Beidh Cruinniú Cinn Bhliana an Chumainn Ghaelaigh ar siúl Dé Máirt seo chugainn i bhFoirgneamh Newman (Nua-Léachtlann 1) ar a 6.30i.n. Le triúr ag cur isteach ar phost an reachtaire is deis í seo don lucht vótála a shocrú cé acu, Erin Nic an Bhaird, Shane Ó Gruagáin nó Jamie Mac Uiginn, an iarrthóir is fearr don phost.
Cén pleananna atá agat don chumann?
Nic an Bhaird: Tá trí aidhm ag an Cumann Gaelach de réir an Bhunreacta, agus baineann an fhís atá agam don Chumann go díreach leis na haidhmeanna sin. (1) An Ghaeilge a chur chun cinn i UCD: Ba mhaith liom go mbeadh an Ghaeilge i bhfad níos so-fheicthe, ní hamháin ar champas ach ar na líonraí sóisialta. Is féidir linn an-chuid a fhoghlaim ó Choláiste Lurgan agus a leithéid faoi conas an Ghaeilge a chur chun cinn i slí nua-aimseartha, bríomhar, nuálach agus tarraingteach. (2) A bheith gníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge: Bheinn ag iarraidh an nasc atá ag an Cumann leis na heagraíochtaí Gaeilge móra agus na Cumainn Gaelacha i gcoláistí eile a choimeád agus a fhorbairt. (3) Freastal ar Ghaelgóirí na hOllscoile: Gan amhras is é seo an chuid is tábhachtaí dom – ní mór don Chumann líonra agus spiorad pobail níos láidre a chruthú idir díograiseoirí na Gaeilge i UCD.
Ó Gruagáin: Ba mhaith liom dá mbeadh an Cumann Gaelach ar cheann de na cumainn is mó ar champas. Faoi is mó an rud atá i gceist agam ná go mbeadh sé feiceálach agus go mbeadh an-chuid daoine ag freastal ar na himeachtaí. Ba chóir go mbeadh sé ar an leibhéal céanna leis an L + H. Ach seans nach féidir é sin a dheanamh i mbliain amháin. Chun tús a chur le sin a chur i grích tá mé chun béim faoi leith a chur ar ócáidí reatha. Ritheann an L + H díospóireacht gach seachtain nó coicís, mar sin tá a fhios ag daoine go mbíonn siad ar siúl, agus tá a fhios ag daoine cé chomh iontach is atá siad. Dá mbeadh ócáidí reatha go leanúnach ag an gCumann tríd an bhliain, bheadh an Cumann i bhfad níos láidre, dar liom.
Mac Uiginn: Tá plean cuimsitheach agam don bhliain seo chuigainn! Tá an plean seo bunaithe ar mo fhís don chumann agus is é sin ná cumann níos láidre, oscailte agus gníomhaí a chruthú. Ó thaobh na himeachtaí de, tá siad roinnte suas agam in Litríocht agus an Léann Gaeilge, siamsaíocht, spórt, dramáíocht agus díospóireacht nó LSD fáchoinne é a dhéanamh níos giorra! Tá straitéis agam fá choinne na líonraí sóisialta agus beidh proiseáis faoi leith i bhfeidhm agam sa dóigh is go mbeidh na himeachtaí scríobhte síos agus cloiste ag formhór de lucht na hollsoile. Chomh maith, táim ag iarraidh an chumann a bheith níos neamhspléachaí ón scéim agus táim ag iarraidh go mbeidh sé níos fuasa idirdhealú idir an bheirt a dhéanamh. Tá mé ag iarraidh an coiste a athnuacháin chomh maith agus le coiste níos daingne a bhunadh. Beidh mo smaointí á mhíniú níos soiléire agam sna ceisteannaí thíos.
Bhí gach iarrthóir ar Scéim Chónaithe Bhord na Gaeilge i mbliana. An gceapann tú gur gá mic léinn lasmuigh de Theach na Gaeilge a mhealladh chun an Chumainn Ghaelaigh nó an gceapann tú go bhfuil dóthain ball gníomhach lasmuigh de Theach na Gaeilge faoi láthair?
