Cosúil le an-chuid scéalta, tosaíonn an scéal seo l’alcól. Trathnóna Satharn a bhí ann i mí na Samhna 2016. Bhí grúpa mic léinn ó UCD ag ól síos i gCill Áirne. Bhí lá crua acu, bhí siad ag ligint a scíthe le cúpla canna. Bhíodar ag argóint faoin fhocal Gaeilge ar ‘pre-drinks’. Réamhól nó ullmhól? Sin í an cheist mhór…

GO TOBANN…

Tháinig duine isteach sa seomra agus é caochta ar meisce. Bhí an buachall bocht tar éis a bheith ag ól don lá ar fad, ólta ón am a dhúisigh sé. Thosaigh sé ag lorg aftersesh, in ainneoin gur timpeall 6pm a bhí ann.

Rinne na mic léinn iarracht cabhrú leis agus iarracht a insint dó gur 6 a’chloig a bhí ann.

Cheap sé gur deireadh oíche dé Satharn a bhí ann agus go raibh an t-Oireachtas beagnach críochnaithe, mar gheall go raibh sé dorcha taobh amuigh.

Tar éis 10 nóiméad, thug sé faoi deara nach oíche Satharn a bhí ann ar chorr ar bith.

Léim sé le háthas, bhí sé chomh sásta le mac léinn ag ól cannaí le linn Ophelia, ‘Tá oíche eile agam an Oireachtas!’.

A chairde, seo hé an meon ar chóir a bheith ag gach duine. Is í Cill Áirne an áit is áille ar domhan, is í an Ghaeilge an teanga is áille ar domhan agus is é Éamonn Gallagher an buachaill is áille ar domhan… Agus beidh siad go léir i láthair ar an deireadh seachtaine céanna!

Ar phraghas sár-íseal de €60, tabharfar bus, lóistín 2 oíche agus ticéad don fhéile duit.

Freisin ar phraghas sár-íseal de €25.92 is féidir 12 canna de Tesco lager agus 2 bhuidéal d’fhíon ó Centra a cheannach.

A chairde ghaeil ní thuigim cén fáth nach bhfuil gach éinne ó UCD ag freastal. Is iad na dátaí ná an 3ú-5ú de mhí na Samhna. Seol teachtaireacht chuig ‘Cumann Gaelach UCD’ ar Facebook agus b’fhéidir go mbeidh spás fós ann duit!

“Déanann an tOireachtas ceiliúradh ar scoth na n-ealaíon traidisiúnta, ina measc, damhsa ar an sean-nós, amhránaíocht, scéalaíocht agus go leor eile. Bhí breis agus 130 imeacht mar chuid den fhéile, ina measc ceardlanna, drámaí agus comórtais Scrabble fiú!”

Sin é an cur síos atá ar an Oireachtas ar an suíomh idirlíne.

Ar an turas leis an gCumann Gaelach bíonn an-chuid béime leagtha ar na cóisir atá ann istoíche.

Oíche dé hAoine bíonn oíche bréigéide – sin é go ngléasaimid inár gculaith Oíche Samhna.

Oíche dé Satharn bíonn Club na Féile, áit a mbíonn an céilí/rave is gaelaí agus is craiceáilte riamh.

Freastlaíonn timpeall ar 500-600 mac léinn ar an imeacht ó ghach cúinne den tír, agus bíonn bannaí ar nós Seo Linn agus The Bonny Men ag seinnt an.

Muna bhfuilim tar éis bhur n-intinn a dhéanamh suas go fóill daoibh, níl a fhios agam cad eile le rá.

Tá súil agam go bhfeicfidh mé ansin sibh.

An Groganator xo


Shane Grogan – Scríbhneoir Gaeilge