Tá feachtas teanga ar bun ag an gCumann Gaelach leis an nGaeilge a spreagadh ar champas UCD. Dhírigh siad ar léachtóirí sna scoileanna ar fad san ollscoil agus chuaigh siad i dteagmháil leo trí ríomhphost ag míniú aidhm an fheachtais. An rud a bhí uathu ná go mbainfeadh níos mó léachtóirí as cúpla focal Gaeilge agus léacht nó rang ar siúl. Mar sin, chuir siad pdf chuig na léachtóirí le frásaí úsáideacha le húsáid,ar nós ‘Dia dhaoibh’, ‘Go raibh maith agaibh’ agus ‘feicfidh mé sibh an tseachtain seo chugainn’. Tugadh aistriúchán Béarla ar na frásaí chomh maith le conas an focal a rá de réir na foghraíochta agus mar sin ní bheadh deacracht ag aon léachtóir, píosa Gaeilge a úsáid sa seomra ranga nó sa léachtlann.

Sheol an Cumann an feachtas go oifigiúil ar an 5ú Márta sa Seomra Caidrimh in Áras Newman. Thaispeáin siad cárta na nathanna do chách agus mhínigh siad go raibh siad ag iarraidh an Ghaeilge a normalú ar champas agus go mbeadh sí le cloisteáil níos minice. Bhí 

Aodán Ó Dea ann ó Chonradh na Gaeilge agus labhair sé faoi rud amháin a dhéanann sé féin le cur leis an nGaeilge sa tsochaí. Chuir sé cosc air féin an focal ‘thanks’ a úsáid agus ina áit, deir sé go raibh maith agat le daoine sa phobal, le fear an bhus agus aon uair eile gur féidir. Bhí taoschnónna ann agus slua breá le foghlaim faoin bhfeachtas. 

Is smaoineamh simplí ach éifeacht é an feachtas. Tá na hacmhainní ag na léachtóirí mar sin ní gá aon rud sa bhreis a dhéanamh agus tugadh nathanna laethúla, praiticiúla dóibh ar féidir iad a chur i bhfeidhm i suíomh foghlama go nádúrtha. An toradh a bhaineann leis seo ná normalú ar theanga na Gaeilge, atá mar theanga oifigiúil na tíre. Bheadh Gaeilge shimplí in úsáid agus le cloisteáil mar theanga fheidhmiúil. D’fhéadfadh sé a bheith mar ábhar cainte chomh maith, le cás na Gaeilge a phlé agus a cheistiú cén fáth nach bhfuil an Ghaeilge i gcónaí le feiceáil sa saol laethúil agus conas go bhféadfadh sí a bheith níos feiceálaí. 

Bhain freagraí dearfacha le seoladh an fheachtais agus leis an ríomhphost den mhórchuid agus bhí léachtóirí go ginearálta an-sásta tacú leis an bhfeachtas. Ar an drochuair, tháinig freagra diúltach eisceachtúil ar ais ó léachtóir a dúirt ‘A chara, I do not support the use of minority languages in the academy, and will not be supporting this campaign. Accordingly, please remove me from your mailing list. Le meas, ______ (ainm bainte amach).’ 

gaeilge

Is cinnte nach gá do léachtóir páirt a ghlacadh nó suim a léiriú san fheachtas ach ní féidir a shéanadh gurb í an Ghaeilge teanga oifigiúil na tíre seo. Bhí sé spéisiúil gur bhain siad úsáid as Gaeilge le tús agus deireadh an ríomhphoist a scríobh. Ar an dea-uair, b’eisceacht é an freagra agus bhí go leor léachtóirí eile ag tnúth le níos mó Gaeilge a úsáid agus iad i mbun teagaisc. De ghnáth baineann imeachtaí agus gníomhaíochtaí na gCumann le mic léinn ach tá ag feachtas seo ag tabhairt cuireadh do léachtóirí a bheith gníomhach ann agus leo agus ní tharlaíonn seo go minic.

Mar is eol dúinn, tá deireadh le ranganna agus léachtaí fisiciúla an seimeastar seo ar champas UCD mar gheall ar an gcoróinvíreas a bheith ag scaipeadh go domhanda. Mar sin, ar an drochuair, ní bheidh tionchar an fheachtais le feiceáil láithreach. 

É sin ráite, beidh an cárta leis na frásaí fós ag na léachtóirí nuair a thosaíonn léachtaí agus ranganna arís. Is féidir leis an gCumann ríomhphost gairid a sheoladh amach nuair a tharlaíonn sin chun an feachtas a chur i gcuimhne dóibh arís.  Ní obair in aisce atá ann in aon chor agus feictear é seo ón bhfreagra dearfach den chuid is mó a bhain leis an bhfeachtas teanga. Beidh léachtóirí le Gaeilge, le cúpla focal agus gan aon Ghaeilge in ann an Ghaeilge a chur chun cinn nuair a fhilleann an ollscoil arís.

Ní bheidh sé deacair an feachtas a atosú agus a athsheoladh an bhliain seo chugainn nó nuair is féidir. Mar a deir an seanfhocal, tús maith, agus go deimhin tús iontach sa chás seo, leath na hoibre. 

 

Cecily Nic Cionnaith – Eagarthóir Gaeilge