Tugann Donncha Ó Murchú Léirmheas ar The Race to Truth Le Emma O’Reilly (Bantam Press, pharm 2014)
18 Eanáir, 2013. An lá a tarraingíodh súile an domhain ar a scaileáin teilifíse, iad faoi dhraíocht ag Oprah Winfrey agus a haoi speisialta. Ar an lá sin a thosaigh turgnamh “Rí na Rothaíochta”, céim ar chéim, ceist ar cheist, buile ar bhuile. In aon lá amháin, baineadh seacht gcinn de bhoinn óir an Tour de France ó Lance Armstrong, fear a bhí ina laoch ag na milliúin ar fud na cruinne, a chaith a shaol ag troid i gcoinne na fírinne. Ach cén chúis a bhí leis an bhfaoistin gan choinne? An é gur thuirsigh sé den bhréag, nó an raibh Armstrong é féin ar thóir an mhaithiúnais? Chun tuiscint dhoimhin a fháil ar intinn Armstrong, caithfear cluas éisteachta a thabhairt don té a mhair ina theannta agus é i mbarr a réime, bean a raibh caidreamh breá aici leis le linn a cuid ama mar soigneur leis an bhfoireann. An bhean chéanna a tharraing anuas ón ard é, agus, in ainneoin na maslaí a caitheadh léi, a thug maithiúnas dó ar deireadh.
Thosaigh Emma O’Reilly ag obair mar soigneur (iad siúd atá fostaithe le haire a thabhairt do rothaithe) leis an bhfoireann rothaíochta American Postal Service sa bhliain 1996 sular éirigh le Lance Armstrong an chéad Maillot Jaune a bhreith leis i bPáras i 1999. Ón gcéad sheachtain don bheirt a bheith i dteannta a chéile bhí cairdeas breá bunaithe acu. Ina leabhar The Race to Truth, déanann O’Reilly cur síos ar an meas a bhí ag an mbeirt dá chéile, mar a bheadh ag deartháir agus deirfiúr, agus an bród a bhraithfeadh sí aon uair a d’éireodh le Lance bua eile a bhaint amach. Don chailín a tógadh i mBaile Átha Cliath, a raibh grá aici i gcónaí don rothaíocht, ní fhéadfadh sí post ní b’fhearr a shamhlú di féin.
Ach, faraor, ní raibh an rothaíocht chomh soineanta leis an íomhá a cuireadh os comhair an domhain, mar a d’fhoghlaim O’Reilly gan mhoill. Ní fada go raibh “cúnamh breise” ag teastáil ón laoch, turais bheaga go dtí an Spáinn, mar shampla, chun prócaí piollairí nó steallairí a bhailiú chun go bhféadfadh Armstrong an druga ab éifeachtaí ag an am, EPO, a ghlacadh. In ainneoin nach raibh aon fhonn ar O’Reilly a bheith bainteach leis an scannal, ní fhéadfadh sí an brú millteanach a sheachaint. Tá teannas le brath ina leabhar, a thugann léiriú ar shaol an rothaí ghairmiúil, agus an chíréib a chruthaítear de thoradh chultúr na ndrugaí a coimeádadh faoi cheilt ar feadh na mblianta. Ní raibh aon áit ar fáil don rothaí glan, morálach. Mura mbeifeá sásta cloí leis an gcultúr bhí an baol ann go gcaillfeá d’áit ar fhóireann rothaíochta go buan.
Is é atá sa leabhar seo ná cur síos ar shaol Emma O’Reilly agus í ag obair i dteannta Lance Armstrong, ón uair ar bhuaigh sé an chéad bhonn óir sa Tour sa bhliain 1999. Is cuntas é a théann i ngleic le taobh dorcha an spóirt, a d’fhan faoi rún ar feadh na mblianta. Ba í O’Reilly a chuir leis an ngluaiseacht chun an chaimiléireacht a thabhairt chun solais trí labhairt amach i gcoinne a hiarchomrádaí, Lance Armstrong, nuair a chuala sí trácht ar na hiarmhairtí tragóideacha a bhain le húsáid na ndrugaí .
Samhlaigh an chrógacht a bheadh ag teastáil le labhairt amach i gcoinne iarchomrádaí de do chuid, a raibh cáil agus meas domhanda bainte amach aige. An neart aigne a bheadh uait chun a leithéid de sheasamh morálach a thógáil ar son todhchaí an spóirt, agus cumhacht an UCI (Union Cycliste Internationale) ag teacht i do choinne, mar a tharla i gcás Emma O’Reilly. Conas mar a ghlacfá leis na maslaí gránna, na bagairtí agus na hionsaithe ag teacht ón bhfear lena raibh tú chomh mór tráth dá raibh? An rud a chuir iontas ormsa ar léamh an leabhair dom ná an smacht a choimeádann an scríbhneoir uirthi féin le linn na n-ionsaithe ar fad. Ní hamháin sin, ach an spiorad dochloíte a leiríonn sí i gcónaí.
Ach thar aon ní eile, ní thagann deireadh leis an gcion atá aici ar Armstrong riamh, in ainneoin na trioblóide ar fad. Is cinnte gur ghoill a chuid ionsaithe go mór uirthi, ach mar sin féin, fanann a croí oscailte don mhaithiúnas. Ní hamháin go dtugann sé seo léiriú breá ar a carachtar mar dhuine, ach feictear neart an chaidrimh a bhí ag an mbeirt, gur éirigh leo cairdeas a bhunú eatarthu arís. Is cinnte go bhfuil sé seo ar cheann de na leabhair spóirt is fearr a foilsíodh le fada an lá, a théann i ngleic le cultúr gruama na rothaíochta. Fiú mura bhfuil suim ar bith agat sa rothaíocht, is bean í seo ar chóir aithne a chur uirthi. Gluaiseann an scéal faoi luas millteanach agus ní fada go dtí go mbíonn tú go hiomlán gafa aige. Ceannaigh nó goid é, ach déan cinnte go léann tú é!