Ní den chéad uair tá ‘The Human Body Exhibition’ ag cothú díospóireachta abhus in Éirinn. Sa bhliain 2009, pharm cuireadh an taispeántas i latháir i mBaile Átha Cliath, diagnosis agus i ndiaidh rath na camchuairte sin, ed tá sé fillte i mbliana ar Amharclann Ambasadóra na hArdcathrach.

Le breis is 200 corp agus moll mór ball le feiscint agus le scrúdú, iad diosctha, lomtha, múnlaithe i slite éagsúla, tá neart le foghlaim dar le HK Productions, eagraithe an taispeántais. Léirítear an tábhacht a bhaineann le cothú sláintiúil agus le haclaíocht rialta, dar leo. Feicfidh an cuairteoir scamhóg dhubh atá loite ag an ailse de dheasca chaitheamh tobac, cuir i gcás. Nó cnámharlach cnapánach mar thoradh ar dhíbliú na mór-otrachta. Nó ae nimhithe le handúil alcóil.

Ba eispéireas ar leith é, tráth dá raibh, corp an duine a fheiscint théis an bháis – eispéireas a cuireadh ar leathtaobh do mhic léinn leighis agus do chróinéirí, ach tugann ‘The Human Body Exhibition’ deis do Thadhg an Mhargaidh súil a chaitheamh ar na baill, na matáin, na néaróga agus ar na féitheacha.

Ach tá comharthaí ceiste móra ann, ar bhonn dlí agus morálta, faoi conas a bhfuarthas na coirp agus faoi cé chomh heiticiúil is atá ‘The Human Body Exhibition.’

Dar le Cheryl Mure, stiúrthóir oideachais an taispeántais, deonaíodh na coirp go dlíthiúil ó Ollscoil Dalian na Síne le linn na nócháidí. A bhuí le próiseas darbh ainm plaistiniú, bhí de chumas ag eagraithe ‘The Human Body Exhibition’ na coirp a chaomhnú ó shin. Séard atá i gceist leis an bplaistiniú ná roisín plaisteach a instealladh i gcealla na gcorp agus cuireann an próiseas seo bac ar an lobhadh.

Ach tháinig sé chun solais sa bhliain 2008 go bhfuair Ollscoil Dalian na coirp ó Bhiúró Phoilíní na Síne. Coirp anaitheanta nár éilíodh a bhí iontu siúd a tháinig, den chuid is mó, ó phríosúin éagsúla in oirthuaisceart na Síne.  Gidh nár bhris an malartú corp seo dlíthe na Síne, táthar ann den tuairim gur sáraíodh dlíthe idirnáisiúnta toisc nach bhfuil aon fhianaise bheacht ann go raibh cead riamh ag an mBiúró Phoilíní coirp na bpríosúnach a dheonadh don oideachas nó don taighde.

Is minic an chonspóid sna sála ag an taispeántas anatamaíochta seo atá tar éis timchuairt dhomhanda a chur de. Dar le roinnt tráchtairí, cuireann an taispeántas leis an easpa íogaireachta agus ómóis atá le feiceáil sa lá atá inniu i leith an bháis agus an choirp mhairbh. Dá bhrí seo, tá an Eaglais Chaitliceach glan in aghaidh an taispeántais. Is dócha gur ábhar iontais é mar sin, go bhfuil ‘The Human Body Exhibition’ le feiceáil in Éirinn ar chor ar bith, tír a bhí faoi chois na hEaglaise ar feadh na mblianta. In aineoinn an dul chun cinn seo áfach, agus gan an fhianaise thábhacht sin a luadh cheana, is ar éigean go mbeinn féin sásta cuairt a thabhairt ar an taispeántas.

Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine; dar liom, caithfear meas a bheith againn ar chearta an duine – bíodh sé/sí beo nó marbh.

Cathal Mac Dhaibhéid