Teacht na hóige molta ag John Mac Conchoille

Don iris “Beo.ie” a scríobhadh an t-alt seo, purchase agus is le cead ó eagathóir an tsúimh a bhfuil sé i gcló anseo

Ar chlúdach na hirise “Nós” i mí Bhealtaine, medicine “Ceol na Coiribe” a bhí mar phríomh-scéal. “Athbheochan” a bhí ar siúl ar cheol san iarthar, store de réir dealramh. Go deimhin, athbheochan a tháinig. Ar chlúdach eagráin na míosa seo, tá an athbheochan seo ina luí ag an bpéint ildaite a bhreacann aghaidh ghásúir ó Choláiste Lurgn. Tar éis léiriú na bpáistí uilig agus an banna“Seo Linn” ar an Late Late Show, tá na míllte views faighte ag físeán Youtube ina bhfuil criú Star Trek ag breathnú ar an Late Late ón USS Enterprise; tá an athbheochan seo i bhfad níos fairsinge fós ná mar a maíodh go dtitfeadh amach.  B’fhéidir é gur ag Nós a bhí briseadh scéil, ach is cinnte gur ag an scéal atá briseadh nóis…

Agus saol na Gaeilge ag cuimhniú ar shamradh na bliana seo, is ar amhránaíocht Choláiste Lurgan a bheas daoine ag ceapadh. Ar TG Lurgan, cainéal Youtube an chólaiste samhradh in Idreabhán, casadh amhráin móra an tsamhraidh i nGaeilge. Níl ríomh ar a leithéid de rath i gceol pop na Geilge. Ó chúig cúigí na hÉireann, bhí saol na hÉireann ar fad breithe isteach ar amhránaíocht na bpáistí seo. Is léir sin ón bpoiblíocht ar fad a luígh cáil an Late Late Show. Leagtar an-béim ar chaomhnú na teanga seo, ach tá a chomh-thábhacht ag ath-nuachan na teanga. Go mbeadh an dúsacht againn in ionadh an colaidh, seachas an coladh in ionad an báis. Ag splanc na hóige atá múscailt an dúsachta seo. Idir “Wake me Up”, “Anois an tAm” agus a leithéidí, b’é seo teacht i dtír na Gaeilge ar chultúr “viral” an lae inniu. Bhí an ceart acu; an t-am a bhí ann leis an coladh a chur ina dhúsacht.

Ag breathnú siar ar ré ársa nach raibh cothú den chineál seo le feiceáil ann, is mór i gceist focla Mháirtín Uí Chadhain i “Do na Firéin”: “Ní cultúr atá uainn. TRÁCHTÁIL”.  Bhíodh cúrsaí cultúrtha ar bhealach a n-aimhleasa mar gheall ar thrachtáil agus cultúr a bheith ag teacht salach ar a chéíle. De réir ama, ámh, is iondúil le go mbíonn dris chosáin mar sin gearrtha isteach go dtí an dúid. Ní leanbh ó aréir a bhí Máirtín, luígh an ráiteas le ciall ag an am, ach tá glúin leanbh tagtha ina dhiaidh atá an cultúr le bheith casta ina thráchtáil acu. Sa ré nua seo, is ag béal na hóige atá an chaint ar thodhchaí na Gaeilge. “Diabhal fhios a’am go bhfuil deireadh mo scéal; Ach táim ar an mbealach ceart”, a casadh ar an Late Late Show. I láthair phobal na tíre, ba chosúil gur ag caint ar son na teanga atá siad.

Más amhlaidh, tá an ceart tugtha acu, níl eolas an bhealaigh seo againn féin atá á thriall. Anuas ar sin, s’é mo mheas féin gur malairt a chéile a bhíodh na treonna á nglacadh ag dá dhream a roinneann saol na Gaeilge ina dhá leath. Is le blianta anuas atá saol na Gaeilge ar deighilt, idir saol na Gaeltachta ag saol na Gálltachta. Ceaptar nach mbíonn tada ar siúl sna ceantair Gaeltachta ach bás seanchaillí is pósadh mná óige. Tá athrú tagtha anois ar an dearcadh sin de réir atá curtha i láthair ag gásúir Lurgain; tá sampla ina luí ag na páistí seo gur féidir comh-oibriú a bheith idir luachanna cultúrtha sean-aimseartha is nua-aimseartha le beocht a mhúscailt sa chultúr. Teorainn curtha ó thionchar.

Go deimhin, ag teorainn ar bith, bíonn a shárú ag an óige i gcónaí ann. Is cuma leis an óige cé gcuirfidh sí a cos! Slán ar chostas, tá acmhainn anois againn atá an cultúr casta ina thráchtáil aige, aois óg na hÉireann. Ní dúshaothrú atá ansin, ach trácht ar an luach chomh mór sin a bhaineann le hóige na tíre seo; is í seo Tír na nÓg! Ós dearfa tuismitheoirí na tíre nach mór dóibh tairbhe na Gaeltachta bhaint ar son a bpáistí, tá talamh níos sláine le bheith déanta de chúrsaí eacnamaíochta. Dearfaí go bhfuil a leithéid de thionchar ag Coláistí Samhraidh le blianta, ach don chéad uair, tá táirge á chur i láthair an tsaoil ag na Coláistí Samhraidh. Beidh a thuilleadh turasóirí ó iasacht breithe isteach ar chultúr na tíre anois, agus an cultúr sin i bhfeidhm orthu ar bhealach nua.

Tá bhur nglór cloiste, muintir Lurgain. Moladh an óige, agus tháinig sí. Deireadh ceol, cáineadh, a deirtear. Ach, ag déanamh athrá aríst ar amhránaíocht na bpáistí, chinnigh siad le dul in aghaidh; in aghaidh a bhfuil ceaptha de réir traidisiúna. Mar sin, deireadh ceoil, moladh!