Deirtear go bhfuil cumas nádúrtha ag gach duine ach go gcaitear é a nochtadh.  Bíonn sé sa bhfuil againn.  Titeann roinnt den chine daonna faoi anáil an chumais seo agus déanann siad é a fhorbairt agus a neartú.  Do dhornán eile de dhaoine, viagra ámh, sovaldi sale fanann an talann seo suanach go deo.  Ní bhíonn an paisean ná an meon acu chun an bóthar céanna a leanúint.  Ní bhíonn an uaillmhian chéanna acu.

Is iomaí bealach ar féidir leis an duine rian agus marc a fhágaint ar an saol.  Tá suim ag daoine áirithe i dteangacha an domhain, roinnt eile is spéis leo an ceol nó an litríocht.  Tá daoine ann, ámh, a gcuirtear i mbealach an spóirt iad ó aois óg.  Cothaíonn an t-atmaisféar agus an choimhlint atá chomh tábhachtach sin i gcás spórt dúil éigin iontu, nó saint éigin más maith leat.

Seo agaibh beirt laochra caide a chur a mbrionglóid i gcrích ar pháirc na himeartha.  D’fhógair siad le deireanas go mbeadh na geansaithe á gcur ar leath-taobh acu tar éis thréimhse fhada a chaitheamh sna geansaithe céanna. Chruinnigh néal dubh dorcha sa spéir nuair a chualamar an scéal.

Tomás Ó Sé

Ba bhreá le do chroí Tomás Ó Sé a fheiceáil agus é ag imirt caide.  Chuirfeadh sé éirí croí ort agus é ag greamú na caide go hard sna scamaill agus an fhoireann á tiomáint  suas faoin ngort aige.

Bhí buanna ag Tomás nach raibh ag imreoirí eile.  Bhí ealaín ann.  Nuair a d’éirigh Eamonn O’Hara, an laoch caide iomráiteach úd a chaith na blianta fada ag treabhadh an ghoirt le Sligeach gan rath, as anuraidh, d’fhág sin gurbh é Tomás an t-imreoir caide is buaine sa tír.

Cailliúint, ní hamháin don chaid, ach don chultúr Gaelach freisin óir bhí Tomás dílis i gcónaí don chultúr ónar fáisceadh é.

Bhí gach scil aige.  É i gcónaí tioncharach, i gcónaí ar an ionsaí agus é sách críonna.  Léirigh sé ceannaireacht agus údarás nádúrtha i gcónaí.  Imreoir dearcach amach is amach ab ea é.

 

Tommy Freeman

Tá Tommy Freeman ar dhuine de na tosaithe is fearr a d’imir do Mhuineachán riamh.  Is dócha gurbh é ba thábhachtaí ó aimsir Nudie Hughes i leith.  Nuair a bheadh an cluiche idir dhá cheann na meá, b’é Tommy a d’fhaigheadh an scór cinniúnach.  Bhí mianach caide as an ngnáth ann.  Bhí cumas agus scil thar na bearta aige.  Tosaí den scoth.  É aclaí agus sciliúil.  Cruinnaimsitheoir scóranna ab ea é.  Léargas millteanach aige freisin.Cé nach bhfuil sé fógraithe aige go hoifigiúil go fóill, glactar leis gurbh é séasúr caide na bliana imithe tharainn séasúr deireanach Tommy Freeman i ngeansaí Mhuineacháin.  Ach cad é mar bhealach le críochnú.  Tháinig galar na gcorraithe aniar aduaidh ar Dhún na nGall i mbliana nuair a fuair Muineachán an ceann is fearr orthu go mórthaibhseach i gCluiche Ceannais Uladh.  Bhí an bonn tuillte ag Freeman agus seanfhondúirí eile Mhuineacháin.

 

Port na beirte seinnte.  Rian fágtha acu ar an saol.