Rugadh Tom Waits, recipe dar leis, sickness i gcúl tacsaí i gCalifornia sa bhliain 1949. Deir sé gur tháinig sé amach, bearradh de dhíth air, is dúirt leis an tiománaí é a thabhairt go Times Square. Dóibh siúd a bhfuil cur amach acu ar phearsantacht éalárnach Waits ní bheadh ionadh orthu sin a chloisteáil; roinnt acu chreidfidís é!

Turas fada atá taobh thiar d’fhear an ghuta ghairbhéil, ní thar oíche a tháinig sé chun cinn. D’fhás sé aníos i gCalifornia ag éisteacht le Bing Crosby, Louis Armstrong agus Charles Bukowski. D’fhoghlaim sé seinm an phianó leis féin agus thosaigh sé ag canadh is ag scríobh ceoil agus é fós ina dhéagóir. Tá sé ráite ag Waits an iliomad uair, go ndeachaigh filí agus scríbhneoirí na Beats, Jack Kerouac ach go háirithe, go mór i bhfeidhm air, is go raibh tionchar mór acu air agus ar a chuid ceoil. Is spéisiúil go raibh Kerouac agus a chomhghleacaithe mar ionspráid ag ár bhfilí féin, Michael Davitt agus lucht na hirise Innti sna 70aí chomh maith. Shínigh Waits lena chéad lipéad ceoil ag aois 21, agus le Asylum Records ansin ag aois 22. D’éirigh leis a chéad cheirnín, Closing Time, a eisiúnt an bhliain dar gcionn. Cé nár éirigh thar na beartha leis an iarracht seo rinne cúpla ceoltóir níos cáilúla clúdaigh ar roinnt amhráin air.

Ó shin tá os cionn 23 albaim eisithe ag Waits. Tá dhá dhuais Grammy buaite aige do na halbaim Bone Machine agus Mule Variations. D’ainmníodh é do Dhuais an Acadaimh sa bhliain 1982 mar aitheantas ar a chuid oibre ar fhuaimrian an scannáin One from the Heart, agus ar bharr sin uilig, bhain sé áit in Halla na Laoch amach sa bhliain 2011.

Is deacair cur síos beacht a dhéanamh ar cheol Tom Waits. Tá guth sainiúil, spéisiúil aige a thugann dúshlán don éisteoir; ‘blas sealbhaithe’ is ea é, d’fhéadfá a rá. Is minic dó uirlisí éagsúla, neamhghnácha a úsáid. I measc na n-úirlisí atá úsáidte ag Waits thar na blianta tá an phíb mhór, an mhairimbe, an basún, agus an feagorgán. Is minic dó cnaguirlisí glóracha, cumhachtacha a úsáid chomh maith. An bealach is fearr chun aithne a chur ar Waits ná triail a bhaint as. Tá an t-uafás bailéad scríofa aige; cuardaigh Martha, Jersey Girl, Hold On, Closing Time. Má theastaíonn uait blaiseadh den aisteachas agus den éalárnacht a fháil cuardaigh Singapore, What’s He Building, nó a cheann nua Hell Broke Luce.

Inseoidh aon duine de lucht leanúna Waits gur duine an-suimiúil é, chomh maith le bheith ina shár-cheoltóir. Is éasca sin a thuiscint nuair a fhéachtar ar aon agallamh leis. Is iomaí agallamh spéisiúil atá déanta aige le Letterman thar na blianta ach tá agallamh amháin a sheasann amach do gach éinne. Chuir an láithreoir teilifíse Astrálach, Don Lane, Waits faoi agallamh sa bhliain 1979 agus deirtear gurb ón agallamh seo a bhfuair Heath Ledger a ionspráid dá ról sa scannán The Dark Knight. Bhuaigh Ledger Duais an Acadaimh agus Duais Golden Globe don léiriú seo, ceann de léirithe móra scannáin ár linne. Is deacair na cosúlachtaí idir Joker Heath Ledger agus Waits a shéanadh san agallamh seo. Is féidir an Joker a fheiceáil go soiléir in iompar aisteach agus i gcaint Waits ann. Muna gcreideann tú mé, cuardaigh an t-agallamh ar Youtube!

Cad atá i ndán do Waits amach anseo mar sin? D’eisigh sé albam nua cúpla mí ó shin dar teideal Bad As Me. Albam é seo atá níos polaitiúla ná an chuid is mó dá albaim go dtí seo, a bhfuil clár frithchogaíochta an cheoltóra le cloisteáil go soiléir air. Táthar ag súil go mbeidh Waits ar ais ar an mbóthar go luath chomh maith, n’fheadar an mbeidh Éire mar cheann scribe aige. Le cúnamh Dé beidh sé anseo agus molaim go mór duit ticéad a cheannach agus tumadh isteach i ndomhain aisteach, draíochtúil, áiféiseach, dorcha an fhir seo.