An Comortas Fós ÉTá Craobhchomórtais Uile Éireann thart don bhliain seo agus mar sin in am féachaint ar aghaidh don bhliain seo chugainn. Bhí tarraingt don chraobhchomórtais cúige againn agus tá an cuma ar an scéal nach bhfuil aon athrú nó stacán i ndán dúinn. Is léir sa pheil go bhfuil Ciarraí agus Corcaigh chun buaileadh le chéile i gCraobh na Mumhan agus buaiteoirí an chluiche sin chun a bheith le Maigh Eo, Áth Cliath mar Sheaimpíní Cúige. Áfach ní féidir Cúige Uladh a thuar agus comórtas oscailte atá ann fós. San iománaíocht is ionann an scéal é, tá Cill Channaigh i Leathcheannais Laighean agus dhá chluiche eile idir iadsan agus Cluiche Ceannais na hÉireann. Áfach le hardchaighdeán le sonrú i gCúige Mumhan is fíor chomórtas oscailte atá ann ach fós Tiobraid Árann chun tosaigh. An raibh aon bhliain ann nuair a bhí Craobhchomórtas níos suimiúla againn?

            Blain 2013 a bhí i gceist. Bhí gach contae gafa leis an iománaíocht. Cén chontae a bheadh an bua acu? Comórtas oscailte Cill Channaigh, Tiobraid Árann agus Gaillimh fiú imithe as an gCraobhchomórtas. D’athraigh atmaisféar Contae Luimnigh as craobh na Mumhan a bhua! Chuir foireann Áth Cliath ionadh ar gach leantóir as rud annamh a dhéanamh – Cill Chainnigh a chur sna cluichí cáilithe! Rug na Cláirínigh bua ar Chontae na Gaillimhe! D’éirigh le foireann Chorcaí Cill Cheannaigh a chur amach as an gCraobhchomórtas! Ar deireadh, bród ar mhuintir an Chláir as an gCraobhchomórtas is fearr riamh a bhua! Meallann an craobhchomórtas seo Sky Sports chun ár gcluichí a craoladh. Tá an cuma ar an scéal go bhfuil ré nua oscailte i ndán don iománaíocht.

            Faraor, ní mar sin a tharlaíonn sé. Bliain i ndiadh sin is léir gurb é an gnáthscéal atá i gceist. Críochnaíonn an craobhchomórtas le cluiche ceannais idir Chill Chainnigh agus Tiobraid Árann. Buann Cill Chainnigh ach fós tá rudaí iontacha le teacht ó Luimneach agus Loch Gormain de réir deallraimh. Arís ní tharlaíonn sin agus in ionad sin tagann an craobhchomórtas is measa riamh. Faraor, tagann dóchas ar mhuintir na Gaillimhe. An í seo an bhliain go mbeidh Bonn Uile Éireann – atá tuillte – buaite ag Joe Canning? Ach arí buann Cill Chainnigh. Ní féidir locht a chur ar Chill Chainnigh as bua. Is foireann den chéad scoth iad. Ar an drochuair ba léir sa mhí Meán Fómhair nach raibh siad ag cur an fiúntas céanna ar ná mar a bheadh Gaillimh. Níl an ceiliúradh céanna ann a thuilleadh.

An é seo an scéal don bhilain seo chugainn? B’fhéidir nárbh é. Is léir go bhfuil foirne maithe ag teacht ó Loch Gorman agus Luimneach i gCraobhchomórtas Faoi 21. Ina theanna sin, tá Gaillimh ag feabhsú mar fhoireann iomlán in ionad foireann le réalt amháin. Is dea-nuacht í do Mhuintir an Chláir go bhfuil Podge Collins ag filleadh go foireann na n-iománaithe. Is mar seo a chríochnaigh Craobhchomórtas 2012 agus tá gach seans ann go mbeidh craobhchomórtas eile ag teacht.

  • Gearóid Óg Ó Greacháin, Eagarthóir Gaeilge