Cuireann Ashling Harteveld síos go neamhbhalbh ar chleachtas an Neknomination, agus na contúirtí a ghabhann leis…

Alcól agus piarbhrú – is teaglaim phriaclach í. I gcás Jonny Byrne, 19, ó Leithhlinn an Droichid, Ceatharlach, is teaglaim mharfach a bhí inti. Dúirt an tOllamh Frank Murray ó Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn: “The loss of a young person is tragic; never more so than when it is completely avoidable.” Is ráiteas cumhachtach é sin. Ba mhór an scéal a bhás ach an rud ba thubaistí ná go raibh bás Jonny Byrne inseachanta. Nuair a bhíonn daoine ag ól, ní fheiceann siad go soiléir an baol a bhaineann le halcól. Má óltar an iomaraca, tá níos mó contúirt ann go ngortófar go dona. Ar ndóigh, téann sé faoi do shláinte, ach anuas air sin, bíonn tionchar an alcóil i gceist le:

60% gortuithe dó marfacha, bá agus dúnbhású

50% gortuithe diantráma agus ionsaithe gnéasach

40% tuairteanna marfacha mótairfheithiclí agus féinmharú

Faraor, is fachtóir príomha é an t-alcól de ghnáth sna chásanna thuas luaite.

In Éirinn, bíonn níos mó ná 80% de dhaoine fásta ag ól. Bíonn 90%  d’fhir agus 89% de mhná, san aois réimse 18-29 mbliana d’aois, ag ól. Tá an t-alcól mar chuid lárnach de chultúr agus de thurasóireacht na hÉireann. Is minic a chloisim mé daoine óga a rá “Bhí oíche den scoth agam aréir. Ní cuimhin liom rud ar bith!” Caithfidh mé a adhmháil go gcuireann a leithéid de ráiteas iontas an domhain orm. Conas is féidir leat oíche “dodhearmadta” a bheith agat agus dearmad déanta air an lá dar gcionn?

Tá an t-alcól mar phríomrogha druga i measc deagóirí sa lá atá inniu ann. Ní bhíonn daoine ag samhlú go minic gur druga é an t-alcól. Is druga é, áfach. Athraíonn sé d’iompar agus do mheon. Imíonn do chiall agus laghdaíonn do bhraistint contúirte.  Glac mar shampla an scéal maidir le Tom O’ Gorman agus Saverio Bellanta a bhí sa nuacht le deanaí. Mharaigh Beallante an tUasal O’Gorman toisc go raibh siad ag argóint faoi chluiche fichille. Duine ar bith agus é ina chiall, duine a bhfuil smacht go hiomlán aige ar a hintinn agus ar a chorp, ní mharódh sé duine eile mar gheall ar chluiche fichille.

Mar chomhairle, bí stuaime nuair a bhíonn tú ag ól. Ná ól an iomarca. Smaoinigh ar Jonny Byrne. Bhí sé i bhfad ró-óg chun bás a fháil. Agus dá theaghlach “life is virtually over”.