Nic an Bhaird: Gan aon agó is gá lánfháilte a chur roimh mic léinn lasmuigh de Theach na Gaeilge bheith mar chuid lárnach den Chumann má tá spéis acu! Dá mba rud é nár éirigh liom áit a bhaint amach i dTeach na Gaeilge i mbliana, bheinn fós ag iarraidh páirt gníomhach a ghlacadh i saol na Gaeilge ar champas. Ceapaim uaireannta nach dtuigeann daoine nach ionann an Scéim agus an Cumann Gaelach – cé go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil comhoibriú eatarthu, is dhá rud eagsúil atá ann. Tá daoine gníomhach sa Chumann faoi láthair nach raibh ar an Scéim riamh agus is iontach an rud é sin dar liom.
Ó Gruagáin: Cinnte gur gá níos mó daoine ó thaobh amuigh den Teach a mhealladh. Tá an chuid daoine a ndéanann staidéar ar an nGaeilge ach ní freastlaíonn siad ar ócáid ar bith! Caithfimid é sin a athrú.
Mac Uiginn: Ní chorr go mbeimid ag brath ar an scéim i gconaí. Gan dabht, tá pointe faoi leith le daoine eile lasmuigh den scéim a tharraingt isteach. Beidh siad abálta smaointí agus tuairimí nua a leiriú agus an cumann a athnuachanú mar a bhí mé ag rá níos luaithe. Is féidir leo dearcadh difriúla, nua-aimsearthaí a thabhairt don gcumann.
Céard iad na tréithe agus scileanna atá agat a bhaineann le post an reachtaire, dar leat?
Nic an Bhaird: Is duine thar a bheith eagraithe mé, tá scileanna bainistíochta ama den scoth agam agus nuair atá post le déanamh, bíonn sé déanta agam go chruinn ceart. Tá na scileanna ceannasaíochta agus cumarsáide agam chun coiste an Chumainn a stiúradh is a spreagadh, agus is duine fíor-dhíograiseach agus oscailte mé – sílim go bhfuil na tréithe seo iontach tábhachtach d’aghaidh an Chumainn.
Ó Gruagáin: Tá mé eagraithe agus tá aithne agam ar an-chuid daoine sa choláiste ó ghrúpaí éagsúla. Freisin tá an chuid taithí agam ar ócáidí a eagrú; idir a bheith mar ionadaí ranga agus a bheith mar chathaoirleach ar chomhairle na ndaltaí sa mheánscoil. Mar gheall go bhfuil mé mar ionadaí ranga freisin tuigim go maith conas coiste a rith agus cruinniú a stiúradh.
Mac Uiginn: Is iad na tréithe atá agam ná paisean agus dúthracht. D’obair mé mar chaothaoirleach ar Chomhairle na Mac Léinn I mo mhéanscoil agus bhí mé mar ionadaí Comhairle na n-Óg Dhún na nGall ar an gCoiste Fheidhmiúcháin Naisiúnta de Chomhairle na n-Óg in Éirinn. Ag an am seo bhí mé ag déanamh ionadaíocht ar 60,000 daoine óga i nDún na nGall. De bharr seo, tá an iomarca scileanna cuí agam le haghaidh post an reachtaire a dhéanamh go rathúila agus go phroifésiúnta. Ó nuair a thóghadh mé ar Chomhairle na n-Óg Dhún na nGall I 2010, d’fhorbair mé mo chuid scileanna chumarsáide, ceannaireachta agus tionscnaíochta; scileanna atá thar a bheith tabháchtach agus riachtanach do phost an reachtaire.
Céard is an locht is mó atá ort féin?
