Ag an tús de mhí Mheán Fómhair seo caite, bhí orm mo mhálaí a phácáil agus dul ar eitleán go dtí an Fhrainc do mo bhliain Erasmus. Cé nach mbím i mo chónaí le mo chlann i rith na bliana i UCD, tá difríocht ollmhór idir a bheith dhá uair ar an mbus ó mo mhám agus a cuid dinnéir agus a bheith i dtír eile le teanga agus cúltúr go hiomlán éagsúl mórthimpeall orm. Bhí imní orm, ár ndóigh, ach dearfainn gan dabht gur é Erasmus an cinneadh is fearr a rinne mé riamh agus ní féidir liom é a mholadh go hard go leor. Tá gach duine idirnáisiúnta sa chás céanna, ag iarraidh cairdeas nua a dhéanamh agus cultúr nua a bhlaiseadh le chéile. Sin an baol, áfach, go meallann na daoine Erasmus thú chucu agus i bpreabadh na súl, bíonn tú ag labhairt i beagnach gach teanga eile seachas an Fhraincis, go háirithe (ar ar drochuair, ach sin an saol) an Bhéarla. I ndiaidh seachtain nó dhó bhí mé tar éis buaileadh leis na daoine Éireannacha agus idirnáisiúnta ar fad agus ag caitheamh in iomarca oícheanta sa ‘Connemara Pub’. Bhí Lá Fhéile Pádraig ar fheabhas ó thaobh gach éinne ag teacht le chéile le cúpla deoch agus neart gáire. Cónaím le Gaeilgeoir eile agus mar sin bhí mé ag labhairt Gaeilge sa bhaile agus Béarla sa phub gan mórán smaoinimh ar an Fhraincis.

Sin ráite, ní thugtar faoi dheara an feabhas atá tar éis teacht ar do chuid fraincise ar chor ar bith. Chuaigh mé abhaile ar feadh deireadh seachtaine agus bhuail mé le mo chairde Gael. Bhí mo chuid Ghaeilge go bréa don chuid is mó ach nuair a dúirt mé ‘seachtain’, ní raibh ach ‘semaine’ i mo cheann, agus tharla sé sin go minic; b’fhéidir go raibh níos mó fraincise foghlamtha agam ná mar a cheap mé. Mar is eol do chách in Éirinn, tá an Ghaeilge go hiontach úsáideach agus tú thar lear agus ag iarraidh labhairt faoi rún os comhair na Francaigh’ mar sin, bainim úsáid aisti an t-am ar fad, ar an tram, sa siopa, sa chólaiste os comhair na Francaigh. An rud is fearr, áfach, ná an tsuim atá ag daoine Francacha faoin ár dteanga agus ár gcúltúr. Is ábhar cainte iontach í an Ghaeilge leis na heachtrannaigh d’aon tír agus tugtar i gcónaí dea-thuairim uirthi, go háirithe nuair a fheictear go bhfuil muid in ann í a labhairt eadrainn go nádúrtha. Sa chóláiste, cuirtear go leor ceisteanna orainn os comhair na ranga nuair a léann na múinteoirí ár n-aimneacha Éireannacha le cuma an mhearbhaill orthu. San iomlán, tá an bhliain ar fad i bhfad níos mó bainteach leis an spraoi agus an taitneamh ná an obair agus tú ag foghlaim i gcónaí chomh maith – an bhfuil aon rud níos fearr?


Máire Ní Annracháin – Scríbhneoir Gaeilge