Tá taighde nua tar éis teacht amach le déanaí, sick a deir go bhfuil boilsciú ar an méid mac léinn a bhaineann 2.1 nó 1.1 amach ina gcéimeanna.  An leor na grádanna seo sa lá atá inniu ann, ag deireadh an chúlaithe is measa a chonaic an tír seo le fada? Nó an iad torthaí dheireadh na bliana a fhaigheann post do bhrionglóide duit? Pléann Máire Nic Thomáis na hábhair seo, ata gar do chroí gach mic léinn.

Timpeall seachtain a hocht i ngach seimeastar bíonn muintir na hollscoile ar mhuin na muice ag ól agus ag damhsa i gclub éigin ar Shráid Fhearchair ag smaoineamh “Nach é seo an saol? Is aoibhínn liom an ollscoil, nílim chun í a fhágáil riamh!” nuair a fhaigheann siad ríomhpost tubaisteach ó COBÁC: Clár áma na scrúdaithe ar fáil anois. Tagann an t-anbhá díreach ina dhiaidh nuair a chuimhníonn tú gurb í do chéim an chúis a bhfuil tú ar an Ollscoil ar an gcéad dul síos. Agus mura bhfaigheann tú an 2.1 sin, bhuel an bhfaighidh tú an post sin atá uait? Deirtear nach bhfaighidh. Agus fresin, cad a déarfadh do sheanmháthair duit dá dteipfeadh ort agus í tar éis na coinnle sin ar fad a lasadh duit?

Gan amhras, sa lá atá inniu ann is rud tábhachtach é céim mhaith a fháil.  Anois, ag deireadh an chúlaithe is measa inár saolta, ar deireadh, tá soilse le feiceáil ag deireadh an tolláin, a deirtear. Tá níos mó dóchais ag an nglúin seo ná an dream a chuaigh rompu cúpla bliain ó shin agus tá deis níos láidre ann go bhfaighidís poist in Éirinn agus mar sin nach mbeidh orthu dul ar imirce. Ach leis an dóchas seo, tagann dúshláin éagsúla fresin.

An bhfuil na daoine is cliste ag teastáil ó gach uile fhostóir sa tír? An é seo an t-aon rud a bhféachann siad air sa CV? Cad faoi pháirt a ghlacadh i gCumainn éagsúla? Nó fiú a bheith i do Reachtaire?

Ar ndóigh, glacaim leis gurb í an chothromaíocht an rud is tábhachtaí le baint amach sa saol. Is iontach an rud é 2.1 nó fiú 1.1 a bhaint amach ach i mo thuairmse ní fiú é gan taithí na hOllscoile. Le neart cumann i gCOBÁC níl aon amhras ach go bhfuil ceann nó dhó ann a bhféadfá do phaisean go léir a chaitheamh isteach ann.

‘Sea, is fíor é go bhfuil an 2.1 tábhachtach, ach caithfimid mar mhic léinn cuimhniú i gcónaí gurb é seo an t-am is fearr inár saol ach gur tréimhse iontach gearr í. Mar sin, caithfimid breith air lenár dhá láimh. Mar a deirtear, ní chuimhníonn daoine ar na hoícheanta ar chaith siad ag staidéar agus ag glacadh ‘oíche luath’. Cuimhníonn siad ar na hoícheanta agus ar na laethanta ar bhuail siad lena gcairde is fearr nó fiú grá a chroí agus na cuimhní a dhéanann siad le chéile. Sin níos fearr ná aon phíosa páipéir.