De réir dealraimh, generic bhí an dópáil lárnach i bhfoireann US Postal Service (foireann rothaíochta Mheiriceá) riamh anall. Ní foláir a rá áfach gur mhéadaigh mí-úsáid drugaí neamhdhleathacha as éadan i measc bhaill na foirne le teacht chun cinn Lance Armstrong sa bhliain 1998.
view serif;”>Ar ndóigh, tháinig sceithirí éagsúla chun solais le scéalta faoi chaimiléireacht Armstrong. Tugadh bodhaire Uí Laoire dóibh ar dtús. Ba laoch é Armstrong, fear a fuair an lámh in uachtar ar an ailse uiríoch; fear a bhuaigh Tour de France seacht n-uaire as a chéile; fear a bhunaigh Livestrong, an carthanas ailse; fear díograiseach dúthrachtach a bhí mar íocón spóirt ar fud na cruinne. Bhí barraíocht measa againn air – ní hé nár chreid muid na scéalta a tharraing droch-cháil air, díreach ní raibh muid ag iarraidh iad a chreidbheáil.
Sa bhliain 2003 ámh, foilsíodh ‘LA Confidentiel: Les Secrets de Lance Armstrong’ – leabhar a nocht an fhírinne faoi dhópáil Armstrong agus foireann US Postal Service. An bhliain dár gcionn, thacaigh an Sunday Times leis an tuairim go raibh Armstrong ina fhalcaire drugaí.
Shéan Armstrong na líomhaintí go láidir i dtólamh. Íospartach géarleanúna ab ea é, dar leis. Sa bhliain 2004, chuir sé an dlí ar rannpháirtithe an leabhair úd, mar aon leis An Sunday Times.
Cuireadh líomhaintí nua i leith Armstrong i mbliana. Dar le USADA (Údarás Frithdhópála Mheiriceá), d’eagraigh Armstrong agus a chomhrothaithe ar fhoireann US Postal Service scéim ghairmiúil chaimiléireachta. Bhí tuairisc chuimsitheach ullmhaithe ag USADA, míle leathanach ar an iomlán, le taifid leighis, anailís bhithcheimiceach, mionnscríbhinní ó iar-rothaithe na foirne agus rothaithe eile, chomh maith le comhfhreagras ríomhphoist idir Armstrong agus an dochtúir conspóideach, Michele Ferrari.
Dar leis an tuairisc, bhain Armstrong úsáid rialta as eiritreapóéisin agus téististéarón (drugaí neamhdhleathacha a chuireann leis an bhfeidhmiú) a d’aimsigh sé ón Dr. Ferrari idir 1999 agus 2005. Chuir sé dallamullóg ar na húdaráis dópála ar feadh na mblianta – chuirfeadh sé smideadh ar a ghéaga chun rianta na n-instealltaí a chur faoi cheilt, agus nuair a bheadh tástálacha drugaí ar siúl, chuirfeadh sé fuilaistriú i gcrích.
Thug an tuairisc le fios nach raibh i réalta mhór na rothaíochta ach andúileach drugaí agus, níos measa fós, gur stiúir sé an tréad dópála – chothaigh agus chaomhnaigh sé cultúr na caimiléireachta i measc rothaithe US Postal Service.
Mar gheall ar fhianaise do-shéanta an USADA, tá smál lofa fágtha ar oidhreacht an rothaí is cáiliúla riamh agus ní mór an cheist a chur: caidé atá i ndán don rothaíocht? An mbeidh an spórt ábalta bogadh ar aghaidh ón chaibidil dhorcha seo?
Cosúil le go leor spórt eile, fadhb fhorleathan ‘sí dópáil don rothaíocht. Astu siúd a bhuaigh an Tour de France idir 1996 agus 2010 cuir i gcás, níl ach rothaí amháin ina measc nár theip air riamh i dtástáil drugaí. Tá na táirgí féin ag éirí níos fearr agus níos sofaisticiúla i rith an ama, agus in ainneoin na n-impleachtaí a bhain le caimiléireacht Armstrong, tá rothaithe ann a dhéanfadh amhlaidh – beidh daoine i gcónaí sásta dul sa tseans má chinntíonn drugaí rath, clú nó cáil.
Thar aon ní eile, léirigh cás Armstrong go bhfuil lúb ar lár i rialú frithdhópála mar atá. Le cabhair Ferrari, bhí Armstrong i gcónaí céim chun tosaigh ar theicnící frithdhópála. Ní mór mar sin d’údaráis cosúil le USADA agus WADA (Údarás Frithdhópála na Cruinne) tástálacha randamacha ní ba dhoichte a fhorbairt.
Ar ámharaí an tsaoil, tá an chuma ar an scéal go mbeidh ré nua ag an rothaíocht ghairmiúil amach anseo le teacht chun cinn rothaithe “glana” le seasamh bródúil frithdhópála, macasamhail Bradley Wiggins, Tejay Van Garderen agus Taylor Phinney.
Maidir le Armstrong féin, mar mharthanóir ailse, beidh sé i gcónaí mar fhoinse inspioráide do na milliún duine atá ag dul i ngleic le dúshláin an ghalair, ach, más mian leis aon phioc dá oidhreacht a shlánú, tá sé thar am dó leithscéal a ghabháil leo siúd a chreid ann, a cheannaigh a leabhair agus a thacaigh le Livestrong.
Cathal Mac Dhaibhéid