Tá mí caite ó 12 Márta, nuair a sheas an Taoiseach Leo Varadkar os comhair lucht na meán in Washington agus a d’fhógair go ndruidfear scoileanna, coláistí agus saoráidí cúram leanaí. Ba iad seo na chéad bearta crua iad le bheith curtha i bhfeidhm ag an Rialtas agus ba léir go raibh COVID-19 tagtha i dtír in Éirinn i gceart. Ó shin i leith tá an feachtas le coinneáil chun tosaigh ar scaipeadh an víris faoi lánseol agus an tsochaí in Éirinn agus An Bhreatain Mhór curtha faoi dhianghlasáil go malairt saoil. Seo mar atá an scéal le tuairim is coicís, agus anois is go bhfuil an chéad scaoll roimh an tsuaitheadh thobann seo dár saolta curtha dínn, féadann muid cuid den éiginnteacht a bhí ann ag tús na géarchéime seo a shoiléiriú.

Cad is Covid-19 ann?

Is galar é COVID-19 a thagann ón choróinvíreas is nuaí atá tagtha ar an fhód. Is éard is coróinvíreas ann ná víreas atá mar chuid d’aicme mhór víreas ar dual dóibh córas riospráide an choirp a ionsaí. Thángthas ar an ghalar den chéad uair sa tSín i gcathair darb ainm Wuhan um Nollaig 2019. Tá an galar thar a bheith tógálach agus níl imdhíonacht ag an chine dhaonna air go fóill. Ar 11 Márta, d’fhorógair An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte COVID-19 a bheith ina phaindéim, rud a fhágann nach mbíonn an víreas logánta, ach go scaipeann sé go héasca ó phobal go chéile.

A bhfuil ar eolas againn faoin víreas anois

Ar an eolas atá bailithe faoin víreas le himeacht cúpla seachtain is fusa é a thuiscint. Dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, níl an víreas aeriompartha: tá na braoiníní ina bhfuil sé róthrom le bheith ar foluain san aer agus titeann siad ar dhromchlaí; ar an ábhar seo atá an bhéim á leagan ar lámha a ní agus gan méar a leagan ar an aghaidh. Is mór idir na dóigheanna a dtéann an víreas i gcion ar dhuine go chéile: d’fhéadfadh duine ionfhabhtaithe a bheith aisiomptómach, slaghdán measartha a bheith acu, nó a bheith buailte le tinneas marfach. Is féidir aistear na paindéime a léiriú mar chuar ar léaráid, agus nuair a thiteann go seasmhach líon na daoine a tholgann an víreas, comharthaíonn sé sin go bhfuil a scaipeadh á chúlú. Dar le fianaise thurgnamhach, is iad tástáil, teagmháil a rianú, agus féin-leithlisiú na straitéisí is éifeachtaí chun smacht a choinneáil ar an phaindéim, agus is iad siúd iad atá á leanúint  i ndeisceart na hÉireann.

Freagairt lucht na rialtas ar an ghéarchéim 

Má táthar ina chónaí sna Sé Chontae, ní miste súil a choinneáil ar cad é atá á rá ag na trí rialtas atá i réim in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór faoi seach. De bharr go bhfuil stádas ar leith ag na Sé Chontae sa mhéid is go bhfuil siad ar aon mhórchríoch amháin le hÉirinn, agus go bhfuil siad faoi dhlínse na Ríochta Aontaithe, tá an Roinn Sláinte agus an Ghníomhaireacht Sláinte Phoiblí, mar chuid de Fheidheammas Thuaisceart Éireann, ag dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Rialtas na hÉireann agus le Sláinte Phoiblí Shasana, mar aon lena Iontaobhais Shláinte áitiúla féin. 