Nic an Bhaird: Uaireannta agus mé ag obair i ngrúpa, bím sásta tabhairt faoin obair ar fad liom fhéin. Ach i mbliana agus mé ag eagrú imeachtaí, go háirithe comórtas díospóireachta Maidens na Gaeilge, fuair mé tuiscint níos fearr ar an tábhacht a bhaineann le foireann tacaíochta gur féidir braith orthu. Táim cinnte, dá dtoghfaí mé, go mbeinn in ann coiste láidir den chéad scoth a chur le chéile ionas go mbeadh muinín agam astu a bpostanna a dhéanamh mar is ceart.
Ó Gruagáin: Bím déanach go minic go dtí rudaí, agus uaireanta deirim ‘sea’ le an-iomarca rudaí agus ansin ní bhíonn aon am agam mar gheall gur gá dom gach rud a dhéanamh. B’fhéidir gurb é sin an fáth go mbím déanach go minic…
Mac Uiginn: Is foirfeoir mé I ndairíre, tá mé i gconaí ag iarraidh an jab is fearr a dhéanamh de thionscnaimh. Ar an drochuair cuireann seo moill ar rudaí ach bíonn na himeachtaí de ard chaighdéan agam I gconaí. Chomh maith le sin, glacaim mhórchuid den obair ach má tá coiste láidir cuidiúil ar mo chúl is féidir liom seo a sheachaint go furast.
Céard é an tréith is fearr a bhaineann le gach ceann de na hiarraitheoirí eile?
Nic an Bhaird: Tá Shane thar a bheith cairdiúil, sóisialta agus muiníneach. Sílim go bhfuil tuiscint mhaith aige ar mianta na mic léinn ó thaobh imeachtaí de, agus go bhfuil taithí aige bheith ag eagrú rudaí mar Ionadaí Ranga. Dá dtoghfaí mé bheinn ag iarraidh duine ar nós Shane chun áit an Oifigeach Shiamsaíochta a líonadh. Tá dúil mór ag Jamie sna líonraí sóisialta ar nós Twitter agus Instagram, agus tuigeann sé go maith go bhfuil athchóiriú ollmhór ag teastáil ar láithreacht ar líne an Chumainn. Dar liom bheadh Jamie ina Oifigeach Chaidrimh Phoiblí den scoth.
Ó Gruagáin: Tá smaointe an-mhaith ag Erin don Chumann. Tá Jamie ag iarraiadh a bheith mar bhall agus páirteach i ngach rud i gcónaí.
Mac Uiginn: Erin, Eagraithe, Eagraithe, Eagraithe. Tá sí an duine is eagraithe a castáil mé le ariamh, leis an fhírinne a rá. Bheadh sí sár-mhaith mar rúnaí de bharr seo. Shane, Is duine sóisialta agus an-chainteach é Shane. Tá sé tharr a bheith cruthaíoch ó thaobh na siamsaíochta de agus bheadh sé ar dóigh mar oifigigeach siamsaíochta.
Céard is an locht is mó atá ar na iarraitheoirí eile?
Nic an Bhaird: Ar an gcéad dul síos ba bhreá liom a rá go bhfuil ard-mheas agam ar Shane agus Jamie, agus guím gach rath orthu sa toghchán. Sin ráite, ón méid atá cloiste agam ó mo chomh-iarraitheoirí, bheinn ceisteach faoi cé chomh dáiríre is a bhfuil siad faoin bpost – ní dóigh liom go bhfuil fís láidir acu don Chumann, nó go bhfuil siad chomh díograiseach agus diongbháilte ó thaobh spreagadh na Gaeilge de is gur chóir dóibh a bheith má theastaíonn uathu tabhairt faoin bpost seo go héifeachtach.
Ó Gruagáin: Is féidir le Jamie a bheith leisciúil ó am go chéile, agus uaireanta ní féidir leis ‘no’ a rá. Is féidir le Erin a bheith neamh-réalaíoch lena smaointí uaireanta.
