Do bhíos ag suí ar an mbus chun na cathrach inné nuair a stopamar i nDomhnach Broc chun tiománaí a athrú, click ní rabhamar ann níos mó ná nóiméad ach fós fhéin, drugstore sheas mo dhuine os mo chomhair suas ‘s thosnaigh sí ag tabhairt íde béil don tiománaí nua, toisc go raibh deifir uirthi agus go mbeadh sí déanach dá rang ollscoile.
Ba léir gur duine diúltach ‘s duairc a bhí inti le heaspa foighne. Bhí gach éinne ar an mbus chun a bheith níos déanaí ná mar a shíleamar ach b’í an t-aon duine a bhí ag screadaíl ar bharr a gutha, gan chúis, dar liomsa. Níor éirigh léi ‘bheith níos tapúla agus ‘s cinnte nach raibh éinne níos sásta nó níos fearr as, í féin san áireamh. An t-aon rud gur athraigh i ndiaidh di ‘bheith ag tabhairt amach ná d’éirigh an bus thar a bheith ciúin cé is móite de leanbh a thosnaigh ag gol toisc gur baineadh geit as.
Mhothaíos trua don tiománaí, bheifeá den tuairim gur chreid sí nach raibh mothúcháin ar bith aige an tslí a raibh sí ag tabhairt amach dó. Bhí an tiománaí ag tosnú oibre don lá agus tuigimid ar fad nach féidir brath ar iompar poiblí ó thaobh cúrsaí ama de leis an dtrácht is araile pé scéal é.
Chuir an eachtra seo leabhar a fuaireas le déanaí ó chara liom darbh ainm “Chicken Soup for the Soul” i gcuimhne dom, scéal amháin atá sa leabhar ach go háirithe, faoi bhrionglóid Helice Bridges agus a ribín-“Who I Am Makes a Difference”.
Dar liomsa an rud a bhí i gceist lena brionglóid ná buíochas a ghabháil nuair ‘s ceart, daoine a mholadh nuair ‘s ceart agus ‘bheith sásta as a bhfuil againn. Bímid ar fad ag déanamh scime agus ag gearán go minic gan ghéarghá, (mé fhéin san áireamh) nuair ‘s choir dúinn ‘bheith ag díriú ar na rudaí maithe dearfacha inár saol. Má bhreathnaíonn tú go mion ar do shaol ‘s a bhfuil agat, chífidh tú nár chóir duit ‘bheith ró-bhuartha.
Smaoinigh faoi na daoine tábhachtacha i do shaol; do mhuintir, do chairde, do chomhghleacaithe; bí buíoch astu, inis dóibh go bhfuil tábhacht ag baint leo. Smaoinigh faoi na daoine fánacha a mbuaileann tú leo gach lá; an tiománaí bus, daoine a choimhéadann an doras ar oscailt duit, daoine a deir leat má fhágann tú rud i do dhiaidh, daoine a thugann moladh duit gan chúis, bí buíoch díobh.
Nach mothaíonn tú níos fearr nuair a thugann daoine moltaí duit agus nuair a ghabhann siad buíochas leat? Nach mbíonn tú sásta?
Níor bhris focal maith fiacail riamh, cuirimís chun na hoibre gan a thuilleadh moille agus déanfaimís ar fad iarracht ‘bheith buíoch agus níos dearfaí ar feadh lá amháin ar a laghad. Muna n-éiríonn ró-mhaith linn, beidh lá eile ag an bpaorach!
EDEL NÍ BHRAONÁIN
An-deas Edel. Táim chun saol níos fearr a bheith agam dá bharr!