Má shiúlann tú thíos Sráid Uí Chonaill, feicfidh tú siopaí ag ullmhú don séasúr nua faisin atá le teacht. Céann dos na cinn a bhfuil an méíd is mó tóir air ná Penneys, gan amharas. Is institiúid ar leith i gcultúr na hÉireann é an siopa sin.

Bhunaigh Arthur Ryan an comhlacht sa bhlian 1962, agus d’athraigh dearcadh na hÉireannaigh i leith cúrsaí éadaí go síoraí ina dhiadh. In ainneoin cás cúirteanna agus tubaistí oibre, fannann sé mar cheann dos na fiontair gnó is raithiula ar thosaigh ar an oileán seo riamh. Tá thart ar ceithre céad áitribh acu ar fud fad na hEorpa agus i Mheiriceá chomh maith, agus tá siopaí nua dá gcuid ag oscailt bliain i ndiadh blianna.

Is cúis bróid dúinn mar Éireannaigh é scéal Penneys ar mórán bealaí. Ach, más féidir perspíocht an ghnó agus an tírghrá a chur i leathtaobh, an fíor-rath é i ndáiríre? Spregtar nósanna seilbheacha leithleasacha i dtaobh nósanna faisin i measc an phobail má tharraingtear éadaí nach bhfuil caighdeán mhaith tairgeadh orthu ar phraighseanna ísle. In aineoinn an ‘greenwashing’ go léir atá ar siúil acu leis an réimse nua éadaigh a cuireadh amach anuraidh, tá sé brea soiléir gur cuma sa tsioc leo faoi na staitisctí scanrúla a fhoilsítear chuile bhliain faoin dochar a dhéantar don timpeallacht mar gheall ar an bhfaisin ghasta.

Tuairiscíodh sa bhliain 2020 go raibh méadú 40% ar tomhaltas éadaigh ar an gcéad a tháinig roimhe sa tír sin. Cuireann gach duine dúinn 11kg ón méid sin sna láthair cártála gach bliain. Tá an Aontas Eorpach ag déanamh iarracht aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb trí cur i bhfeidhm ‘An Phlean Ghníomhaíochta don Gheilleagar Chorclach’ le fóralácha speisialta ina bhfuil rialacha maidir le tairgeadh éadaigh leagtha síos iontu. Fós, is fiú trácht a dhéanamh ar an easpa feachtaisí poiblí atá ar bun acu chun aird an phobail a dhiríu ar an ábhar.

Is dócha go bhfuil grúpaí eile sásta lámh cúnta a thabhairt sa réimse sin. Tá dul chun cinn iontach déanta ag carthanaíochtaí agus daoine éagsúla ar line I dtaobh na faidhbe sin faoi láthair, le tionchairí Éireannach ar nós Keelin Moncrief agus Roz Purcell ag déanamh a ndícheall ár intinne a leathnú.

‘Éadaí SOS’ – Caoimhe Ní Cathail

Ceann dos na daoine is cumhachtaí san earnáil sin faoi láthair ná Caoimhe Ní Cathail. Is láithreoir radió ar BBC Uladh í go hiondúil, ach tá céim togtha aici I dtreo saol taobh thiar do scathlán na teilifíse lena sraith nua ‘Éadaí SOS’. Is sraith ceithre cuid é ina phioctar iomaitheoir amháin a bhfuil droch nósanna ceannaíochtaíochta i dtaobh éadaí aige. Leis sin, tugann Caoimhe agus a chomhláithreoir Proinsias faoin dúshlán meoin na ndaoine a athrú trí cluichí agus tástálacha greanmhara a dhéanamh leo. Pléann siad le hábhair dáiríre i slí ar féidir leis an lucht féachanna sult a bhaint as an gclár  agus tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar a gcuid nósanna féin chomh maith.

Beidh ‘Éadaí SOS’ ar fáil ar Seinnteoir TG4 ón 5ú Deireadh Fomhair ar aghaidh.

Doireann O’Sullivan – Eagarthóir Gaeilge