Thit an dara hócáid sa tsraith imeachtaí atá á reáchtáil mar chuid den tionscadal SPARC, ‘An Ghaeilge Bheo’, amach ar an 7 Márta. Pléadh leis an teanga Ghaelach ar bhealach éagsúil an babhta seo – seachas bheith ag éisteacht le fuaimeanna binne an cheoil Ghaelaigh, díríodh ar chúrsaí polaitíochta, agus an t-ábhar ‘Ról Theachta Dála’ idir lámha ag TD Reatha Shinn Féin, Piaras Ó Dochartaigh, atá ina urlabhraí airgeadais don pháirtí úd. Bhí sé d’ádh ag foireann SPARC go raibh an t-iriseoir polaitíochta tréitheach Harry McGee ina aoichainteoir agus agallóir ar an oíche chomh maith.

Is caint fhairsing, chuimsitheach agus shuimiúil ar thug an Dochartach. B’aoibhinn ar fad canúint Thír Chonaill a chloisteáil uaidh, agus é ag cur síos ar a chúlra, a spreag é chun dul isteach i gcúrsaí polaitíochta ar an gcéad dul síos, agus a thuairimí ar raon leathan ábhar. Ba léir go raibh gaol idir é féin agus McGee ó bheith ag plé le chéile thar na blianta – tháinig an tUasal Ó Dochartaigh chuig Teach Laighean in 2007 mar Sheanadóir agus tá sé ina Theachta Dála ón mbliain 2010 i leith. Chabhraigh an cairdeas seo leis an lucht éisteachta a chur ar a chompord.

Labhair Piaras go cumasach faoi bheith san Fhreasúra, stair a Pháirtí, stair na polaitíochta in Éirinn níos ginearálta, an chúis nach mbeadh Sinn Féin toilteanach bheith mar phártaí mionlaigh i gComhrialtas, agus eile. Músclaíodh spéis sa pholaitíocht iontu siúd a bhí sa seomra agus cuireadh cuid mhaith ceisteanna ag an deireadh faoi achan rud ó Brexit go hÉirinn Aontaithe.

Ba léir go raibh an teanga beo i rith na himeachta, cé go raibh caint ar an easpa maoinithe atá á thabhairt ag an Rialtas di. Fé mar a tharla ba é Lá na Gaeilge a bhí ann i dTeach Laighean an lá céanna, ach luaigh Ó Dochartaigh go mba mhaith leis níos mó Gaeilge a bheith á léiriú ann. É sin ráite, bhí sé rídhóchasach fosta faoin todhchaí atá i ndán don teanga, ní hamháin ina cheantar Gaeltachta féin ach fud fad na tíre – ainneoin nach bhfuil sé chomh cinnte céanna faoina mbeidh i ndán dá thodhchaí fadtéarmach féin mar pholaiteoir ba chosúil.

Ach ba léir go raibh na freagraí eolacha, murab ionann agus gnáthfhreagraí polaiteoirí, ag teacht ó fhear paiseanta agus ionraic, a chreid sa rud a bhí á rá aige. Léiríodh taispeántas leabhar polaitíochta ag an imeacht agus óstáladh fáiltiú fíona tar éis na hócáide seo, a bhí faoi stiúir Oifig na nGairmeacha, urraithe ag Oifig an Chláraitheora agus eagraithe ag Bord na Gaeilge UCD, Leabharlann UCD agus mic léinn. Bígí cinnte teacht chuig an gcaint dheireanach sa tsraith ‘An Ghaeilge Bheo’ a mbeadh téama leighis léi, agus a bheidh ar siúl ar an 5 Aibreán.

________________________________________________________________

Dónal Ó Catháin Scíbhneoir Gaeilge