Agallamh leis an mbeirt iarrthóirí do Reachtaireacht an Chumainn Ghaelaigh don bhliain seo chugainn, Séamus Ó Ceanainn agus Eoghan Mac Domhnaill.

Tugadh na ceisteanna céanna don bheirt, níor athraíodh na freagraí ar thug siad in aon slí.

-Cén pleannanna atá agat don Chumann?

Séamus: Tá mé ag iarradh an bealach go bhfeidhmníonn an choiste a athrú chun é a dhéanamh níos éifeachtaí agus níós gníomhaí. Tá mé ag iarradh obair leis an Reachtaire reatha Dónal chun áiseanna tacaíochta níos fearr a chur ar fáil do reachtairí sa todhchaí, agus tá sé ar intinn agam bunreacht an Chumainn a fhorbairt. Tá go leor do na pleananna eile atá agam leagtha amach sna ceisteanna thíos.

Eoghan: Ar a gcéad dul síos táim ag iarraidh tuilleadh imeachtaí a chur ar fáil in éineach leis na Cumainn eile i UCD, mar shampla céilí na gcontaetha a reachtáil leis an gclub CLG. Chomh maith leis sin táim ag iarraidh an dráma An Triail a léiriú le Dramsoc le linn Seachtain na Gaeilge. Ceapaim go mbeidh an-éileamh ar an dráma seo, agus go bhfreastalódh daltaí méanscoileanna agus ollscoile araon air. Bheinn ag iarraidh aon bhrabus a dhéanfaí as an dráma seo a thabhairt do chatharnacht. Sinne an t-aon chumann ar an gcampas faoi láthair nach gcuireann airgead ar fáil do charthanacht gach bliain. Tá roinnt rudaí eile ar intinn agam ach níl mo dhóthain spáis agam!

 

-An dóigh leat go raibh rath ar an Reachtaire reatha? Cad chuige a cheapann tú sin?

Séamus: Sílim go raibh rath ar an Reachtaire reatha sa chaoi is go raibh bliain rathúil ag an gCumann agus tá súl agam leanúint leis an obair mhaith atá déanta ag Dónal.

Eoghan: Ceapaim go ndearna an Reachtaire jab den chéad scoth, rinne sé iarracht seans a thabhairt do gach ball imeacht a eagrú agus ní hamháin sin, ach thug sé deis do bhaill áirithe sa chéad bhliain áit a ghlacadh ar an gcoiste. Ceapaim féin gur smaoineamh den chéad scoth é seo, tuigimid anois conas mar a fheidhmíonn an coiste agus tá níos mó taithí againn ag dul isteach sa chéad bhliain eile. Táim ag iarraidh an struchtúr seo a thug an Reachtaire isteach a choinneáil.

 

-Cén t-athrú / athruithe a chuirfeá i bhfeidhm an bhliain seo chugainn?

Séamus: Is dócha ceann de na áiteanna go bhfeicim go bhfuil gá le feabhsú ná dáileadh postanna i measc baill an choiste agus teagmháil níos fearr a dhéanamh idir muintir Scéim Chónaithe na Gaeilge agus Coiste an Chumann Gaelach. Ag tús na bliana ach go háirithe bhí muintir na Scéime ag eagrú a n-imeachtaí féin don Chumann Gaelach ach ceapaim gur chóir go ndéanfaí iarracht go mbeidh siad ar fáil mar áis tacaíochta do bhaill an choiste chomh maith.

Eoghan: Nílim ag iarraidh imeacht a chur ar súil gach seachtain, éiríonn daoine bréan dóibh agus faoi dheireadh na bliana ní bhíonn ach 50% de na daoine fós ag freastal ar na himeachtaí. Táim ag iarraidh imeachtaí níos mó a chur ar siúl gach dara seachtain, sabhálfaidh sé seo airgead ar an gCumann ó thaobh póstaerachta de agus, chomh maith leis sin, bheadh níos mó suime ag na baill freastal ar na himeachtaí.

 

-An bhfuil sé i gceist agat poist nua a chumadh don Choiste?

