Míníonn Anraí Ó Braonáin cúrsaí eacnamaíochta ár linne.

 

Táthar ag caitheamh neart ama na laethanta seo ar chuimhneacháin staire. Tá comhráití paiseanta ar bun sna meáin faoi láthair maidir le conas gur cóir dúinn Éirí Amach na Cásca a chomóradh an bhliain seo chugainn. Ritheann sé liom go minic go mbeadh sé thar a bheith spéisiúil maireachtáil i ré chomh corraitheach agus chomh réabhlóideach leis an seal atá á chomóradh idir 2014 agus 2022. Deich mbliana na gcuimhneachán atáthar ag glaoch air. Ach is léir gur beag athrú atá tagtha ar an gcine daonna le céad bliain anuas. Níl aon cheist faoi ná go mairimid i ré corraitheach réabhlóideach. I dtuairim bhur scríbhneora, drugstore breathnófar amach anseo ar an mhí seo caite mar an mhí ba shuntasaí i stair an domhain ó chlis ar Lehman Brothers agus córas eacnamaíochta Mheiriceá go tóin poill sa bhliain 2008.

Ón mbliain sin i leith, site is beag athrú atá tagtha ar pholasaithe monatóireachta ná fioscacha na hEorpa. Bheartaigh ceannairí na hEorpa maraon leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE, nó an ECB as Béarla) go ndéanfaí iarracht chun fiachais na hEorpa a laghdú agus iomaíochas na hilchríche a chinntiú tré bheartas eacnamaíochta ar a dtugtar ‘déine’ (nó austerity). Mar is eol do chách, cailltear poist in aon chúlú eacnamaíochta agus bíonn daoine ag streachailt agus ag fulaingt. Chinn an t-eacnamaí John Maynard Keynes sna triocidí den fhichiú haois go bhféadfadh acmhainní an stáit an cianfhulaingt dhaonna seo a laghdú. Dúirt seisean gur chóir go gcaithfí níos mó airgead i gcúluithe eacnamaíochta ionas go mbeadh níos mó ioncaim ag gnáththomhaltóirí na tíre. De thoradh ar seo, bheadh breis caiteachas tomhaltóra ann agus cruthófaí poist don athuair. Seachas glacadh leis an argóint loighiciúil seo, bheartaigh ár gceannairí Eorpacha chun giorrúcháin i ndiaidh giorrúchán a mholadh. Is orthusan anois atá an locht gurb ag an Eoraip atá an fás geilleagrach is laige ar domhan. De réir an Chiste Airgeadaíochta Domhanda, táthar ag tuar fás geilleagrach do 1.2% sa limistéar euro don bhliain 2015. I gcomparáid le sin, tá borradh 3.6% le teacht ar gheilleagar Mheiriceá. Is léir nach bhfuil polasaithe na gceannairí Eorpacha ag obair.

Tharla eachtra an mhí seo caite atá ag athrú córais na hEorpa. Ar an 25ú lá de mhí Eanáir, toghadh rialtas úrnua sa Ghréig a bhfuil sé mar phríomhaidhm aige deireadh a chur le beartais déine na triúrachta (nó an troika). Tá an rialtas nua faoi cheannasaíocht an pháirtí Syriza, dream atá go mór ar chlé ar an speictream polaitíochta agus a deir nach n-aisíocfar fiachais náisiúnta na tíre ina n-iomláine. Braitheann scothaicme maorlathach an Aontais Eorpaigh go bhfuil an rialtas nua Gréagach ag déanamh bagartha orthu, agus tá. Don chéad uair, tá rialtas tíre nach bhfuil sé ar a cumas aici a fiachais a aisíoc ag traschur an fhíorscéil. Is drochléargas é ar an gcaoi ina bhfuil an Eoraip sa lá atá inniu ann go bhfuil ceannairí na hilchríche uilig, nachmór, buartha go bhfuil rialtas amháin ina measc ag iarraidh go bhfulaingeoidh sealbhóirí bannaí agus amhantraithe seachas a muintir féin.

Ar ndóigh, tá an ceart ag Syriza. Níl seans ar bith ann gur féidir leis an nGréig a fiachais ollmhóra a aisíoc. Tá sé seo fíor faoin Spáinn, faoin bPortaingéil, faoin Iodáil agus fúinn féin. Cinnte, d’fhéadfaimis iarracht a dhéanamh ar ár bhfiachais a aisíoc, ach dar leis an scríbhneoir seo, níorbh fhiú an iarracht. Chúisigh an iarracht atá déanta againn cheana féin fulaingt dhaonna ollmhór inár dtír. Tuigimid uilig gur fíor seo. Má chuimhnítear anois go bhfuil an fiachas náisiúnta fós ag ardú, cuirim an cheist, cén fulaingt dhaonna atá iomarcach chun nach n-aisíocfar bainc Eorpacha? Cá háit go díreach go dtarraingeofar an líne? Nach bhfuil sé de dhualgas orainn sa tír seo an fód a sheasamh chun cothromais eacnamaíochta agus mórálach a chinntiú dúinn féin?