Mac Uiginn: Tá mé cairde le hErin anois fá choinne níos mó na 2 bhliain agus caithimse a rá go bhfuil sé deacair teacht ar locht! Sílim an fadhb is mó atá aici ná go bhfuil sí ró-dheas agus le bheith mar reachtaire caitheann tú a bheith abálta seasamh an bhfód ar mhaithe leis an gcumann agus a bheith cruaidh ar daoine nach bhfuil ag dhéanamh a bpost mar is gceart. An rud le shane ná go mbíonn sé i gconaí ag déanamh rud éigin. Bí sin ag obair mar ionadaí ranga, ag cur ranganna gorlanna ar siúl nó ag staidear fá choinne a chúrsa. Tá a chúrsa iontach dheacair agus ní shilim go mbeidh sé in ann móran ama a chur isteach sa chumann agus gur chorr!
Cé acu is tabhachtaí dar leat, lucht an “cúpla focal” a mhealladh nó tús áite a thabhairt do lucht na líofachta?
Nic an Bhaird: Dar liom, ní bhaineann sé le caighdeán teanga – tá dualgas ar an gCumann freastal ar gach éinne a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge. Chruthóinn cumarsáid níos fearr idir baill an Chumainn agus an coiste, chun aiseolas a fháil ar na saghas imeachtaí a bhfuil éileamh orthu, bíodh sin imeachtaí lán-Ghaeilge nó imeachtaí ‘cúpla focal’. Dhéanfainn chuile iarracht gach díograiseoir na Gaeilge a mhealladh, is cuma cé chomh líofa is atá siad.
Ó Gruagáin: Tá mé ag iarraidh freastal ar ghach duine ach dar liom ní bheadh suim ag lucht an ‘cúpla focal’ in an-chuid de na himeachtaí, agus bheadh sé deacar iad a mhealladh. Tá lucht na líofachta i gcónaí sásta freastail ar na himeachtaí. Dar liom ba chóir dúinn béim a chur ar daoine le Gaeilge mhaith a mhealladh. Ní gá go mbeadh siad líofa ach go mbeadh siad réasúnta compordach ag labhairt nó ag imirt peile nó mar sin trí mheán na Gaeilge. É sin ráite tá slua ollmhór do dhaoine gan Ghaeilge ar bith atá sásta freastail ar imeachtaí- lucht Erasmus srl. Ba chóir dúinn ócáidí speisialta a dhéanamh dóibh siúd.
Mac Uiginn: Ní choir tús áite a thabhairt do grúpa amháin thar an gceann eile! Tá an beirt acu chomh tábhachtach lena chéile. Is cumann muid a n-oibríonn chun achan duine a shásamh. Is féidir linn na grúpaí uilig a shásamh. I mbliana, tá mé ag iarraidh go mbeidh oifigeach siamsaíochta amháin a bheith díríthe ar lucht na líofachta agus oifigeach siamsaíochta eile díríthe ar lucht an cúpla focal, mic léinn idirnaisiúnta agus tosaitheoirí Gaeilge. Cruthaíodh na oifigigh seo imeachtaí ar son na grúpaí seo.
Mura dtóghfaí i do reachtaire thú an mbeifeá sásta a bheith ar an gcoiste? Cén ról a ghlacfá?
Nic an Bhaird: Bheadh suim agam i bpost an Rúnaí nó bheith i m’Oifeagach Chaidrimh Phoiblí mura dtoghfaí mé, bheinn fós ag iarraidh ról lárnach a ghlacadh agus cur le saol na Gaeilge ar champas dar ndóigh.
Ó Gruagáin: Bheinn lán sásta a bheith ar an gcoiste. Táim idir dhá chomhairle, glacfainn le hoifigeach siamsaíochta nó le GBC (OCM). Sin iad na ról is oiriúnaí dom, dar liom féin.
Mac Uiginn: Gan dabht ar bith faoi sin, bhí mé ag obair ar an gcoiste i mbliana agus tá mé ag iarraidh cur le sin an bhliain seo chuigainn. Muna dtóghfaí mé mar reachtaire, bhéinn ag iarraidh a bheith mar oifigeach caidireamh phoiblí nó ag obair lena méain chumarsáide.
