Má tá sé d’ádh ort an deis a bheith agat tabhairt faoi Erasmus an seimeastar, nó an bhliain acadúil seo chugainn is cinnte go mbeidh lóistín ar cheann de na príomhrudaí le socrú agat sula mbuaileann tú bóthar. Ar ndóigh, is iomaí teach lóistín mac léinn atá ar fáil i ngach mórchathair, ach táimse á rá libh gur fiú aghaidh a thabhairt ar roghanna eile chomh maith.

Nuair a dúradh liom i dtosach go raibh áit faighte agam in Ollscoil Vín san Ostair mar chuid de chlár Eramus, is beag nach dtiocfadh liom smaoineamh ar aon rud eile ar feadh cúpla lá ach é, bhí an méid sin sceitimíní áthais orm. Bhí sé ar intinn agam riamh mo thríú bliain ar an ollscoil a chaitheamh thar lear; go deimhin, dála achan mac léinn de chuid na bunchéime ‘Modern Languages’, bhí orm bliain acadúil a chaitheamh i dtír ina labhraítear ceann de na teangacha a bhfuil staidéar á dhéanamh agam air chun an bhunchéim a bhaint amach. Ó tharla gurb í an Ghearmáinis an teanga is fearr liom, luigh sé le réasún go ndíreoinn go dian ar an teanga sin de rogha ar an bhFraincis, arb í an teanga eile atá idir lámha agam í.

Le linn an tsamhraidh, agus mé ag luí isteach ar thaighde ceart a dhéanamh ar na háiteanna cónaithe éagsúla atá ar fáil sa Vín, rinne mé iarracht cuimhneamh ar an mbunsprioc a bhí curtha romham agam don seal a chaithfinn thar lear: go raibh mé ag iarraidh lántairbhe a bhaint as an taithí sainiúil seo, agus chuige sin dhéanfainn mé féin a thumadh go huile is go hiomlán i dteanga dúchais na háite. Ar ndóigh, thuig mé gurbh fhusa é sin a rá ná é a chur i gcrích, agus clú ar mhuintir na Gearmáine agus na hOstaire araon mar dhaoine a bhfuil Béarla den chéad scoth acu.

“Ainneoin na paindéime agus áiteanna poiblí a bheith dúnta, d’fhan mé nach mór naoi mí sa Vín…agus is iomaí rud a d’fhoghlaim mé nár bhain le foghlaim na Gearmáinise amháin”

Is de mhí-ádh ar an gcainteoir dúchais Béarla a bhfuil fonn air nó uirthi an Ghearmáinis a fhoghlaim san Ostair go bhfuil ardchaighdeán Béarla ag nach mór achan duine de bhunadh na háite. A thúisce is a thugann Ostarach faoi deara nach bhfuil an Ghearmáinis céad faoin gcéad ar do thoil agat, is amhlaidh is lú foighne atá aige nó aici comhrá a dhéanamh leat aisti (agus dá mba rud é go mbeadh féin, b’fhearr leo labhairt leat as Béarla!) Mar sin, chinn mé ar lóistín a aimsiú in árasán le hOstaraigh a labhródh Gearmáinis gach lá liom, agus mholfainn do gach mac léinn Erasmus atá ag iarradh tabhairt faoi fhoghlaim teanga eile déanamh amhlaidh.

Tá roinnt daoine ann a mbaintear stangadh astu nuair a deirimse leo gur shocraigh mé lóistín le duine ar comhaois le mo sheanmháthair seachas lóistín le mo chuid cairde. Is in árasán le beainín bheag bhríomhar 79 bliain d’aois darb ainm Wiltraut a d’éirigh liom lóistín a shocrú agus is i nGearmáinis amháin a labhair sí liom (cé go raibh Béarla den chéad scoth aici). Thug sin deis dom mo chuid Gearmáinise a chleachtadh gach lá. Ós rud é go raibh sé de nós ag Wiltraut nathanna cainte agus frásaí áirithe a athrá arís agus arís eile, bhí sé furasta go leor teacht isteach ar an teanga. Mhothaigh mé go bhféadfainn teacht chuici le ceist ar bith faoin teanga, bíodh sí faoin ngramadach, saibhreas nó eile, nó nuair a bhí cúnamh uaim, mar shampla, chun ríomhphost a scríobh i nGearmáinis. D’éirigh mé chomh cleachta sin ar an stíl labhartha a bhí aici go ndúirt mac léi, a thug cuairt orainn tráth, gurb ionann mo chanúint agus canúint Wiltraut!

“Is é ceann de na rudaí is deise faoi dhul ar Erasmus nach ionann aon dá thaithí!”

Agus tú i do chónaí le duine dúchasach i dtír eile, bíonn deis agat freisin dearcadh fíor-phearsanta a fháil ar chultúr agus ar nósanna difriúla na tíre sin nach bhfaighfeá de ghnáth. Ainneoin na paindéime agus áiteanna poiblí a bheith dúnta, d’fhan mé nach mór naoi mí sa Vín le Wiltraut agus is iomaí rud a d’fhoghlaim mé nár bhain le foghlaim na Gearmáinise amháin. Thaispeánadh sí oidis thraidisiúnta dom gach seachtain, mhíníodh sí dom conas bláthanna agus luibheanna áirithe a aithint sa choill, agus is iad na cuimhní is gile atá agam ó mo thaithí ar chlár Erasmus ná na hoícheanta a chaithimis i dteannta cara nó beirt de mo chuid agus muid ag imirt rogha cluichí boird.

Ar ndóigh, beidh daoine ann a cheapfaidh go bhfuil riosca ag baint le bheith ag dul isteach i dteach le duine nach bhfuil aithne mhaith agat air nó uirthi. Is fíor go mbeidh deacrachtaí ann corruair agus tú ag dul i ngleic le gnéithe áirithe den chultúr dúchais, go háirithe i dtosach. Ach nach mbíonn na rioscaí sin de dhíth chun dul chun cinn pearsanta a dhéanamh, chun taithí ar an saol a bhaint amach? Admhaím féin nach gnáth-thaithí a bhí agam ag deireadh an lae (gan trácht ar an diabhal covid, ar ndóigh!) Ach is é sin atá ar na rudaí is deise faoi dhul ar Erasmus: ní hionann aon dá thaithí!

Caroline Ní Shíochain – Erasmus dalta