Roinneann Gearóid Óg Ó Greacháin a mheasúnú ar staid na polaitíochta Éireannaí i láthair na huaire.

Toghadh Paul Murphy, prostate iarrthóir an Anti Austerity Alliance, mar Theachta Dála an Iardheiscirt san ochtú comhaireamh, agus é chun deiridh ar Chathal King, iarrthóir Shinn Féin, i ngach uile chomhaireamh roimhe sin.  Ach le níos lú ná dhá bhliain fágtha ag an rialtas, an leid mhaith í seo dúinn do na torthaí atá i ndán dúinn in Earrach 2016?  Is athrú mór é seo ón Dáilcheantar a thogh beirt pholaiteoirí ón Lucht Oibre san olltoghán deireanach. Ach is léir go bhfuil ag éirí go maith leis an bpáirtí nua ‘The Anti Austerity Alliance’ chun toghchán a bhuachan sa bhliain chéanna inar bunaíodh é.

Tar éis an toghcháin bhí rud amháin curtha chun cinn ag muintir an Iardheiscirt. Tá i bhfad níos mó tacaíochta á tabhairt do ghluaiseachtaí sóisialacha. Ach an raibh aon bhaint ag an toghchán seo leis na hiarrthóirí, na páirtithe, nó arbh agóid é i gcoinne táillí uisce? Nuair a bhí an díospóireacht ar siúl ar ‘Prime Time’, caitheadh an chuid is mó den am ag plé na dtáillí. Ba é an t-iarrthóir a fuair an méid is lú vótaí ná an duine a bhí dírithe ar phósadh agus a bhí gan tuairim ar tháillí uisce.  Nuair a bhuaigh Paul Murphy, ba é curfá a thacaíochta ná “Nó Way We Won’t Pay”.  Gheall sé go mbeimis in ann deireadh a chur leis na táillí seo le diúltú.  Ar cheart dúinn íoc as uisce? Is acmhainn gann é uisce agus cosnaíonn sé airgead do gach comhairle contae é a chur ar fáil. Ina theannta sin, is beag tír sa domhan forbartha nach bhfuil táillí uisce acu.

Ní hamháin gur drochlá é sin don rialtas. Tá an príomhfhreasúra, Fianna Fáil, fós gan fothoghchán a bhuachan le linn an téarma seo.  Bheidís ag siúl go mbeidís ag éirí níos.  Cuireann na drochthorthaí seo an ceannaire Micheál Martin in amhras.  D’athraigh ceannaire an lucht oibre toisc gur éirigh go hainnis leo sna toghcháin áitiúla agus mura n-éiríonn le Micheál Martin a pháirtí a neartú bheadh an cinniúint céanna i ndán dó.

Tá bogadh polaitíochta le sonrú as an toghchán seo i dtreoi an tsóisialachais.  Ní haon rún é go mbíonn an eite dheis ar an taobh is láidre sa tír. Ach ba iad an bheirt is láidre sa toghchán seo ná polaiteoirí arbh sóisialaigh iad.  Ach tá a lán le freagairt ag na páirtithe seo atá ag gealladh deiridh le gach cáin nua a bhunaigh an rialtas seo. Cá bhfaighidh siad an t-airgead? Caithfear airgead a fháil chun íoc as seirbhísí an rialtais.  Ní féidir conclúid chomh láidir sin a bhunú ar an toghchán seo áfach. Ar dtús bhí tionól íseal ag an toghchán seo, is 35% de thoghthóirí a ghlac páirt.  Ina theannta sin, tá sóisialachas an-láidir sa dáilcheantar sin i gcomparáid le háiteanna eile sa tír.

Ní féidir ach conclúid amháin a bhunú ar an toghchán seo, níl aon pháirtí chun tosaigh agus níl aon rud cinnte faoin gcéad rialtas eile.  Níl an chuma ar an scéal go mbeidh tromlach na gcathaoireacha ag aon pháirtí. Éagsúil ó dheireadh an rialtais dheireanaigh, níl aon leideanna le sonrú.  Tá teannas an-láidir idir gach páirtí chun aon chomhtháthú a réamhinsint. Is dóigh liom go bhfuil todhchaí shuimiúil le teacht do pholaitíocht na tíre seo.