Séamus: Tá sé ar intinn agam dhá toghcháin do baill an Chumann a bheith ann ag tús an bliain seo chugainn- ionadaí ranga do lucht Gaeilge na céad bliana agus ionadaí Scéim Chónaithe na Gaeilge. Chomh maith le sin tá sé ar intinn agam go mbeidh beirt oifigigh siamsaíochta ann agus go mbeidh siad ag stiúradh gach imeacht de chuid an Chumann Gaelach nach bhfuil faoi chúram duine do na oifigigh eile.

Eoghan: Táim ag iarraidh go mbeadh ionadaí ón gcéad bhliain ann ó thús mhí Dheireadh Fómhair seo chugainn. Post is ea é seo a chruthaigh an Reactaire reatha ach táim ag iarraidh é a choinneáil mar phost buan. Chomh maith leis seo táim ag iarraidh go mbeadh spás faoi leith curtha ar fáil don eagarthóir Gaeilge den Tribune/Observer. An post deireanach a chruthóidh mé ná an tOifigeach Gaeilge. Duine atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge a bheidh sa phost, a bheadh in ann tuairimí na Mac Léinn Ghaeilge a chur chun cinn os comhair an choiste.

 

-Céard é an locht is mó atá leis an iarrthóir eile dar leat?

Séamus: Le déanaí bhí mé ag obair le Eoghan ar an dlúthdhiosca Macalla in éineacht leis an gCumann Cheoil Traidisiúnta. An locht is mó atá leis, ón méid atá feicthe agam, ná go mbíonn deacrachtaí aige fadhbanna féideartha a aithint agus go raibh fadhbanna ann le dáileadh na postanna. Ach caithfidh mé a adhmáil cé nach raibh sé go hiontach le dáileadh na postanna, mar thoradh ar sin rinne sé go leor don obair é féin agus tá sárobair déanta aige ar an dlúthdhiosca agus na himeachtaí a bunaíodh thart air.

Eoghan: Tá sé deacair teacht ar locht i leith Shéamuis. Is cairde muid agus d’oibríomar ar an gcuid imeachtaí le chéile i mbliana. An t-aon locht amháin a d’fhéadfaí a thabhairt ná nach raibh sé bainteach le heagrú Rás UCD. Tá Rás UCD ar cheann de na himeachtai is mó agus is rathúla a bhíonn ag an gCumann gach bliain, agus táim fíor-shásta go bhfuair mé féin an taithí i mbliana agus mé bainteach le cúrsaí eagrúcháin an imeachta. Chomh maith leis sin, maidir le tionscadal na ndlúthdhioscaí a bhí againn i mbliana go míréalaíocht áirithe ag baint le méid na ndlúthdhioscaí a ndíolfaí.

 

-Céard é an locht is mó atá ort féin?

Séamus: An locht is mó atá orm ná nach teastaíonn uaim tromlach na hoibre a dhéanamh liom féin, cé go ndéanfainn obair dian ar son an Chumann teastaíonn uaim coiste gníomhach a bheith taobh thiar dom a bheidh ag déanamh go leor oibre chomh maith.

Eoghan: Ceapaim go ndeanaim iarracht gach duine a shásamh go ró-mhinic, agus tá sé deacair orm diúltú dóibh siúd a chuireann ceist orm rud éigin a dhéanamh dóibh.

 

-Mura dtoghfaí tú sa togchchán an mbeifeá sásta bheith páirteach sa choiste? Cén ról a ghlacfá?

Séamus: Is dócha muna dtoghfaí mé go mbeidh mé ag comaitéireacht ó Cill Dara gach lá, mar sin ní bheidh mé in ann ról lárnach a ghlacadh. Ba bhreá liom a bheith mar Oifigeach Teicneolaíochta muna dtoghfaí mé, mar d’fhéadfainn go leor don obair atá bainteach le sin a dhéanamh ón baile, agus bheadh an ról oiriúnach dom le mo chúlra sa ríomheolaíocht.

Eoghan: Bheinn an-sásta bheith páirteach sa choiste má thugann Séamus cead dom! Ghlacfainn le post ar bith ach ceapaim gur mhaith liom an post mar rúnaí a ghlacadh.

