Irish HousePléann Aindriú Mac an tSaoir a thathí ar cannúintí éagsúla a chloisteáil i dTeach na Gaeilge.

Is Nordie mé as Lúr Cinn Trá, Contae an Dún – tháinig mé chuig Baile Átha Cliath don Ollscollaíocht, order agus bhí mé an-sásta mar fuair mé áit i Scéim Chónáithe Bhord na Gaeilge. Sular tháinig mé, sale bhí mé an-mhuiníneach le mo chuid Gaeilge – rinne mé Ard-Leibhéal, d’éirigh go maith liom agus bhí mé i ngrá leis an teanga. Ansin, bhuail mé libh – “Na Free Staters”.

Bhí a fhios agam gur dhoiligh libh mé a thuigbhéal as Béarla fiú! Daoine as Corcaigh ag labhairt ag 100msu. (Sea, bainim úsáid as msu, in áit km/u!). Daoine as Cill Dara ag labhairt gan a mbéil a oscailt agus “Dublish”, fuaim cosúil le bó ag fail bháis! Ach ansin, thosaigh sibh (Na Free Staters) ag labhairt i ‘nGaeilge’. Cuirim Gaeilge i marcanna cáinte mar ní hí Gaeilge atá ann. Swahili. Bhí orm Swahili a thuigbhéal. “Taw shay ag daynivv na Dána”. B’fhéidir nár chuala sibh fíor-Ghaeilge ríamh, ach domhsa (doosa) agus dúinn sa Tuisceart, deirimid “Tah shay ag janoo na Dána”. Difir bheag…

Créid é nó na créid é, tháinig na céad daoine chuig ár n-oileán go Dún na nGall. Mar sin, beidh mé ag argóint gurb í ár nGaeilge an Ghaeilge “ceart” – agus go gcaithfidh sibh bhur  gcuid Gaeilge ar fad a athrú. Ansin, beidh mé abálta sibhse a thuighéal agus ní bheidh aon ghá orm suigh sa choirneal liom féin cosúil le duine ó Tahiti, gan leid ar bith faoin cómhra atá ar suil.

Ach, níl drochscéal atá ann ar fad – de réir cosúlachta, tá na daoine eile sa teach ag baint an-sult as mo chanúint. FiFi bocht, ag gáire gach uair a deirim rud ar bith! An cailín gan bróga ag athrá achan rud! Agus an reachtaire ag spochadh asam an t-am ar fad! Fáilte roimh saol an Nordie.  “An dtig liom an tuaille a fháil?” Dada le léamh! “Eh…an féidir liom tuaille a fháil?” ‘tooalye’. Céard (focal úr dom) é sin? Is léir go mbeidh cúpla troideanna ann. Ach is é an rud is measa ná – Dearthair. Déanann sibh ar fad neamhaird ar an gcéad cúpla gutaí ansin. Drechker? Drechker?!?! Tá mo cás críochnáithe.

Áfách, le bheith macánta, tá sé iontach suimiúil dúinn ar fad na canúintí eile a chluinstin. Tá sé dóchreidte an méid difir atá ann idir na canúintí, fiú idir Gaillimh, Corcaigh, Tír Chonaill agus Baile Átha Cliath. Rud maith atá ann, go bhfuil ár dteanga chomh ilghnéitheach sin. Ach bím buartha, mar má theann an Ghaeilge thar saille agus tá canúintí Ghaeilge ann ó Hawaii, feicfidh sibh mise i gcoirneal éigin ag caoineadh.