Nílimse ag rá gur chóir do thír ar bith airgead nach bhfuil aici a chaitheamh i gcaíonna amaideacha. Ach táimse i bhfábhar caiteachas ciallmhar ar thionscadail a chruthaíonn poist, ach go háirithe le linn cúluithe eacnamaíochta. Agus táimse go tréan i láidir slua maorlathach neamhdhaonlathach ag barr an dréimire Eorpaigh a thraschur in am an ghátair gurb é an rud ba chiallmhaire é go heacnamúil ná chun bochtannas agus fulaingt gan cuimse a bhrú ar phobail Eorpacha chun todhchaí an chórais bhaincéireachta a chinntiú. Ag deireadh an lae, tá sé de dhualgas orainn chun a chinntiú gur ar son maitheas an phobail a rithtear an geilleagar. Rinneadh dearmad ar sin.

Tá an Ghearmáin agus roinnt oifigeach de chuid an Aontais Eorpaigh fós den tuairim go bhfuil sé dodhéanta laghdú a thabhairt do thír ar bith atá i bhfiachas. Is idéalachas neamhshláintiúil é seo atá ag bagairt go mór ar thodhchaí an Aontais Eorpaigh féin. Tá an Ghréig anois ag streachailt go mór, agus tá dualgas mórálach orainn chun cuidiú leo. Chinnteodh rannpháirtíocht ghníomhach charthanachtúil na Gearmáine nach dteipfidh ar an tionscadal Eorpach.

Sílim go bhfuil dea-nuacht ag teacht inár dtreo. Dar liom agus mé ag breathnú mórthimpeall ar a bhfuil tarlaithe le laethanta beaga anuas ar fud na hEorpa, ísleofar fiachas náisiúnta na Gréige agus ísleofar fiachas náisiúnta na tíre seo. Ní dóigh liom go bhfuil aon cheist faoi seo. I gcaoi aisteach, tá na cártaí láidre i lámha na nGréagach. Más rud é go dtagann an Eoraip ar chomhréiteach a íslíonn fiachais na Gréige, íocfar cuid den fhiachas millteanach ar ais. Mura dtagann, ní íocfar aon chuid de. Tá an Eoraip ag teacht chun tuisceana go bhfuil gá go mbeadh priaireachtaí eile ann seachas an geilleagar i dtíortha daonlathacha.

Feicfear ar an 25ú lá de mhí Eanáir 2015 amach anseo mar an lá ar a tháinig an Eoraip chun céille. Sa todhchaí, tuigfear gurbh é an lá cinniúnach inar chaith Syriza solas ar fhíricí crua an tsaoil, agus a dhíbir idéalachas áiféiseach na Gearmáine chuig deireadh an traein Eorpaigh. Cuimhneofar ar an lá seo mar an lá a chinntigh seirbhísí sláinte agus oideachais na hEorpa, an lá a chinntigh nach mbeadh an Eoraip uilig faoi dhraíocht ag uasaicme leithleach cruálach neamhdhaonlathach Eorpach.

Ar an drochuair, tá ár rialtas féin le cáineadh. Tá siad le cáineadh mar gheall gur ghlac siad le fada leis an maistíneacht Eorpach. Más rud é n-éiríonn linn laghdú a fháil ar ár bhfiachas náisiúnta, fé mar a cheapaim go bhfaighimid, ní bheadh sé de cheart ag an rialtas a bheith ag maíomh. Beidh ar mhuintir na hÉireann ár mbuíochas a ghabháil le rialtas iasachta, rialtas Gréagach. Beidh ar mhuintir na hÉireann a thuiscint gur chinntigh rialtas eachtrannach ár dtodhchaí eacnamaíochta agus sóisialta. Agus beidh ar rialtas na hÉireann a admháil nár thugadar cúnamh ar bith don rialtas céanna. Fanann Éire ciúin, a deir baill an rialtais linn. In ainneoin go gcúnódh laghdú san fhiachas náisiúnta go mór linn, ní raibh Éire cróga a dhóthain chun labhairt amach ar a son. Tá sé níos éasca, a deirtear linn. Tagairt chlasaiceach Ghréagach, línte de chuid Dante, a ritheann liom anois, ná na focail: “Tá na codanna is teo d’ifreann coinnithe dóibh siúd a fhanann neodrach in amannta de chruachás mórálach”. Neodrachas den chineál seo a shainíonn an ról atá glactha ag ár dtír bheag i lár na mara.

A dhaoine uaisle, ag sinn ag breathnú siar ar thréimhsí de leithéid 1916, agus sinn ag breathnú siar ar an bPiarsach, ar an gConghaileach, agus ar an idéalachas a bhunaigh an stát seo, líonann ár gcroíthe le bród agus le misneach. Is oth liom a rá nach bhféadfaidís na mothúcháin chéanna a bhraith agus iad ag breathnú inár dtreo an mhí seo caite.