(“Is the All Ireland  final being destroyed by the provincial structure?”)

Pléann Séamas Ó Braonáin fadbhanna leis an struchtúr cúige sa pheil Gaelach agus san iománaíocht.

Tá an Samhradh beagnach thart ó thaobh na gcluichí gaelacha de ach tá rud amháin léirithe sa dá craobhchomórtas maidir le struchtúr. Tá sé in am glacadh leis go bhfuil an struchtúr cúige as dáta agus gur gá le hathstruchtúrú. Ní hamháin ar mhaithe le caighdeán na gcluichí féin ach ar mhaithe le dul chun cinn a dhéanamh ag na contaetha ar fad san iomáint agus sa pheil.

Ar dtús scrúdaimis craobh peile.  D’éirigh le foireann Chiarraí Cluiche Leathceannais a shroicheadh tar éis imirt i gcoinne An Cláir, Thiobraid Árann agus An Clár arís. D’éirigh le foireann a bhí sé de chuspóir acu a bheith mar sheaimpíní na hÉireann a bheith sa leathceannais gan imirt ach i gcoinne foirne a bhí ag imirt i Roinn 3 ag tús na bliana. Ní hé sinn le rá nach raibh an dul chun cinn déanta acu ach fós de fhoireann chomh láidir le Ciarraí, ní raibh mórán de Chraobh acu. Ina theannta sin, tá an struchtúr reatha ina chúis le laghdú sa chaighdeán imeartha, go háirithe sa Laighean. Sna contaetha ar nós Chill Mhantáin, Cheatharlach agus Loch Garman, caileann siad cluiche sa Chraobh Cúige i Mí Bhealtaine agus ansin ní bhíonn cluiche acu ar feadh míosa. Idir an dá linn, imíonn na himreoirí óige thar lear, ar J1 nó rud éigin cosúil leis, toisc go mbíonn easpa imeartha acu agus ní fheiceann siad aon éacht le buachan. Mar gheall ar seo tá sé deacair forbairt a dhéanamh ar na contaetha.

Le blianta anuas, tá an struchtúr cúige an-oiriúnach do Chill Chainnigh. San iomáint Fad is a éiríonn leo Craobh Laighean a bhuachan ní bheidh siad ach 70nóim as Cluiche Ceannais na hÉireann agus bíonn siad i leathcheannais laighean don bhliain ina dhiaidh sin. De chúis éigin, níl bhíonn seaimpíní na Mumhan i leathceannais Mumhan go huathoibríoch don bhliain ina dhiaidh sin. Ach san iomáint tá Cill Chainnigh ag brath ar an struchtúr cúige. Thit Cill Chainnigh as a chéile sa bhliain 2013 nuair a bhí orthu na cluichí cáilithe a imirt. Tar éis imirt i gcoinne trí chontae as Cúige Mumhan, (Tiobraid Árann, Port Láirge & Corcaigh) bhí siad díbeartha.  Ní hamháin sin ach ní féidir a shéanadh go bhfuil struchtúr cúige as dáta nuair atá An Ghaillimh agus Ciarraí ag imirt i gCúige Laighean!

_____________________________________________________________________________________________________________________

Sophie Osborne  Eagarthóir Gaeilge