and serif;”>Tháinig mé chun staidéir i bPáras ag deireadh mhí Lúnasa seo caite in éineacht le mac léinn eile ón COBÁC(UCD). Níor thóg sé i bhfad orainn tabhairt faoi deara go raibh sé beagnach dodhéanta árasán a aimsiú i bPáras ar phraghas réasúnta. Ní thugadh an chuid is mó de na tiarnaí talún freagra dúinn agus i ndiaidh cúpla lá de chuardach in aisce ní raibh an chuma ar an scéal go raibh árasán ar bith ar fáil.
Agus mé i mbrúnna Pháras tháinig leabhar de chuid George Orwell chun cuimhne,
Down and Out in Paris and London. Déanann Orwell cur síos ann ar an gcúpla bliain a chaith sé ar an ngannchuid sna 1920idí. Is deacair mo chás féin a chur i gcomparáid le cás Orwell: na tithe lóistín i bPáras a ndéanann Orwell cur síos orthu bheidís i gcoinne an dlí sa lá atá inniu ann! Ní raibh ach tithe lóistín glana sábháilte ann dom. Ar aon chuma, d’éirigh linn lóistín gearrthréimhseach a aimsiú ar deireadh thiar.
Ní fhéadfainn a rá gur iontach an lóistín a bhí ann: bhí boladh bréan ó sheomra na mná tí agus ní raibh ach eochair amháin le roinnt idir mé féin agus mo chara: ós rud é go raibh an t-árasán ar an gcúigiú úrlár bhí orainn dreapadh síos agus aníos go minic chun an príomhdhoras a oscailt dá chéile. Bhí fógraí in airde ag bean an tí dá hárasán ar shuíomhanna idirlín éagsúla, rud a chiallaigh go bhfaigheadh sí go leor glaonna ó dhaoine saonta a cheap gur árasán deas a bhí aici. Bhí cuma an-deas ar na pictiúirí den árasán a bhí curtha in airde aici ar an idirlíon agus ón gcur síos ann cheapfá nach bhféadfá árasán níos fearr a aimsiú. Ach rinne sí dearmad a rá sna fógraí go raibh boladh bréan san árasán agus go mbíodh fear ina chodladh i seomra stórais sa chistin do mhórchuid an lae.
Ba bháicéir é an fear céanna a bhí tar éis an bháicéireacht a thréigean ar son na haisteoireachta cúpla bliain roimhe sin. Ach faraor géar ní raibh an chuma air go raibh mórán dul chun cinn á dhéanamh aige san aisteoireacht óir is fíor-annamh a d’fhág sé an chistin. Ba chistin an-bheag í agus ba dheacair béile a ullmhú nuair a bhí breis is duine amháin inti. Agus bhí an claonadh ag an aisteoir fanacht ann a fhad is a bhí béile á ullmhú.
Nuair a bhogamar isteach bhí seomra eile san árasán ar cíos ag fear óg ón bPortaingéil nár réitigh le bean an tí. Mhaígh sí go raibh éirí in airde air. Bhí dochtúireacht san innealtóireacht á déanamh aige agus shíl sí gur dhiúltaigh sé labhairt léi toisc gur mheas sé nár cheart go labhródh duine dá intleacht féin le bean chomh dúr aineoleach léi. Ach ba é fírinne an scéil ná gur duine ciúin dea-bhéasach é: ní dhéanadh sé mórán cainte leis an mbean toisc nach raibh an Fhraincis ar a thoil aige (sa Bhéarla a bhí an Phd).
Go luath maidin amháin dhúisigh an bhean chuile dhuine san árasán toisc gur mheas sí go raibh an Portaingéalach ag caitheamh an iomarca ama sa leithreas. Thuig chuile dhuine nárbh í sin an chúis go raibh sí ag tabhairt amach dó toisc nach bhféadfadh fios a bheith aici cén fhad a bhí caite ag an bPortaingéalach bocht sa leithreas mar nach raibh sí féin ach tar éis dúisiú. Is cosúil go ndeachaigh an Portaingéalach chuig na póilíní an lá dár gcionn is go bhfuair sé scríbhinn éigin uathu i dtaobh chearta na dtionóntaí a chuir eagla ar an mbean. Ní raibh sé de nós aici conradh a shíniú leis na tionóntaí, agus baineadh geit aisti nuair a luaigh an Portaingéalach gur thug sé cuairt ar na póilíní. Ba é deireadh an scéil gur bhailigh an Portaingéalach leis agus gur tugadh a chuid airgid ar ais dó.
Ar aon chuma, i ndiaidh cúpla seachtain de chuardach d’éirigh liom seomra níos fearr a aimsiú agus tá mé ann ó shin i leith. Agus tá áthas mór orm nach bhfuil duine ar bith ina chónaí sa chistin.

 

Eoin Ó Cróinín

One thought on “Ar an nGannchuid i bPáras

Comments are closed.