An dóigh leat go raibh bliain rathúil ag an gCumann? Conas a chuirfeá feabhas don bhliain seo chugainn?
Nic an Bhaird: Bhí bliain iontach ag an gCumann – na buaicphointí atá ar intinn agam ná Seachtain na bhFreisir, ‘An Triail’, Oireachtas na Samhna, agus Gaelbreak – díreoinn ar na rudaí rathúla seo a fhorbairt an bhliain seo chugainn. Ach tá rudaí a bhfuil an-dul chun cinn le déanamh orthu chomh maith, go háirithe ó thaobh poiblíocht de; aontacht a chruthú idir baill an Chumainn, agus comhoibriú le muintir Teach na Gaeilge.
Ó Gruagáin: Dar liom bhí bliain réasúnta rathúil ag an gCumann. Is é seo mo chéad bhliain ar an gcoláiste, só ní fhaca mé conas ar fheidhmigh sé an bhliain seo caite. Déanfainn iarracht imeachtaí leanúnacha a dhéanamh. Agus cuirfinn an-bhéim ar Gaelbreak, déanfainn iarracht é a dhéanamh mar mhór imeacht na bliana.
Mac Uiginn: Faoi striúir Séamus, bhí bliain thar a bheith rathiúil ag an gcumann ar cúpla bhealaigh. B’fhéidir nach raibh an méid céanna imeachtaí ón bhliain seo chaite ach mhúnlaigh sé íomhá an chumainn go mór. Is cumann mór le rá muid anois de bharr na himeachtaí a raibh ar siúl. Tá an iomra thart anois gur cumann an-phroifésiúnta muid agus táim ag iarraidh cur le sin an bhliain seo chuigainn. Bhunaigh an cumann a léir tionscnaimh fad-théarmach a féidir linn a néartú, bliain ar bhliain; mar shampla Gaelbreak, Maidens na Gaeilge agus An Triail. An bhliain seo chuigainn, beidh mé ag iarraidh leannacht ar aghaidh leis an obair díograiseach a rinne Séamus. Táim ag iarraidh An Triail a chur ar stáitse san Astra Hall, níos mo phoiblíocht a dhéanamh ar Ghaelbreak-ag baint úsáid as na líonraí sóisialta ar fad, maidens na Gaeilge á eagrú níos agus níos mó daoine a mhealladh chun páirt a ghlacadh ann. Beidh mé ag iarraidh imeachtaí a chur ar siúl chun na mic léinn idirnaisiúnta agus lucht an cúpla focal a tharraingt isteach chuig an gcumann.
An bhfuil sé ar intinn agat róil choiste eile a chruthú as an nua, iad a fhágáil mar atá, nó fáil réidh le cinn ar leith?
Nic an Bhaird: Chruthóinn post d’Ionadaí na Céad Bliana atá ag déanamh staidéar ar an nGaeilge. Eagróinn toghchán chun an áit sin a líonadh ag tús an chéad seimeastar 2016. Bheadh sé mar dhualgas ar an duine bheith i gceannas ar leathanach Facebook na bhFreisir in éineacht leis an Oifeagach Chaidrimh Phoiblí; aiseolas a bhailiú ó lucht na céad bliana agus é sin a phlé ag cruinnithe an choiste; agus imeachtaí a chur chun cinn i measc mic léinn na céad bliana. Ba bhreá liom freisin go mbeadh beirt Oifigigh Chaidrimh Phoiblí mar sílim go bhfuil forbairt agus dul chun cinn ollmhór le dhéanamh ar an slí go gcuireann an Cumann (a) an Ghaeilge, agus (b) imeachtaí an Chumainn chun cinn.
Ó Gruagáin: Mar a deir sé I gcur I láthair le haghaigh glór na ngael tá an coiste chun roinnt postanna nua a chur ar an gcumann. Oifigeach Teach na Gaeilge, Ionadaí scoil na Gaeilge, Ionadaí céad bliana. Freisin ba mhaith liom brú a chur ar ionadaí ranga don Ghaeilge a bheith ar an gcoiste. N’fheadar an ndéanfaidh mé post as?
