Deirtear go bhfuil cumas nádúrtha ag gach duine ach go gcaitear é a nochtadh. Bíonn sé sa bhfuil againn. Titeann roinnt den chine daonna faoi anáil an chumais seo agus déanann siad é a fhorbairt agus a neartú. Do dhornán eile de dhaoine, viagra ámh, sovaldi sale fanann an talann seo suanach go deo. Ní bhíonn an paisean ná an meon acu chun an bóthar céanna a leanúint. Ní bhíonn an uaillmhian chéanna acu.
Is iomaí bealach ar féidir leis an duine rian agus marc a fhágaint ar an saol. Tá suim ag daoine áirithe i dteangacha an domhain, roinnt eile is spéis leo an ceol nó an litríocht. Tá daoine ann, ámh, a gcuirtear i mbealach an spóirt iad ó aois óg. Cothaíonn an t-atmaisféar agus an choimhlint atá chomh tábhachtach sin i gcás spórt dúil éigin iontu, nó saint éigin más maith leat.
Seo agaibh beirt laochra caide a chur a mbrionglóid i gcrích ar pháirc na himeartha. D’fhógair siad le deireanas go mbeadh na geansaithe á gcur ar leath-taobh acu tar éis thréimhse fhada a chaitheamh sna geansaithe céanna. Chruinnigh néal dubh dorcha sa spéir nuair a chualamar an scéal.
Tomás Ó Sé
Ba bhreá le do chroí Tomás Ó Sé a fheiceáil agus é ag imirt caide. Chuirfeadh sé éirí croí ort agus é ag greamú na caide go hard sna scamaill agus an fhoireann á tiomáint suas faoin ngort aige.
Bhí buanna ag Tomás nach raibh ag imreoirí eile. Bhí ealaín ann. Nuair a d’éirigh Eamonn O’Hara, an laoch caide iomráiteach úd a chaith na blianta fada ag treabhadh an ghoirt le Sligeach gan rath, as anuraidh, d’fhág sin gurbh é Tomás an t-imreoir caide is buaine sa tír.
Cailliúint, ní hamháin don chaid, ach don chultúr Gaelach freisin óir bhí Tomás dílis i gcónaí don chultúr ónar fáisceadh é.
Bhí gach scil aige. É i gcónaí tioncharach, i gcónaí ar an ionsaí agus é sách críonna. Léirigh sé ceannaireacht agus údarás nádúrtha i gcónaí. Imreoir dearcach amach is amach ab ea é.
Tommy Freeman
Tá Tommy Freeman ar dhuine de na tosaithe is fearr a d’imir do Mhuineachán riamh. Is dócha gurbh é ba thábhachtaí ó aimsir Nudie Hughes i leith. Nuair a bheadh an cluiche idir dhá cheann na meá, b’é Tommy a d’fhaigheadh an scór cinniúnach. Bhí mianach caide as an ngnáth ann. Bhí cumas agus scil thar na bearta aige. Tosaí den scoth. É aclaí agus sciliúil. Cruinnaimsitheoir scóranna ab ea é. Léargas millteanach aige freisin.Cé nach bhfuil sé fógraithe aige go hoifigiúil go fóill, glactar leis gurbh é séasúr caide na bliana imithe tharainn séasúr deireanach Tommy Freeman i ngeansaí Mhuineacháin. Ach cad é mar bhealach le críochnú. Tháinig galar na gcorraithe aniar aduaidh ar Dhún na nGall i mbliana nuair a fuair Muineachán an ceann is fearr orthu go mórthaibhseach i gCluiche Ceannais Uladh. Bhí an bonn tuillte ag Freeman agus seanfhondúirí eile Mhuineacháin.
Port na beirte seinnte. Rian fágtha acu ar an saol.