Cé nach raibh cur chuige gach rialtas ar aon dul lena chéile a chéaduair, is beag eatarthu mar atá an scéal faoi láthair: tá iallach ar an phobal cloí le scaradh sóisialta agus chuige seo bhí sé riachtanach áiteanna miondíola, fáilteachais agus fóillíochta poiblí, chomh maith le hionaid oideachais, a dhruidim go hoifigiúil; caithfear a bheith ag obair ón bhaile ach amháin nuair nach bhfuil sé seo indéanta; tá scéimeanna cúnaimh á seiftiú do dhaoine atá thíos leis na bearta dianghlasála éigeandála; tá ospidéil nua déanta dá leithéid d’ionaid chomhdhála sa Bhreatain, agus tá Rialtas na hÉireann ag dul i gcomhpháirtíocht shealadach le hospidéil phríobhaideacha; tá ionaid thástála charrsheirbhíse crochta in airde fud fad na háite, agus tá feachtas ar bun chun trealamh cosanta pearsanta éigeantach a sholáthair d’oibrithe sláinte. Thar aon rud eile, áfach, is ríshoiléir an teachtaireacht atá á chur chun cinn: fan sa bhaile, is fan slán. 

Ábhar machnaimh

B’údair dóchais é nuair a chuaigh na mílte iar-dhochtúir agus iar-altra, agus na mílte oibrithe bunriachtanacha i mbun dualgais ar son na tíre le gairid. Tá sé tábhachtach a choinneáil i gcuimhne go bhfuil muid, mar shochaí, ag freagairt don víreas seo mar is cuí. Bíodh gur aisteach iad cúrsaí mar atá, níl a dhath ar bith aisteach faoin chur chuige atá ar bun le dul i ngleic leis. Dar le víreolaithe, níl an coróinvíreas seo cleachta ar cad é mar é féin a iompar chun a leasa féin: maraíonn sé a iompróir, agus teastaíonn iompróir uaidh le go mairfidh sé. 

Téann na meáin anonn is anall idir figiúirí a léiríonn líon na marbh agus líon na gcásanna nua den víreas, cibé acu is gáifí ar aon lá amháin. Ní dhéanann sé seo faic seachas cur le mearbhall agus le míshuaimhneas an phobail. Bíodh a fhios againn nach é seo an chéad uair ariamh é a bhagair paindéim ar an chine dhaonna: tóg an fliú Spáinneach sa bliain 1918 mar shampla, ar tholg tuairim is 500 milliúin duine é. Is iad na sainthréithe is mó a idirdhealaíonn COVID-19 ó phaindéimeanna eile, áfach, ná a thógálaí agus a dhiansheasmhaí is atá sé. Níl sé chomh marfach lena leithéid de Ebola, a mharaigh a leath de líon na daoine ar tholg é, ach tá sé níos acmhainnaí ná mar a bhí an Ghéarshiondróm Trom Riospráide (SARS), an coróinvíreas is déireanaí a bhí ann roimh COVID-19, a bhain de 8,098 duine. Agus an t-alt seo á scríobh, tá COVID-19 ag baint de 1 563 857 duine sa domhan.

Tá vacsaín á forbairt go dícheallach faoi láthair. Cé go bhfuil an-phrainn lena leithéid in am an ghátair seo, is beag duine a thuigeann a fhaide is a thógann sé ar vacsaín a bheith réidh le dáileadh don phobal i gcoitinne de ghnáth: anuas go deich mbliana i gcásanna áirithe, nuair a chuirtear tástáil agus maoiniú san áireamh. Mar sin, tá an-deifir á cur leis an iarracht seo.  

Conclúid

Is í an cheist is mó atá i mbéal na meán faoi láthair, cheal nuacht níos suimiúla, ná cá huair a bheas maolú ar na bearta dianghlasála agus cén chuma a bheas air sin? In ainneoin an mífhoighne agus an corraíl a chuireann sé seo ar dhaoine, tá a fhios ag an tsaol mhór nach bhfuil aon dul as: is mar seo a bheas muid go malairt saoil.

 

Anna-Clare McGarvey – Iriseoir Gaeilge