Tá daoine ann a deir gur teanga marbh í an Ghaeilge, agus nach fiú í a fhoghlaim de bharr go bhfuil Béarla ag daonra na hÉireann ar aon nós. D’fhreastal mé ar óráid le déanaí ina rinneadh díriú isteach ar an meon sin agus a bhréagnaigh é le roinnt pointí éagsúla. Níor bhuail mé le haon duine amháin riamh, áfach, a rinne níos mó bhréagnú ar an tuairim sin ná Brasaíleach gur bhuail mé leis cúpla bhliain ó shin, darb ainm Marcelo Dos Santos.

Nuair a bhuail mé le Marcelo, bhí sé tar éis teacht go hÉirinn ar thóir oibre agus chun Béarla a fhoghlaim. Tar éis dó cúpla bhliain a chaitheamh anseo, thánaig an méid sin feabhas ar a chuid Béarla, gur bheartaigh tabhairt faoi foghlaim na Ghaeilge! Chuir sé spéis ollmhór inár dteanga, agus bhí sé meáite ar í a fhoghlaim, i mbealach nach bhfaca mé mórán Éireannach fiú i mo shaol. I dtosach báire, bhí ionadh orm nuair a chuala mé go raibh sé ag foghlaim na Gaeilge ach rud a chur níos mó ionadh fós orm ná go raibh sé á múineadh dó féin í. Tar éis dó bliain a chaitheamh ag staidéir le Duolingo agus leabhar gramadaí, ní raibh mé ag súil leis an gcaighdeán gur chuala mé uaidh an chéad uair gur labhraíomar le chéile, bhí sé do-chreidte!

Má tá aon fhianaise amuigh ansin go bhfuil an Ghaeilge spéisiúil, fiúntach agus thar aon rud eile, beo, is é an fhianaise sin é an fear seo. Tá an t-alt thíos scríobha go hiomlán aige féin agus tá súil agam go gcruthaíonn sé  spreagadh i bhfoghlaimeoirí na Gaeilge agus go léíríonn sé nach bhfuil sé riamh ró-dhéanach chun dul i mbun foghlama ar an nGaeilge.

 Dia daoibh, Marcelo is ainm dom agus is as Bhreasail mé. Bhog mé go Bhaile Átha cliath ceithre bliana ó shin, tháinig mé chun Béarla a fhoghlaim, agus d’fhreastal mé ar chúrsa Béarla ar feadh sé míosa. Ceapaim gur chabhraigh sé sin liom, ach caithfidh mé a rá go raibh sé an-deacair ar fad daoine na hÉireann a thuiscint ag an dtús, tá a gcanúint an-difriúil.

Tar éis cúpla mí anseo, chuaigh mé i dtaithí leis an gcanúint Éireannach. Fuair mé mo chéad post agus bhí an deis agam chun Béarla a chleachtadh gach lá. Fuair mé buachaill as Eireann chomh maith, mar sin ceapaim gur d’fhoghlaim mé Béarla uaidh go tapa go leor. I ndiaidh gur thug mé faoi ndeara go raibh Béarla agam cheanna féin, bhí mé ag airraidh teanga eile a fhoghlaim, agus cheap mé gur smaoinamh an-mhaith é an teanga náisiúnta a fhoghlaim.

Thosaigh mé ag déanamh stáidear ar an Ghaeilge faoi cheann bliain ó shin, bhain mé triail as an app Duolingo, is cuimhin liom go raibh mé ag ceapadh gur teanga an-deacair í, agus an- difriúil, ach níor thug mé suas toisc gur thit mé i ngrá leis an teanga seo. Is breá liom na canúintí atá ann, is aoibhinn liom an litriú agus an fhuaim air freisin. Is teanga láidir agus go hálainn í gan dabht. Bainim taitneamh as na cláracha atá ar TG4 agus as Radió na Gaeltachta. Anois go bhfuil mé críochnaithe le Duolingo, bíonn mé ag léamh cúpla leabhair pháistí agus leabhair an gramadach agus de réir a chéile gheobhaidh mé níos fearr, tá súil agam.

Cuireann sé isteach orm nuar a chloisim roinnt daoine na hÉireann ag rá go bhfuil sí marbh, go bhfuil an rialtas ag cur amú airgid ag caitheamh leis an dteanga.  Níl aon eolas acu ar an ábhar seo, tá an tír seo lán le daoine a bhfuil Gaeilge acu agus tá súil agam go Mbeidh mé in ann a rá go bhfuil sí agam chomh maith go luath.

Tá meas agus suim mór agam sa Ghaeilge. Táim den tuairim gur chóir do gach duine tacíocht a thabhairt don teanga, fiú mura bhfuil sí acu mar is í an teanga náisiúnta í agus tá stair saibhir ag baint léi. Creidim go bhfuil sé indéanta í a choinneáil beo, gan dearmad a dhéanamh ar an Béarla.


Lorraine Ní Stac & Marcelo Dos Santos