Agus muintir na hardcathrach ag ceiliúradh an lae chinniúnaigh fós, site labhraíonn Ciarán Ó Braonáin le réalta pheile Bhaile Átha Cliath, sick Rory O’Carroll.
Mar is eol do chách faoin tráth seo, d’éirigh le foireann Bhaile Átha Cliath an lámh in uachtar a fháil ar fhir Chiarraí i gCluiche Ceannais na hÉireann an mhí seo. Ach, le sé bliana déag imithe ón uair dheiridh gur iompair na Duibhlinnigh Corn Mhic Uidhir timpeall Pháirc an Chrócaigh cad é a bhí mar sprioc acu ag tús an chomórtais?
“Bhí sé mar aidhm againn imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann”, arsa laoch cosanta Bhaile Átha Cliath, Rory O’Carroll. “Chailleamar sa chluiche leathcheannais in aghaidh Chorcaí anuraidh, mar sin bhíomar ag iarraidh an cluiche leathcheannais a bhuachan i mbliana agus bonus a bheadh ann ina dhiaidh sin. Ba é an rud is tábhachtaí ná an cluiche ceannais a bhaint amach.”
Achan bhliain bíonn neart cainte ó phobal na príomhchathrach faoi Sam a thabhairt abhaile agus le fada an lá níorbh ann ach caint. D’athraigh sé sin i mbliana agus dar leis an réalta óg bhí cúpla fáth le sin.
“Tá an-chuid cúiseanna, gan dabht, ach is í an phríomhchúis ná ár ráta oibre. Bhíomar ag traenáil ar maidin ag a leathuair tar éis a sé agus rinneamar 33 seisiún traenála i mí Eanáir. Freisin, bhí spiorad san fhoireann i mbliana níos fearr ná aon bhliain eile. Bhí an t-ádh orainn freisin – in aghaidh Chill Dara agus an lá sin in aghaidh Loch Garman nuair a fuaireamar an cúl ón gcúl báire. Bhí an t-ádh orainn le cúpla rud sa chluiche ceannais in aghaidh Chiarraí chomh maith,” arsa eisean.
Mar atá le brath i gcaint na n-imreoirí uilig, is léir go raibh an-tionchar go deo ag an bhfoireann bhainistíochta ar dhul chun cinn na bhfear gorm le cúpla bliain anuas agus go bhfuil muintir Bhaile Átha Cliath go mór faoi chomaoin ag Pat Gilroy agus na hathruithe atá curtha i bhfeidhm aige.
“Tá neart déanta [ag Pat Gilroy leis an bhfoireann]. Ach is iad na príomh-rudaí atá déanta aige ná smacht a chur ar ár mbealach imeartha agus ár ráta-oibre a ardú go mór… Tá sé deacair dom cur síos ceart a dhéanamh air. Bhí obair Pat Gilroy agus Mickey Whelan mar chúis fhíor-mhór leis an mbua, tá an t-uafás oibre déanta acu le trí bliana anuas.”
Cluiche iontach iomaíoch agus drámatúil ab ea an cluiche ceannais féin agus is cosúil go raibh imreoirí Bhaile Átha Cliath chomh himníoch céanna le lucht an Hill nuair a chuir Colm Cooper an Ríocht ceithre phointe chun tosaigh le sé nó seacht nóiméad fágtha.
“Bhí mé ag smaoineamh faoin gcluiche in aghaidh Chorcaí, nuair a bhí an-chuid ciceanna saora acu agus bhí an rud céanna ag tarlú in aghaidh Chiarraí. Bhíomar thar a bheith neirbhíseach faoi sin ach ag an am céanna tá saghas spiorad nua againn i mbliana is bhí dóchas ann freisin agus nuair a fuair Kev an cúl bhí na droch-smaointí sin imithe.”
Agus an raibh an tUasal O’Carroll é féin in ann breathnú air agus Stephen Cluxton ag déanamh na siúlóide fada suas chun na liathróide, leis an gcic saor cinniúnach a thógáil agus nóiméad amháin fágtha ar uaireadóir an réiteora?
“Gan dabht ar bith. Tá na ciceanna sin cleachta aige na mílte uaire. Nuair atáimid ag traenáil ag a seacht, tá seisean ar an bpáirc ag a sé ag cleachtadh na gciceanna. Bhí an-chuid muiníne againn nuair a shiúil sé suas.”
Tá an-taithí ag an lánchúlaí óg ar chluichí móra a bhuachan agus Craobh Chomórtas na hÉireann buaite aige le Cill Mhochuda na Crócaigh, chomh maith le neart eile le foirne óga an chondae. Ach in ainneoin líon na mbonn buaite is cosúil nár shamhlaigh sé riamh go n-ardódh sé Corn Mhic Uidhir.
“Níor chreid mé go dtí an tseachtain roimh an gcluiche ceannais, chun an fhírinne a rá. Tá sé rómhór, tá sé dochreidte. Táim fós ag dul i dtaithí air…
Tá sé saghas difriúil leis an gclub mar tá sé sin le do chlann agus do chairde a bhí agat ó aois an-óg. Is rud speisialta é sin agus ní féidir comparáid a dhéanamh eatarthu… Ach an uair seo, tá sé dochreidte, tá sé ar scála níos mó – bhí daichead míle ag Cearnóg Mhuirfean an lá tar éis an chluiche agus chuamar go dtí na Sceirí ina dhiaidh sin agus bhí cúig mhíle dhéag ann freisin agus léigh mé go raibh milliún duine ag féachaint air ar an teilifís, so tá sé ar leibhéal i bhfad níos mó.”
Cé acu an gcreideann sé nó nach gcreideann sé fós ach d’éirigh leis an Uasal O’Carroll agus a chomrádaithe an lá a thabhairt leo agus ardú meanman ollmhóire a thabhairt do phobail Bhaile Átha Cliath le linn na laethanta gruama seo, agus dá bharr táimid go léir thar a bheith buíoch díobh. Na Duibhlinnigh abú!