuilim in ann an bata agus an bóthar a thabhairt dó. Adhmhaím go bhfuilim gafa leis, agus go bhfuilim ag déanamh dochair do mo shláinte. Breathnaím ar na pictiúir uafásacha ar na paicéid agus sula lasaim an toitín, tuigim go bhfuil seans níos mó agam ailse a fháil. Glacaim ar aon nós, agus déanaim glandearmad ar an gcontúirt dhá shoicind níos deanaí, nuair a mhothaím an toit ag líonadh mo bhéil.

 

Chun an fhrínne a rá, bím níos buartha faoi stádas na gcaiteoirí ná stádas mo shláinte. Le blianta beaga anuas, bhí caiteoirí tobac idéalach. Na daoine ba cháiliúla, ba ghnéasaí, ba dháthúla a bhí iontu. Is cuimhin liom an scannán Casablanca, a bhí lán leis na haisteoirí ba mhó ag an am. Bhí Humphrey Bogart ina shuí ag caitheamh a thoitíní i rith an scannáin. Chomh maith leis sin, bhí réimse leathan fógraíochta ar fáil i ngach áit, ag tairscint díolacháin agus praghsanna ísle. I láthair na huaire, táimid ar imeall na sochaí, caite amach i ngach teach tábhairne sa chúinne ag iarraidh an bháisteach a sheachaint. Tá orainn praghsanna an-ard a íoc mar gheall ar ár n-andúil. Níl fógraíocht ar bith againn, bosca liath taobh thiar den chuntar i ngach siopa. Gach uile cháinaisnéis téann praghas an tobac suas toisc go mbeidh an stát ag íoc as ár gcúram sláinte nuair a éirímid tinn mar gheall ar an tobac. Aontaím leis an smaoineamh seo áfach. Ba cheart go mbeadh an locht orainn agus muid inár luí ar leaba ár mbáis. Giorraímid ár saolta le gach toitín. Tá sé sin ar eolas againn. Ach is cuma linn.

 

Nílim ag iarraidh tobac a chur chun cinn, ná daoine a mhealladh chuige. Nílim ag iarraidh é a idéalú, agus nílim ag lorg níos mó cearta do na caiteoirí. Nílim ach ag rá go bhfuil caiteoirí tobac ag éirí níos annaimhe, agus go bhfuil laethanta na gcaiteoirí beagnach thart.  Bhí ról mór ag tobac i stair an chine daonna, agus tá an ról sin an laghdú lá i ndiaidh lae. I gceann tríocha bliain fiú, ní bheidh ach mionlach bídeach ag caitheamh tobac.  Thógfadh sé na mairbh as an uaigh.