Mac Uiginn: Tá athnuachán agus athbheochán iomlán á iarraidh agam fá choinne an choiste. Tá suas le 6 phost nua atá mé ag iarraidh a chur faoi bhun, idir ionadaí na Céad Bliana, oifigeach na bhFreisear, Oifigeach na Mic Léinn Idirnáisiúnta agus Tosaitheoirí Gaeilge, ionadaí Scoil na Gaeilge agus seans d’ionadaí ranga na Gaeilge suí ar an gcoiste chomh maith srl. Tá mé ag iarraidh machnaimh a dhéanamh ar mo phost i mbliana, ionadaí na scéime. Níl morán fiúntas leis an bpost má tá an reachtaire nó an leas-reachtaire ón scéim ach caithimse a rá gur bhain mé idir tairbhe agus taitneamh as agus tá mé fíorbhuíoch as an taithí a thug sé domh.
Céard é a chuireann tusa chun tosaigh ar na iarrthóirí eile, agus cén fáth ar cheart vóta a chaitheamh ortsa?
Nic an Bhaird: An rud is mó a chuirim chun tosaigh ar Shane agus Jamie ná go raibh mé an-bhainteach le cumainn móra eile i mbliana. Thug sin inspioráid dom – tuigim an saghas dul chun cinn atá le déanamh chun an Cumann a dhéanamh níos rathúla. Tá fís láidir agam don Chumann agus plean praicticiúil agam faoi conas an fhís sin a chur i bhfeidhm. Dhéanfainn an Ghaeilge níos sofheicthe ar champas agus ar na líonraí sóisialta, chruthóinn líonra & spiorad pobail níos láidre Gaeilgeoirí UCD; agus forbróinn coiste láidir, éifeachtach agus táirgiúil. Táim tar éis an-chuid machnamh a dhéanamh ar an obair, diongbháilteacht agus fuinneamh atá de dhíth chun an Chumann Ghaelach a stiúradh agus a spreagadh. Creidim go mbeinn lán ábalta tabhairt faoin dúshlán sin.
Ó Gruagáin: Ba chóir díobh vóta a chaitheamh dom , i mo thuairim, toisc go bhfuil níos mó taithí agam ar eagrúchán ócáidí agus iarracht a dhéanamh daoine a mhealladh chuig na hócáidí sin. D’fhoghlaim mé an-chuid i mbliana faoi conas ócáid a eagrú agus an bealach is fear chun daoine a mhealladh ann, tríd ag obair le haontas na mac léinn agus a bheith páirteach sa chumann. Chomh maith le sin tá aithne agam ar níos mó daoine, idir Innealtóireacht, an Aontas agus a bheith i mo chónaí i mBáile Átha Cliath.
Mac Uiginn: Tá taithí ollmhór agam a bheith mar pháirt do choiste, bí sin i gceannas ar nó mar bhall gníomhach ar choiste. Sílim go bhfuil an taithí sin in easnamh ag na hiarrathóirí eile. Bhí mé ar an gcoiste i mbliana, bhí an taithí seo tharr a bheith tabháchtach, go háirithe agus mé ag dul fá choinne reachtaireacht an chumainn. Níl a fhios ag na hiarrathóirí eile cén dóigh a fheidhmíonn an cumann gaelach go laethiúil. Ní thig le duine ar bith dul díreach isteach agus a bheith mar reachtaire ar chumann ar bith muna bhfuil an taithí cuí acu. Bheadh siad caillte agus má tá siad caillte ní bheadh siad in ann an cumann a choinneáil in ord agus in eagair. Tá mo chroí istigh sa ghaeilge agus tá súil agam go tóghadh sibh mé ag CGB an chumainn Gaelaigh ar an mháirt seo chuigainn. Go raibh míle maith agaibh!