 

-Cé acu is tábhachtaí dar leat: lucht an “cúpla focal”a mhealladh chuig imeachtaí an Chumainn, nó tús áite a thabhairt do lucht na líofachta?

Séamus: Sílim go bhfuil comhréiteach ann. Tá súl agam imeachtaí an Chumainn a roinnnt i dhá sruthanna, imeachtaí do lucht na líofachta agus imeachtaí dóibh siúd atá ag iarradh a Gaeilge a feabhsú, agus go mbeidh an dhá ghrúpa ag teacht le chéile ag mór-imeachtaí an Chumainn ar nós an tOireachtas agus Bál na Gaeilge.

Eoghan: Dar liom féin ceapaim gur chóir go mbéimis ag díriú ar lucht na líofachta, ó mó thaithí féin. Daichead a bhí i mo bhliain ar an meánscoil, agus níl fágtha ach cúigear is fiche nó mar sin a bhfuil an Ghaeilge acu go fóill. Níl na seansanna céanna curtha ar fáil dóibh sa choláiste. Ceapaim gur cóir dúinn lucht na Gaeilge i UCD a bhrú chun a dteanga a úsáid. Níl i gceist agam a rá nár chóir dúinn dearmad a dhéanamh ar dhream an “cúpla focal”, atá fós fíor-thábhachtach don Chumann.

 

-Céard é mar a ghríosfaidh tú lucht na chéad bhliana le páirt a ghlacadh sa Chumann?

Séamus: Tá sé ar intinn agam cead labhartha a fháil os comhair mic léinn Gaeilge na chéad bhliana ag tús na bliana seo chugainn chun iad a mhealladh go dtí an Chumann agus chun duine dóibh a thoghadh mar ionadaí ranga chun suí ar choiste an Chumann Gaelach. Chomh maith le sin tá sé ar intinn agam imeacht mhór a eagrú i rith seachtain na bhfreisear chun dul in iomaíocht leis na cumainn eile agus sinn ag iarradh daoine nua a mhealladh go dtí an Chumann.

Eoghan: Táim ag iarraidh tuilleadh urraíochta a fháil i mbliana ó chomhlachtai príobháideacha chun t-léinte a cheannach. Ceapaim go bhfuil said fíor-thábhachtach le linn “Seachtain na bhFreisear” chun lucht na céad bliana a mhealladh. Táim ag iarraidh imeachtaí ollmhóra a chur ar fáil le linn “Seachtain na bhFreisear” sa dóigh is go mbeidh lucht na céad bliana bainteach leis an gCumann ón gcéad seachtain.

 

-Céard a chuireann tú chun tosaigh ar an iarrthóir eile, agus cén fáth ar chóir vóta #1 a chaitheamh ar do shon?

Séamus: Tá cúlra agam sa cheoil, sa díospóireacht (tá trí bhoinn Oireachtas buaite agam don díospóireacht), sa drámaíocht (tá craobh náisiúnta Scléip buaite agam sa rannóg dramaíochta), bhí mé ar choiste stiúrtha Ógras (ógeagras Conradh na Gaeilge) le trí bliana anuas, agus bhí mé mar chuid den ghrúpa oibre a d’eagraigh Lá Mór na Gaeilge anuraidh ag lorg cearta teanga do mhuintir na hÉireann. Sílim go cuireann mo réimse leathan spéiseanna agus mo chúlra a bheith ag déileáil le choistí mé chun tosaigh ar an iarrthóir eile.

Eoghan: Ceapaim gur bainisteoir maith tionscadail mé rud a léirigh mé le linn fheachtais na ndlúthdioscaí carthanachta. Déanaim iarracht obair a tharmligean sa dóigh is nach mbeidh duine amháin faoi an iomarca brú agus go mbeidh seans ag gach duine bheith bainteach le gach tionscadal. Táim ag iarraidh an Cumann a fhás agus a fhorbairt ionas go bhféachtar orainn mar cheann de na príomh Chumainn ar champas. Ceapaim gur mise an fear ceart don phost, agus mar sin, vótáil Eoghan #1!